Fiontar & Scoil na Gaeilge

MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach

DCU - stock image
Course Code:
DC627
Course Type:
Postgraduate
NFQ Level:
9
Delivery Modes
Part-Time
Duration
2 Years
call programme contact
+353 (0) 1
700 6054

Réamhrá

Is MSc páirtaimseartha atá ann. Múintear an cúrsa ar dhá Shatharn in aghaidh na míosa, thar dhá bhliain ar an gcampas i nGlas Naíon.  Is ionann seo agus sé Satharn i ngach seimeastar.

Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.

Cuirtear an clár seo ar fáil de réir éilimh agus trí mheán na Gaeilge.

The MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach is designed to produce the kind of digital business technologists, managers, educators, entrepreneurs and innovators in great demand in today’s information economy.

This programme is run subject to demand and is delivered through the medium of Irish.

“I ndiaidh dom bunchéim a bhaint amach i dteangacha, bhí sé mar sprioc agam obair san earnáil ghnó ach gan taithí ar bith agam ar a leithéid. Ba dheis iontach an MSc le tuiscint a fháil ar réimse leathan ábhar gnó agus ar theicneolaíocht an eolais. Anois tá mé ag obair i gcomhairleacht teicneolaíochta agus is cinnte gan an cháilíocht sin agus an taithí a fuair mé ar an chúrsa nach mbeadh an post seo faighte agam.” 

“After I completed my undergraduate degree in languages, my goal was to work in the business sector but I hadn’t the necessary experience. The MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach an Eolais programme was a fantastic opportunity for me to gain a better understanding of a wide range of business and information technology subjects. I am now working in technology consultancy and without this qualification and the experience I gained by doing this course, I wouldn’t have been offered a post like this.”

Clár an chúrsa:

Thar tréimhse dhá bhliain, tugann mic léinn pháirtaimseartha faoi mhodúil i réimse topaicí a bhaineann leis an ngnó digiteach, bainistíocht agus ceannaireacht, agus cúrsaí straitéise agus margaíochta, chomh maith le tionscadal nó tráchtas sa taighde feidhmeach. Dearadh gach ceann de na modúil ar mhaithe le freastal ar threochtaí atá ag teacht chun cinn i saol na hoibre sa lá atá inniu ann.

Sna gnéithe den chúrsa a bhaineann leis an ngnó digiteach, líonraí agus na meáin, foghlaimeoidh mic léinn eolas agus scileanna teicniúla a chuirfidh ar a gcumas ábhar a chruthú agus cumarsáid a dhéanamh ar ardáin dhigiteacha, idir na cinn atá coitianta agus cinn atá ag teacht chun cinn.  Forbróidh mic léinn tuiscint phraiticiúil ar an dea-chleachtas i ndearadh gréasáin, inúsáidteacht suíomhanna gréasáin, eispéireas an úsáideora agus feachtais agus tionscadail ríomhthráchtála. 

Trí na modúil taighde agus bhainistíochta, díreofar ar na tuiscintí a theastaíonn i ngairmeacha bainistíochta agus ceannaireachta. Forbróidh mic léinn scileanna boga agus tras-scileanna, chomh maith le tuiscintí ar an tionchar a imríonn bunachair sonraí, an t-uathoibriú agus an mheaisínfhoghlaim ar chleachtais thraidisiúnta bhainistíochta.

Ar deireadh, beidh deis ag mic léinn tarraingt ar an taithí ghairmiúil, acadúil nó phearsanta atá acu féin, agus tabhairt faoi thionscadal taighde agus tráchtas a bhaineann lena sainréimsí spéise féin. Déanfar an obair seo faoi stiúir ball den fhoireann acadúil a bhfuil ardchailíochtaí agus taithí aige/aici.

Tabharfaidh na tascanna eile a dhéanfar i rith na bliana deis do mhic léinn a gcuid taighde, machnaimh agus saineolais a chur i bhfeidhm agus iad ag obair ar thionscadail shuimiúla a bhaineann lena gcúlraí agus réimsí spéise féin. Físeán faoin Ghaeilge

Seo liosta na modúl a ndéantar staidéar orthu:

  • Modhanna Taighde
  • Ceannaireacht
  • Bainistíocht Acmhainní Daonna
  • Bunachar Sonraí & Bainistiú Acmhainní Digiteacha
  • Líonraí agus Forbairt Gnó
  • Bainistíocht Straitéiseach
  • Bainistíocht Tionscadal
  • Airgeadas agus Scairbhileoga
  • Margaíocht
  • Ríomhthráchtáil & Feidhmiúcháin Idirlín
  • Na hIlmheáin

Ar deireadh, déantar tráchtas a bhaineann le do réimse spéise féin.

Programme

Over two years, part-time students undertake modules in a range of topics related to digital business, management and leadership, strategy and marketing, in addition to an applied research project or dissertation. All modules have been carefully designed to cater for emerging trends in the workplace.

The digital business, media and networks elements of the course provide students with technical knowledge and skills to author and communicate using common and emerging digital platforms. Students will develop a practical understanding for best practice in web design, web usability, user experience and e-commerce campaigns and projects. 

Building on this, the management and research modules equip students with the knowledge for successful management and leadership careers. Students will develop soft and transversal skills, while appreciating how databases, automation and machine learning impact traditional management practice.

Finally, students will be able to focus on a specific area of research for their thesis, drawing on professional, academic or personal experience. Each student is assigned a highly qualified and experienced member of the academic faculty to supervise them through this process. 

All assignments have been developed so as to allow for students to put research, reflection and expertise to work on interesting projects related to their own backgrounds and areas of interest. 

List of modules of studied:

  • Research Methods
  • Leadership
  • Human Resources Management
  • Databases & Managing Digital Resources
  • Networks & Business Development
  • Strategic Management
  • Project Management
  • Finance & Spreadsheets
  • Marketing
  • Ecommerce & Internet Applications
  • Multimedia

Finally, Students complete a thesis on a topic of their chosen specialty

Video about Gaeilge

View the current course structure

Cúis bhróid do DCU go ndearbhaíonn fostóirí, arís agus arís eile, gurb iad céimithe DCU an rogha is ansa leo agus iad ar thóir lucht gaisce an lae amárach. Institiúid mhór taighde is ea DCU, a bhfuil aitheantas aici ar fud an domhain ar shaothar a príomhthaighdeoirí agus a cuid meithleacha.

Tá maoiniú caipitil substaintiúil bronnta ag an stát agus ag infheisteoirí príobháideacha ar cheithre cinn dá lárionaid agus institiúidí taighde. Tugann gach ceann de scoileanna acadúla DCU faoi thaighde ag an leibhéal is airde agus is nuálaí.

Tá an ollscoil seo meáite chomh maith ar fhorbairt níos mó a dhéanamh ar a gníomhaíochtaí tráchtála, le béim níos mó ar aistriú teicneolaíochta agus ar bhunú comhlachtaí campais, a bhaineann sochar as fionnachtana agus scileanna phobal an champais.

Tá an tráchtálú seo bunaithe i gcomhthéacs clár gníomhach don fhorbairt shóisialta, ina bhfuil páirt ghníomhach ag DCU san athnuachan shóisalta agus i gcothú luachanna eiticiúla i sochaí an lae inniu.

 

DCU is proud of the fact that, again and again, employers confirm their preference for its graduates when searching for future high achievers. DCU is a major research institution, which has gained worldwide recognition for the work of many of its key researchers and research teams.

Four of its major research centres and institutes have been awarded very significant capital funding by the state and by private investors to enable them to provide leadership at a global level.

All of DCU’s academic schools undertake research which is at the cutting edge of knowledge. DCU is also committed to further development of its commercial activities, with a growing emphasis on technology transfer and the establishment of campus companies which exploit commercially the discoveries and skills of the campus community.

This commercialisation is set in the context also of an active programme of social development, in which DCU plays an active role in social regeneration and the search for ethical values for modern society.

Fees: www.dcu.ie/fees/index.shtml

Doireann McCombe MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach. Now working with Accenture.

“I ndiaidh dom bunchéim a bhaint amach i dteangacha, bhí sé mar sprioc agam obair san earnáil ghnó ach gan taithí ar bith agam ar a leithéid. Ba dheis iontach an MSc le tuiscint a fháil ar réimse leathan ábhar gnó agus ar theicneolaíocht an eolais. Anois tá mé ag obair i gcomhairleacht teicneolaíochta agus is cinnte gan an cháilíocht sin agus an taithí a fuair mé ar an chúrsa nach mbeadh an post seo faighte agam.” 

“After I completed my undergraduate degree in languages, my goal was to work in the business sector but I hadn’t the necessary experience. The MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach an Eolais programme was a fantastic opportunity for me to gain a better understanding of a wide range of business and information technology subjects. I am now working in technology consultancy and without this qualification and the experience I gained by doing this course, I wouldn’t have been offered a post like this.”

Déanann Nóirín Ní Laighin cur síos faoina taithí ag déanamh an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach

Tá céimithe an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach ag obair le Irish Mortgage Corporation, Google, Oracle, Make a Wish Foundation, Citi, RTÉ, Foras na Gaeilge, An Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Coláiste na bhFiann, Gael Linn, Gaelchultúr, Údarás Craolacháin na hÉireann agus i bpostanna bainistíochta i scoileanna.

There is a high demand for graduates of this programme. Graduates of the MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach work with the Irish Mortgage Corporation, Google, Oracle, Make a Wish Foundation, Citi, RTÉ, Foras na Gaeilge, Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta, Coláiste na bhFiann, Gael Linn, Gaelchultúr, Údarás Craolacháin na hÉireann and managerial posts in schools.

Advertising
Banking
Business
Business Analyst
Consultancy
Digital Account Executive
Education
Education Leadership
Information Technology
Research

Requirements

Riachtanas Iontrála
Céim onóracha (H2.2) nó taithí ghairmiúil oiriúnach agus leibhéal sásúil i labhairt agus scríobh na Gaeilge. Glactar le cáilíochtaí agus le taithí ghairmiúil oiriúnach i gcúinsí áirithe in ionad bunchéime, faoi réir ag rialacha na hOllscoile. Ní gá réamhcháilíochtaí ríomhaireachta ná gnó.

Entry Requirements
Honours degree (H2.2) or equivalent professional experience and a satisfactory level of fluency in Irish. In some circumstances appropriate professional experience and qualifications are accepted in lieu of a primary degree, subject to University regulations. Previous qualifications in business or computing are not required.

International Applications
International candidates are expected to have educational qualifications of a standard equivalent to those outlined above. In addition, where such candidates are non-native speakers of the English language they must satisfy the university of their competency in the English language.

 

Due to the specialist nature of this programme, additional criteria may be used to assess suitability to undertake this programme. For further information, please contact the Programme Chair using the contact details above

Fees

Full time

EU Status Fee
N/A
Non EU Fee
N/A

Part time

EU Status Fee Part-time
€4,200 Per Annum
Non EU Fee Part time
€8,100 Per Annum

Next Steps

All Applicants must submit

All Applicants must apply through DCU's Student Application Portal which is available here. Here's a quick step by step guide if you need help with your application:

  • Certified academic transcripts for each and every year of study, with certified English translations, if applicable.

Non Native English Speakers

Non-EU Applicants

Note if you are a non EU student and require a study visa, you are not eligible to apply for part-time programmes as study visas are only granted for full-time programmes.

Dates for Submission of Applications

Applications will be accepted on a rolling basis until the programme is full or until the following dates:

  • Closing date for non EU applicants is 1st July 2024
  • Closing date for EU applicants is 31st July 2024

All entry requirements should be met before the commencement of the programme.

Application Queries

For EU applicant queries, please visit https://www.dcu.ie/registry/eu-postgraduate-taught-admissions or email postgraduateadmissions@dcu.ie

For non EU applicant queries, please visit https://www.dcu.ie/registry/international-admissions-undergraduate-and-postgraduate or email internationaladmissions@dcu.ie

Commencement of Programme

The programme commences in September 2024