Taighde ag Leibheál na Scoile | Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Scoil ildisciplíneach is ea Fiontar & Scoil na Gaeilge atá aitheanta go hidirnáisiúnta ar chaighdeán an taighde atá ar bun ag an bhfoireann acadúil agus ag foireann na dtionscadal digiteach. Tá iliomad foilseachán ag an Scoil i nGaeilge, i mBéarla, agus i dteangacha eile, ar líne agus i gcló, in irisí piarmheasúnaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus tá mórán leabhar scríofa agus curtha in eagar ag foireann na Scoile chomh maith. De bhreis air sin, tá naisc idirnáisiúnta ag Fiontar & Scoil na Gaeilge le hollscoileanna ar fud an domhain.
An Léann Digiteach sna Daonnachtaí
Tá an Scoil tiomanta do naisc a chruthú idir an Ghaeilge agus sochaí chomhaimseartha na hÉireann, go háirithe trí theicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt a chuireann réimse luachmhar acmhainní ar fáil don phobal, acmhainní ar féidir teacht orthu ag am ar bith in áit ar bith: e.g. logainmneacha, beathaisnéisí, téarmeolaíocht, béaloideas, téarmeolaíocht na Gaeilge le haghaidh an Aontais Eorpaigh agus acmhainní foghlama teanga. Tá meitheal léachtóirí agus taighdeoirí (Gaois) ag obair ar na tionscadail éagsúla sin mar chuid de mhisean taighde na Scoile.
Agus leas á bhaint acu as teicneolaíochtaí nua, tá foireann Fiontar & Scoil na Gaeilge i mbun traidisiúin luachmhara éagsúla na Gaeilge a chaomhnú chun gur féidir an t-ábhar sin a chur ar fáil do phobal an domhain. De bhrí go bhfuil suas le 100 milliún duine i measc an diaspóra Éireannaigh, tá sé tábhachtach teacht i dtír ar theicneolaíochtaí nua chun cur ar a gcumas siúd eolas a fháil ar an oidhreacht luachmhar seo i gcomhthéacs na staire agus an tsaoil chomhaimseartha.
Deiseanna do Mhic Léinn Taighde
Fáiltíonn Fiontar & Scoil na Gaeilge roimh iarratais ó chéimithe ar mhian leo taighde a dhéanamh in aon cheann de na réimsí seo a leanas: an gnó agus an bhainistíocht, an t-oideachas fiontraíochta, an fhiontraíocht shóisialta, an t-airgeadas, Teicneolaíocht na Faisnéise, teicneolaíochtaí teanga, polasaí agus pleanáil teanga, na daonnachtaí digiteacha, an teangeolaíocht fheidhmeach agus an tsochtheangeolaíocht, an t-aistriúchán agus réimsí éagsúla den chritic liteartha is de shaíocht na Gaeilge ón nualitríocht is deireanaí go dtí an ealaín bhéil agus an luath-litríocht.
Téann mic léinn i mbun dianstaidéir mar chuid d’iarchéim taighde i ndisciplín a bhfuil bunús maith acadúil acu cheana féin ann.
Trí mheán an staidéir iarchéime, foghlaimeoidh siad scileanna taighde atá riachtanach maidir le tionscadal a phleanáil, a réiteach agus a chur i gcrích, scileanna a sheasfaidh dóibh ina dhiaidh sin in aon earnáil ghairmiúil ina mbeidh siad.
Níor cheart iarratas a chur ar aghaidh chuig an Ollscoil mura bhfuil ball foirne sa Scoil sásta tacú leis. Ní féidir leis an Scoil ná an Ollscoil glacadh le haon iarratas mura bhfuil an méid sin socraithe roimh ré. Sular féidir iarratas ar bith a dhréachtú, dá bhrí sin, ba chóir a chinntiú go bhfuil ball foirne amháin (ar a laghad) sa Scoil a bhfuil an saineolas aige/aici sa réimse a bhfuil spéis ag an iarratasóir féin ann.
Is féidir tuilleadh eolais faoi réimsí sainspéise na foirne acadúla a fháil trí bhreathnú ar na leathanaigh foirne ar shuíomh na Scoile mar aon leis na foilseacháin rochtain-oscailte is déanaí. Déantar iarratais a phróiseáil de réir mar a thagann siad isteach, de ghnáth.
Is féidir le hiarratasóirí a maoiniú féin a aimsiú nó iarracht a dhéanamh teacht ar mhaoiniú trí scéimeanna a fhógraíonn eagrais eile ó thráth go chéile (e.g. An Chomhairle um Thaighde in Éirinn, Acadamh Ríoga na hÉireann agus Ollscoil Náisiúnta na hÉireann). Fógraítear scoláireachtaí na Scoile/ na Dáimhe go hoscailte ar na meáin shóisialta nuair a bhíonn a leithéid ar fáil.
Is féidir fiosrúchán tosaigh ginearálta faoi staidéar iarchéime a dhéanamh le:
Sally Mhic Dhomhnaill
Oifig na Scoile
Fiontar & Scoil na Gaeilge
+353 1 700 5614
sally.mhicdhomhnaill@dcu.ie
An Dr Pádraig Ó Liatháin
Tionólaí Taighde
Fiontar & Scoil na Gaeilge
+353 1 700 6092
padraig.oliathain@dcu.ie
Agus tú i mbun moladh taighde a réiteach, ba cheart duit féachaint ar na treoirlínte a bhaineann le moladh taighde a dhréachtú agus a chinntiú go ndéanann tú na nithe seo a leanas:
- An bhuncheist taighde agat a leagan amach go soiléir.
- Do chuid eolais ar an litríocht ábhartha a bhaineann leis an gceist taighde a léiriú. Ba chóir duit bheith ar an eolas faoi thaighde atá á fhoilsiú sa réimse sin sna hirisí acadúla agus i bhfoinsí cuí eile.
- An bhuncheist taighde a lonnú sa litríocht taighde chuí.
- An chaoi a gcuirfidh do chuid taighde leis an eolas a bhaineann leis an réimse sin cheana féin a leagan amach.
- An mhodheolaíocht is feiliúnaí a roghnú don staidéar atá beartaithe agat.
Is iondúil go gcuirtear agallamh ar iarratasóirí a bhfuil tacaíocht acu ó bhall foirne. Sa chás go n-éiríonn le hiarratsóir san agallamh, iarrtar air/uirthi iarratas foirmeálta a chur chuig DCU. Tabhair faoi deara nach bpléifear le hiarratais a chuirtear ar aghaidh mura bhfuil tacaíocht na Scoile acu roimh ré.
- Ginearálta: féach ar an suíomh atá ag an Oifig Staidéir Iarchéime.
- Iarratais: léigh na nósanna imeachta maidir le hiarratais ag an Oifig Staidéar Iarchéime.
- Mic léinn Idirnáisiúnta: tá eolas ag an Oifig Idirnáisiúnta faoi staidéar a dhéanamh in Éirinn, e.g. conas iarratas a dhéanamh, táillí, agus an saol in DCU agus i mBaile Átha Cliath.
Mic Léinn Reatha PhD
Kate Murphy
Is éard atá i gceist leis an taighde seo ná staidéar a dhéanamh ar na mionlogainmneacha teorann i gContae Loch Garman trí chorpas mionlogainmneacha a chruthú. Bainfear úsáid as an Civil Survey 1654-56 chun na mionlogainmneacha teorann a bhailiú. Beidh mionanailís le déanamh ar an gcorpas sin agus an t-ábhar a bhaileofar a chur i gcomparáid le mionlogainmneacha teorann as contaetha eile. Tabharfaidh an taighde níos mó eolais dúinn ar na cineálacha logainmneacha atá lonnaithe ar theorainneacha ársa éagsúla i gContae Loch Garman trí anailís a dhéanamh trí lionsa na staire, na tíreolaíochta agus na teangeolaíochta.
Craig Moran
Is ar an teannas teangeolaíoch i dTuaisceart na hÉireann atá taighde Craig dírithe agus fiosróidh sé na dearcthaí éagsúla i leith na Gaeilge agus na hUltaise ar fud Chúige Uladh. Tá se mar aidhm aige a léiriú gur féidir leis an oidhreacht theangeolaíoch agus an cultúr comhchoiteann an dá phríomhphobal sa Tuaisceart a thabhairt le chéile seachas a bheith mar fhoinse deighilte eatarthu.
Éilis Neary
Tá Éilis i mbun taighde ar scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge agus an earnáil litríochta mórthimpeall orthu. Tá scór scríbhneoir ó chúlraí teanga éagsúla páirteach sa taighde seo atá fréamhaithe i dteoiric an bheartais teanga. Déantar scagadh ar idé-eolaíochtaí teanga na scríbhneoirí agus ar chleachtais teanga ina gcuid saothar. Ina dhiaidh sin, dírítear ar an mbainistíocht a dhéanann gníomhairí éagsúla san earnáil ar na hidé-eolaíochtaí agus na cleachtais sin (eagraíochtaí stáit, foilsitheoirí, na meáin agus araile).
Aoife Ní Laoire
Is ar na hamhráin Ghaeilge bailithe, ó iarthuaisceart Thír Chonaill, atá ar fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann atá taighde Aoife dírithe. Is í príomhaidhm an taighde seo ná chun cartlannú agus anailís a dhéanamh ar na hamhráin agus an t-eolas sin a chur i mbeartán ionas gur féidir é a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal.
Pól Ó Sniadhaigh
Is i réimse na teangeolaíochta feidhmí a bhfuil taighde Phóil suite. Sa saothar taighde seo, dírítear ar fhoghlaim na Gaeilge sa mheánscoil. Is é teideal an tráchtais ná: “Dearcthaí teanga agus taithí foghlama daltaí de chúlra imirceach agus daltaí gan cúlra imirceach ag foghlaim na Gaeilge sa mheánscoil.
Nóra Ní Mhurchú
Baineann taighde Nóra le scríbhneoireacht chruthaitheach na mban san fhichiú haois. Déanfaidh an taighde seo anailís ar shaothair na mban agus tá sé mar sprioc ag Nóra aitheantas agus ómós a léiriú i leith shaothar na mban agus an tábhacht a bhaineann leis chun na Gaeilge a chur chun cinn.
Mohamed Yazjeen
Mohamed is currently undertaking a PhD in the area of translation and culture. His research Involes the translation of The Star Factory by Ciaran Carson as a representative work of Northern Irish literature, with a particular focus on the translation of culture-specific items. The study aims to introduce aspects of Northern Irish cultural identity to an Arabic-speaking audience through a culturally informed translation approach.
Adam Lynch
Adam's research is focused on SME Business supports and sits at the intersection of entrepreneurial finance and public policy, focusing on how Irish SME support schemes shape firms’ access to funding.
The thesis examines specific SME targeted supports and analyses the types of businesses these programmes attract and sustain. In addition to analysing the effects of business supports another central theme is the investigating whether receiving support signals firm quality and reduces information gaps for investors and lenders.
By analysing links between scheme participation and outcomes like capital raised, growth, and job creation, the research evaluates what works and for whom.
The findings aim to improve the design and targeting of SME supports, while helping entrepreneurs choose finance pathways that strengthen their prospects to survive, and scale.
Neasa Conroy
Is ar na mná a bhailigh béaloideas i gContae Mhaigh Eo ar son Choimisiún Béaloideasa Éireann, agus ar an ábhar a bhailigh siad, atá taighde Neasa dírithe. Déanfar iniúchadh ar an gcomhfhreagras idir an Coimisiún agus na mná úd chun léargas a fháil ar an eispéireas a bhí acu mar bhanbhailitheoirí béaloidis. Lena chois sin, scrúdófar an t‑ábhar a bhailigh siad agus déanfar é a innéacsú agus a thras-scríobh le corpas digitithe a chur ar fáil chun críocha taighde eile amach anseo.