This photo shows two female students sitting and talking to each other
DC118

Gnó agus Gaeilge

Course Details

CAO Code:
DC118
Course Type:
Undergraduate
NFQ Level:
8 - Please see www.qqi.ie for further information
Placement:
Yes
Delivery Mode:
Full-time
Minimum Points
387
Duration
3 or 4 Years
Phone:
+353 (0) 1
700 5614

Overview

Overview Icon

Má tá grá agat don Ghaeilge agus suim agat sa ghnó, i dteicneolaíocht na faisnéise agus san fhiontraíocht, seo an bhunchéim duitse. 

Níl aon chéim eile in Éirinn ar a múintear cúrsaí chomh sainiúil seo sa ghnó, sa bhainistíocht agus i dteicneolaíocht na faisnéise trí mheán na Gaeilge. 

Tá nasc idir an clár seo agus fostóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a thugann tús áite do chéimithe a bhfuil sárscileanna gnó agus TF acu agus ar ceannairí nuálacha iad. 

Beidh deis agat bliain a chaitheamh ar chlár INTRA agus taithí a fháil sa láthair oibre, nó dul ar aghaidh go dtí an bhliain dheireanach. 

Gheobhaidh tú oideachas leathan acadúil agus praiticiúil atá in oiriúint don saol comhaimseartha gnó. 

Cuirfidh Fiontar & Scoil na Gaeilge timpeallacht foghlama spreagúil chomhaimseartha ar fáil duit agus forbróidh tú an cumas ceannaireachta atá ionat. 

Riachtanais Bhreise
Anuas ar ghnáthriachtanais iontrála na hOllscoile, caithfidh tú Grád O1 Gnáthleibhéal nó H4 Ardleibhéal a bheith agat sa Ghaeilge. 

DCU People

Profile Picture of Aoife McDonagh
Aoife McDonagh
Student

I chose this course for a couple of reasons. When I finished my leaving cert, I didn’t really know what I wanted to do. As a result I ended up limiting myself through my choices on the CAO.


Read more about Aoife McDonagh
Profile picture of Padraig Ó Catháin
Padraig Ó Catháin
Staff

Padraig Ó Catháin is ainm dom, léachtóir de chuid Fiontar & Scoil na Gaeilge, agus cathaoirleach i mbliana ar an gcúrsa Gnó agus Gaeilge.


Read more about Padraig Ó Catháin

Careers & Further Options

Careers Icon

Careers

In earnáil an ghnó tá gá le daoine cruthaitheacha spleodracha. Bíonn fostóirí ag lorg daoine a bhfuil ardchumas sa ghnó agus scileanna i dteicneolaíocht na faisnéise acu. Níl ansin ach leath an scéil, áfach. Bíonn géarghá acu freisin le daoine atá in ann féachaint ar rudaí ar bhealach nua, daoine atá in ann cumas bainistíochta agus tréithe ceannaireachta a léiriú. Chun freastal ar na riachtanais seo tá struchtúr ar leith ar an gclár. 

Déantar gnó iomlán an chúrsa trí mheán na Gaeilge. Níl clár acadúil ar bith inchurtha leis seo a chuireann clár oibre ar ardchaighdeán ar fáil i gcúrsaí gnó agus bainistíochta, agus i dteicneolaíocht na faisnéise don ghnó agus é trí mheán na Gaeilge. 

Déantar staidéar ar an nGaeilge ar bhealach nuálach praiticiúil. Tacaíonn fostóirí go tréan leis an gcur chuige seo agus tá nasc cruthaithe ag an gclár le comhlachtaí agus le heagrais mhóra náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cinntíonn an nasc seo go mbeidh buntáiste ar leith agat agus tú ag tosú ar shaol na hoibre.

Sna Réimsí Seo / Related Industry 

  • an Earnáil Phoiblí / Public Sector
  • an Earnáil Phríobháideach / Private Sector 
  • Earnáil an Chultúir / Cultural Sector
  • Teicneolaíocht na Faisnéise / IT
An Fhiontraíocht / Entrepreneur
Dearadh Bogearraí Gnó / Business Software Design
Meáin Chumarsáide na Gaeilge Seirbhísí Aistriúcháin / Irish Language Media and Translation Services
Na hEalaíona agus an Oidhreacht / Arts and Heritage
an tOideachas / Education
Taighde / Research

DCU graduates are highly sought after by employers. Our Graduates work in environments ranging from large multinationals to SMEs, family businesses and start-ups across every sector.

DCU Careers Service has a number of learning and development initiatives in place for our students, giving them the skills they need for a successful career path.

Go to our Careers site to find out more about career planning, our mentorship programme, skills development and online resources for students when working on CVs and making applications.

Entry Requirements

Entry Requirements Icon

In addition to the general entry requirements for admission to the university the following entry requirements apply

Minimum of O1 or H4 in Irish

In addition to the general entry requirements for admission to the university the following entry requirements apply

GCE A Level C or GCE AS Level B or GCSE A in Irish

Please visit our Admissions webpage for details on course requirements or how to apply to DCU.

Please visit our QQI FET webpage for details on DCU courses, open days, campus tours or school visits.

To apply to DCU, please visit www.cao.ie.

Applications are welcomed from students who have studied at Level 6, Level 7 and Level 8 in relevant areas. Transfer students may be exempt from certain modules.

International candidates are expected to have educational qualifications of a standard equivalent to those outlined above. In addition, where such candidates are non-native speakers of the English language they must satisfy the university of their competency in the English language. Click here for further information on international applications.

Course Structure

Course Structure Icon

Gnóthóidh tú oideachas leathan acadúil agus praiticiúil atá in oiriúint don saol comhaimseartha gnó agus bainistíochta trí mhodúil cosúil le Margaíocht, Bainistíocht Straitéiseach agus Bainistíocht Acmhainní Daonna. Beidh tuiscint agat ar chúrsaí cultúir agus forbróidh tú sárscileanna cumarsáide, chomh maith le do chumas sa Ghaeilge idir labhairt agus scríobh. Rachaidh tú i dtaithí ar obair foirne agus beidh deis agat forbairt phearsanta a dhéanamh agus do shamhlaíocht a úsáid i gcomhthéacs cruthaitheach gnó.

Caithfidh tú an Chéad agus an Dara bliain in DCU ag díriú ar na trí réimse seo go príomha:

  • Gnó agus Bainistíocht
  • Teicneolaíocht na Faisnéise sa Ghnó
  • Nua-Ghaeilge

INTRA socrúchán oibre
Beidh deis agat ina dhiaidh sin bliain a chaitheamh ar chlár INTRA nó dul ar aghaidh go dtí an bhliain dheiridh. 

Gaeilge an teanga teagaisc ar an gcúrsa seo.

Cé na modúil a bheidh ar siúl agam?
Tá léiriú thíos ar na modúil atá á dteagasc faoi láthair. D’fhéadfadh athrú teacht air seo le himeacht ama.

  • Cúrsa Teanga 1 / Language Skills 1
  • Fiontraíocht agus Cruthaitheacht /Enterprise and Creativity
  • Córais Eacnamaíochta agus Pholaitíochta /Economics and Political Systems
  • Teicneolaíocht na Faisnéise / Information Technology Skills
  • Margaíocht / Marketing
  • Scéal na Gaeilge / History of the Irish Language
  • Na hIlmheáin / Multimedia
  • Meáin Chumarsáide na Gaeilge / Irish-Language Media
  • Bainistíocht agus Iompar Eagraíochtaí / Organisational Management and Conduct
  • An Scéalaíocht Thraidisiúnta agus an Gearrscéal / The Storytelling Tradition and the Short Story
  • An Nuafhilíocht agus na hAmhráin / Modern Poetry and the Song Tradition in Irish

 

  • Cúrsa Teanga 2 / Language Skills 2
  • Aistriúchán agus Eagarthóireacht / Translation and Editing
  • Bainistíocht Acmhainní Daonna / Human Resources Management
  • Bainistíocht Acmhainní Airgeadais / Financial Resource Management
  • Dlí agus Rialachas Corparáideach / Corporate Law and Governance
  • Líonraí agus Gnó Digiteach / Business and Digital Networks
  • Teangeolaíocht na Gaeilge / Linguistics and the Irish Language
  • Bainistíocht Straitéiseach / Strategic Management

Modúil Roghnacha / Optional Modules 

  • An Nuafhilíocht 2 / Modern Irish Poetry 2
  • An Béaloideas / Folklore
  • Ainmeolaíocht na Gaeilge / Irish Place-names
  • Litríocht an 17ú & an 18ú hAois / 17th & 18th century Irish literature
  • Acmhainniú Fiontar / Strategic Management
  • Modhanna Taighde / Research Methods
  • Ríomhthráchtáil / E-commerce
  • Bunú Fiontair / Enterprise Start-Up
  • Cúrsa Teanga 3 / Language Skills 3

An Cúrsa Taighde Modúil Roghnacha / Research Course Optional Modules

  • Athbheochan agus Athnuachan / Irish Language Revival and Renewal
  • An tSochtheangeolaíocht / Sociolinguistics
  • Nuaphrós na Gaeilge / Modern Irish Prose
  • Téarmeolaíocht na Gaeilge / Terminology and the Irish Language

For more information on the course structure click here

Fees and Funding

Fees Icon

Fees

Student Contribution
€3,043 per annum
EU Status Fee
€6,679 per annum
Non EU Fee
€16,000 per annum

How To Apply

How To Apply Icon

Applicants presenting EU School Leaving/FETAC Level 5 examinations: Apply through the Central Applications Office (CAO) by 1st February or 1st May

To apply for this programme:
Candidates should apply directly here. Here's a quick step by step guide if you need help with your application.

Please provide 

  • Academic Transcripts for each and every year of study with English translation, if applicable.
  • If applicable, provide evidence of competence in the English language as per DCU entry requirements.  Please see link http://www.dcu.ie/registry/english.shtml

Applications are accepted on an ongoing basis up to 1st July. All Non-EU candidates are advised to apply early, as places are limited.

All mature applicants apply through the CAO by 1st February. For further information and for special application procedures for mature students, please click here

Applications are made via the CAO Advanced Entry route which will open on the 6th November to 1st July.   

Candidates required to apply through the CAO can apply online at www.cao.ie
 

Life On Campus

Life on Campus

Glacann mic léinn Fiontar & Scoil na Gaeilge páirt ghníomhach i saol DCU agus bhí go leor acu páirteach cheana féin i gcláir ar nós Clár Washington-Éire, Clár Fulbright agus comórtais Fiontraíocht Éireann chomh maith le comórtais agus sparántachtaí na hOllscoile féin. Tá Cumann Gaelach an-ghníomhach san ollscoil chomh maith!

 

Seomra Caidrimh
Áit faoi leith ar an gcampas le do chuid Gaeilge a chleachtadh! Is féidir:

  • Do chuid Gaeilge a chleachtadh i suíomh cairdiúil dearfach
  • Aithne a chur ar do chomhscoláirí ó chúlraí teanga agus cultúir éagsúla
  • Do phaisean/suim sna teangacha a thabhairt chun solais
DCU Campus Glasnevin

DCU Glasnevin Campus

FAQs

FAQ Icon

An bhfuil trealamh faoi leith ag teastáil uaim don chúrsa seo?
Tá ríomhlanna ag Fiontar & Scoil na Gaeilge ina bhfuil teicneolaíocht agus feidhmchláir nua-aimseartha a bheidh úsáideach don chúrsa.