Fáthanna le teacht chuig Fiontar agus Scoil na Gaeilge

Ghriangraif Fiontar

"Ceannródaíoch!"
"Forbairt ghairmiúil!"
"Úsáideach & spreagúil!"
"Scileanna nua in ábhair shuimiúla!"
"Saineolas dúchasach agus idirnáisiúnta!"

- Mic Léinn ag labhairt faoi Céimeanna Fiontar & Scoil na Gaeilge

Aithníonn mic léinn Fiontar agus Scoil na Gaeilge (FSG) go ndearna siad an rogha cheart teacht chuig FSG, scoil ina bhfuil atmaisféar cairdiúil spreagúil, agus gaol maith idir an fhoireann agus na mic léinn. I bhfocail na mac léinn féin, tá na cúrsaí nuálaíoch agus uathúil, i réimse leathan ábhar. Bíonn deis ag mic léinn obair phraiticiúil a dhéanamh, go minic le heagrais sheachtracha mar chuid de mhodúl nó mar chuid den taithí oibre fhoirmeálta INTRA. Bíonn an deis ann seal a chaitheamh sa Ghaeltacht, nó thar lear. Trí theagasc den scoth agus trí obair i ngrúpaí, cothaítear scileanna cumarsáide agus muinín gach mic léinn. Bíonn deis ag mic léinn na teicneolaíochtaí cumarsáide agus faisnéise is déanaí a úsáid le linn na gcúrsaí. Toisc go bhfuil dea-cháil ar chéimithe Fiontar agus Scoil na Gaeilge i measc fostóirí, go háirithe in earnáil na Gaeilge, bíonn siad chun tosaigh agus poist á lorg acu.

Toisc go bhfeidhmíonn an scoil go hiomlán trí mheán na Gaeilge, agus toisc go bhfuil áiseanna teanga den scoth ar fáil sna ríomhlanna, téann mic léinn i dtaithí ar an téarmaíocht agus ar a bheith ag obair trí Ghaeilge gan mórán dua. Le breis agus 15 bliain de thaithí i dteagasc trí mheán na Gaeilge, is é Fiontar agus Scoil na Gaeilge an áit is fearr leis an teanga a nascadh le saol an lae inniu. Cuirtear fáilte ar leith roimh gach mac léinn, lánaimseartha agus páirtaimseartha, chuig pobal Fiontar agus Scoil na Gaeilge. Tagann céimithe na gcúrsaí ar ais go rialta lena saineolas agus a dtaithí a roinnt le mic léinn mar aoiléachtóirí, nó mar chuid den fhoireann lánaimseartha teagaisc agus taighde.

Faigheann mic léinn taighde deis den scoth a bheith ag obair ar thograí trasdisciplíneacha nuálaíocha a bhfuil cáil dhomhanda á baint amach acu, go háirithe sna daonnachtaí digiteacha.