Comhdhálacha agus Foilseacháin

Foilseacháin

An tOllamh Ciarán Mac Murchaidhcruinnscriobh na gaeilgeCruinnscríobh na Gaeilge: https://www.coislife.ie/product/cruinnscriobh/

 

An Dr. Conchúr Mag Eachain tearmaiocht ghaeilge na hathbheochanaTéarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana: https://www.coislife.ie/leabhar-nua-tearmaiocht-ghaeilge-na-hathbheochana/

An tOllamh Máirín Nic Eoin tren bhfearann breac gaolta gairide o theagasc teanga https://www.coislife.ie/udair/mairin-nic-eoin/

Réaltán Ní Leannáin citi na gcartaiCiti na gCártaí: https://www.coislife.ie/product/josefina/?lang=en

An Dr Pádraig Ó Liathain eachtra ghiolla an amarain Eachtra Ghiolla an Amaráin: https://www.cic.ie/books/published-books/eachtra-ghiolla-an-amarain

An Dr Ciarán Mac an Bhaird Resourcing Small and Medium Sized Enterprises Resourcing Small and Medium Sized Enterprises: https://www.springer.com/gp/book/9783790823981

 

Comhdhálacha

Ceardlann Logainm 2024

 

SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) 2016

Is é Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a rinne óstáil ar cheardlann réamhchomhdhála SNSBI 'Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt' i mí Aibreáin 2016. Seoladh uirlis nua sluafhoinsithe forbartha ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, Meitheal logainm.ie, mar chuid den cheardlann.

CLTW (Celtic Language Technology Workshop) 2014

Is baill foirne in Fiontar & Scoil na Gaeilge a d’eagraigh an chéad Celtic Language Technology Workshop i gcomhar leis an NCLT (National Centre for Language Technology) agus Scoil na Ríomhaireachta in DCU i mí Lúnasa 2014. Rinne saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta plé ar 12 sainábhar sa réimse. Is iad COLING, the Annual International Conference on Computational Linguistics, a rinne an cheardlann a óstáil.

BISA (British and Irish Sound Archives) 2014

Rinne Fiontar comhdháil bhliantúil British and Irish Sound Archives Association a óstáil in DCU i mí na Bealtaine 2014. Anuas ar shaineolaithe agus thaigdeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a thabhairt le chéile, thug an chomhdháil deis d’fhoireann Fiontar taispeántas a chur ar fáil do lucht éisteachta fairsing faoin taighde atá ar siúl sa Scoil i réimse na ndaonnachtaí digiteacha.

Comhghuaillíochtaí Idirnáisiúnta

Tá Fiontar & Scoil na Gaeilge freagrach as téarmaí Gaeilge a bhainistiú ar shuíomh téarmaíochta an Aontais Eorpaigh, IATE; agus as an soláthar Gaeilge sa tionscadal Eorpach SpeakApps.