Cúnamh le Táillí

Bunchéimeanna

Cúnamh táillí de luach €1,000 ar fáil ar an BA Gnó agus Gaeilge (DC118). Bronnfar an cúnamh táillí ar an mac léinn a fhaigheann an marc is airde sa Ghaeilge san Ardteist ar an BA Gnó agus Gaeilge.

Iarchéimeanna

Tá cúnamh táillí ar fáil do mhic léinn a chláraíonn ar an cúrsa MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach le Fiontar & Scoil na Gaeilge DCU.

Bronnfar an cúnamh táillí ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den chúrsa. Fágann seo go gclúdoidh an cúnamh táillí mórchuid de na táillí iomlána don dara bhliain.

Clár máistreachta páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa chúrsa ar a bhfreastalaíonn mic léinn ar champas DCU ar 6 Shatharn in aghaidh an tseimeastair óna 10-4 a chloig, rud a thugann deis do dhaoine nach bhfuil ina gcónaí i mBaile Átha Cliath tabhairt faoin gcúrsa. Gné tharraingteach den chúrsa ná go bhfuil an mheasúnacht ar fad bunaithe ar obair scríofa a dhéanann na mic léinn i rith na bliana. Dírítear an clár ar chéimithe atá ag iarraidh postanna bainistíochta agus forbartha sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an t-oideachas san áireamh. Tá céimithe an chúrsa ag obair i gcomhlachtaí príobháideacha, san earnáil phoiblí, agus in eagrais dheonacha a bhaineann leis na nGaeilge. Tá céimithe eile ag obair mar mhúinteoirí nó mar phríomhoidí i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna na tíre.

Cúnamh táillí eile DCU ar fáil: https://www.dcu.ie/graduatestudies/scholarships-opportunities.shtml

Is féidir d'iarratas a phróiseáil ar líne ag www.pac.ie agus tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa ar fáil ón Rúnaí Scoile, (01) 700 5614, fiontaragusscoilnagaeilge@dcu.ie