Fiontar & Scoil na Gaeilge

MA i Léann na Gaeilge

DCU - stock image
Course Code:
DC686
Course Type:
Postgraduate
NFQ Level:
9
Delivery Modes
Full-Time
Part-Time
Duration
(FT - 1 Year), (PT - 2 years)
call programme contact
+353 (0) 1
700 6092

Is cúrsa nuálach comhaimseartha é an MA i Léann na Gaeilge ina soláthraítear deis do mhic léinn sainscileanna acadúla a ghnóthú trí iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar theanga, ar chultúr, agus ar litríocht na Gaeilge. Tabharfar deis duit do chumas taighde agus anailíse a fheabhsú trí réimse scileanna taighde a shealbhú agus trí dhul i ngleic le foinsí eolais agus critice éagsúla. Scoil ildisciplíneach is ea Fiontar & Scoil na Gaeilge atá aitheanta go hidirnáisiúnta ar chaighdeán an taighde atá ar bun ag an bhfoireann acadúil agus ag foireann na dtionscadal digiteach. Ritear an clár ar bhonn éilimh agus déantar é a theagasc trí mheán na Gaeilge.

The MA i Léann na Gaeilge is an innovative and cutting-edge programme that hones specific academic skills while engaging in a deep exploration of the Irish language, its contemporary culture and its literature. You’ll be guided in a range of methods to help you improve your research and analytical capacity through the acquisition of research skills and your engagement with various types of criticism and various academic sources. Fiontar & Scoil na Gaeilge is an interdisciplinary school recognised internationally for the research undertaken by its academic and digital projects staff.

Struchtúr agus Ábhar an Chláir

Is féidir an chéim a bhaint amach trí chlár bliana lánaimseartha nó go páirtaimseartha trí chlár dhá bhliain. Má roghnaíonn tú an clár bliana, déanfaidh tú trí mhodúl i Seimeastar 1 agus trí mhodúl eile i Seimeastar 2, agus freastalóidh tú ar léachtaí ar an gcampas cúpla tráthnóna sa tseachtain. Scrúdú scríofa nó measúnuithe leanúnacha a bhíonn i gceist leis an measúnú. Déanfaidh tú miontráchtas a scríobh faoi stiúir léachtóra.
 
Má roghnaíonn tú an clár dhá bhliain, déanfaidh tú dhá mhodúl i Seimeastar 1 agus dháí mhodúl eile i Seimeastar 2, agus freastalóidh tú ar léachtaí. Scrúdú scríofa nó aistí téarma a bhíonn i gceist leis an measúnú. I rith Bhliain 2 sa dá sheimeastar, freastalóidh tú ar mhodúl in aghaidh na seachtaine agus scríobhfaidh tú miontráchtas faoi stiúir léachtóra le linn na bliana sin.

Programme Structure and Content

The degree may be completed as a one-year full-time programme or a two-year part-time programme.
If you opt for the one-year programme, you’ll take three taught modules in Semester 1 and another three in Semester 2, and attend lectures on-campus a few afternoons a week. Assessment is by means of written examinations or continuous assessment. You’ll also write a minor thesis under the supervision of a lecturer.
 
If you decide on the two-year programme, in Year 1 you’ll take two taught modules in Semester 1 and another two in Semester 2, and attend lectures on-campus. Assessment is by means of written examinations or essays. In Year 2, in both Semesters 1 and 2, you’ll attend a weekly module,, and write a minor thesis under the supervision of a lecturer.

Course Structure:

Core Modules

Semester 1 Core Modules         

Cruinneas sa Ghaeilge: Is é cuspóir an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint an mhic léinn ar an nGaeilge a fhorbairt le gur féidir leis/léi an teanga a úsáid go saoráideach agus go cruinn i réimse leathan suíomhanna agus gairmeacha le Gaeilge. Chuige sin, díreofar ar chruinnúsáid na Gaeilge idir scileanna scríbhneoireachta, labhartha, léitheoireachta agus éisteachta.

Taighde Corpais: Sa mhodúl seo gheobhaidh na mic léinn tuiscint ar bhunphrionsabail an taighde corpais i gcomhthéacs na Gaeilge. Measfar an teoiric a bhaineann le corpas a fhorbairt agus scrúdófar na corpais Ghaeilge atá ar fáil. Forbróidh siad scileanna taighde agus ríomhaireachta atá riachtanach sa lá atá inniu ann i réimsí amhail an fhoclóireacht, an téarmeolaíocht, an t-aistriúchán agus an teangeolaíocht, scileanna a rachaidh chun sochair iad siúd a bhfuil spéis acu gairm a bhunú i mórearnáil na ndaonnachtaí digiteacha, earnáil a bhfuil tuiscint dhomhain ag an bhfoireann teagaisc uirthi agus iad ag plé le móracmhainní náisiúnta dála Téarma.ie, Logainm.ie, Corpas.ie agus Dúchas.ie. 

Optional Modules

Choose 1 of the following optional 10-credit modules

Semester 1 Optional Modules

An Litríocht Chomhaimseartha: Litríocht na Colainne. Is í sprioc an mhodúil a chur ar chumas na mac léinn scileanna criticiúla a bhaineann le téama na hinscne agus na gnéasachta i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge a chothú. Beidh dhá ghné i gceist leis an modúl seo: An Aiteacht i Litríocht na Gaeilge (1993-2020) agus Inscne agus Gnéasacht san Fhilíocht Chomhaimseartha.
        
An Dialann agus an Duine: Is é cuspóir an mhodúil ná anailís a dhéanamh ar fhorbairt na dialainne liteartha sa Ghaeilge. Scagfar réamhtheachtaithe na dialainne mar aon le samplaí luatha den seánra ar nós Imeacht na nIarlaí le Tadhg Ó Cianáin agus Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin. Díreofar go háirithe ar shaothair ón 20ú haois i leith agus cleachtadh á thabhairt do mhic léinn ar chineálacha éagsúla téacsanna a léamh agus a léirmhíniú.

Semester 2 Core Modules

Saibhriú Teanga: Modúl é seo ina ndíreofar ar scileanna Gaeilge na mac léinn idir shaibhriú teanga agus bheachtú cruinnis a fhorbairt chun gur fearr a bheas siad in ann an teanga a ionramháil go héifeachtach muiníneach, go háirithe agus iad á scríobh.

An Dátheangachas agus Buanú na Gaeilge: Is é aidhm an mhodúil seo ceisteanna an dátheangachais sa duine aonair agus sa tsochaí a chíoradh. Díreofar ar úsáid agus foghlaim na Gaeilge go stairiúil agus sa lá atá inniu ann mar chás-staidéir do na feiniméin seo. Lena chois sin, pléifear bunús agus torthaí iarrachtaí éagsúla an Ghaeilge a athneartú le céad go leith bliain anuas.

Optional Modules

Choose 1 of the following optional 10-credit modules

Semester 2 Optional Modules

Cruthaitheacht agus Cruthú an Nuaphróis: Is é cuspóir an mhodúil seo grinnscrúdú a dhéanamh ar fhorbairt an nuaphróis chruthaithigh ón 20ú céad i leith agus cleachtadh a thabhairt do na mic léinn ar chineálacha éagsúla téacsanna a mheas agus a léirmhíniú. Scrúdófar cuid de na ceisteanna critice is tábhachtaí a bhain le forbairt na prósscríbhneoireachta, An Gúm agus an pobal léitheoireachta, agus mar a chuaigh cúinsí sochtheangeolaíochta i bhfeidhm ar chúrsaí teanga agus foirme.

An Traidisiún Béil: Is é cuspóir an mhodúil seo ná eolas agus tuiscint na mac léinn ar thraidisiún béil na Gaeilge a fhorbairt trí mhionstaidéar a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún béalaireachta na Gaeilge. Scrúdófar ealaín na scéalaíochta agus na hamhránaíochta Gaeilge, agus measfar teoiricí idirnáisiúnta ina leith. Beidh ábhar ón tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, www.dúchas.ie, in úsáid go rialta. Déanfaidh mic léinn cuardach, aimseoidh siad foinsí dá gcuid féin agus pléifidh siad an t-ábhar dílis ón gcartlann sa léacht.

Autumn Semester Core Module

An Miontráchtas: Is é cuspóir an mhodúil seo go mbeadh deis ag an mac léinn taighde neamhspleách a dhéanamh ar théama a bhaineann le léann na Gaeilge, mar shampla gné den teanga nó den litríocht, nó de theangeolaíocht na Gaeilge. Is féidir an tráchtas a bhunú ar thaighde príomhúil nó ar thaighde tánaisteach a bheadh ag teacht le hobair chúrsa an chláir teagaisc. Is é cuspóir an tráchtais a chur ar chumas na mac léinn a gcuid scileanna fiosraithe agus anailíse a fhorbairt agus tabhairt faoi thaighde neamhspleách faoi stiúrthóir.

View the current course structure

Cén fáth DCU?

Mór-institiúid taighde is ea DCU, a aithnítear ar fud an domhain as ardchaighdeán shaothar a príomhthaighdeoirí agus a cuid meithleacha taighde. Tugtar faoi thaighde ceannródaíoch i ngach ceann de scoileanna acadúla DCU, agus tá páirt ghníomhach á himirt ag DCU i sochaí an eolais agus i gcothú luachanna eiticiúla na sochaí sin.

Why Choose DCU?

DCU is a major research institution with worldwide recognition for the high calibre of work carried out by its key researchers and research teams. All of DCU’s academic schools undertake cutting edge research, and DCU plays an active role in contributing to the information society and the promotion of ethical values in that society.

Aidhmeanna agus Spriocanna an Chláir

  • Oiliúint a chur ar chéimithe i dtaca le sainscileanna scríbhneoireachta, taighde agus anailíse le gur féidir leo tabhairt faoi phoist in earnálacha éagsúla
  • Is féidir le céimithe dár gcuid aghaidh a thabhairt ar staidéar breise i réimse a bhfuil suim ar leith acu ann
  • Scileanna inaistrithe na rannpháirtithe a chothú sna réimsí seo a leanas: smaointeoireacht neamhspleách, cumas anailíse, cumarsáid, eagarthóireacht, aistriúchán, agus scríbhneoireacht
  • Saineolas agus saintusicint a shealbhú ar shaibhreas theanga, chultúr agus litríocht na Gaeilge

Programme Aims and Objectives

  • Provide graduates with training in essential writing, research and analytical skills that will assist them in competing for positions in a broad range of sectors 
  • Equip graduates to proceed to further study in an area of particular interest to them
  • Cultivate participants’ transferrable skills of independent thinking, analysis, communication, editing, translation, and writing
  • Acquire specialist knowledge and understanding of the richness of the Irish language, its culture and its literature

“Bhain mé idir thaitneamh agus tairbhe as an chúrsa seo. Sílim, má tá spéis agat i litríocht na Gaeilge, i saíocht na Gaeilge nó sa teanga féin, gach seans go n-oirfidh an cúrsa seo duit. Beidh léachtaí den scoth ar fáil agat in atmaisféar tacúil. Beidh deis agat staidéar a dhéanamh ar do réimse inspéise féin agus beidh tú ábalta díriú go speisialta ar ábhar do mhiontráchtais.” Seán Ward, Céimí, MA i Léann na Gaeilge

“I really enjoyed and benefited from this programme. I believe that if you are interested in the Irish language and its literature and heritage, then this programme is really for you. You will engage with first-class lectures in a really supportive atmosphere. You will also have the opportunity to pursue an area of particular interest to you through your studies and the dissertation.” Seán Ward, MA i Léann na Gaeilge graduate

Deiseanna Gairme

Mar chéimí de chuid an MA i Léann na Gaeilge beidh réimse deiseanna gairme ar fáil duit. Is féidir le mic léinn, mar shampla, bheith ag obair in earnáil na ndaonnachtaí digiteacha, sna meáin chumarsáide (teilifís, raidió, na meáin chlóite agus dhigiteacha), sa tseirbhís phoiblí, sa pholaitíocht, sna healaíona, san iriseoireacht, sa turasóireacht oidhreachta, sa chóras oideachais, in earnáil an aistriúcháin agus san Aontas Eorpach. Dearbhaíonn fostóirí, arís agus arís eile, gurb iad céimithe DCU an rogha is ansa leo agus iad ar thóir lucht gaisce an lae amárach. Beidh lúcháir ar fhoireann Fiontar & Scoil na Gaeilge d’aidhmeanna acadúla a phlé leat, tabhairt faoi chéim dochtúireachta, mar shampla.

Careers

As a graduate of the MA i Léann na Gaeilge you’ll have a wide range of career options. Students may work, for example, in the digital humanities, the media (television, radio, the print and digital media), the public service, politics, the arts, heritage tourism, in the translation sector and the EU. Again and again, employers confirm their preference for DCU graduates when looking for future high achievers.
You’ll also find that Fiontar & Scoil na Gaeilge staff will be keen to discuss your ongoing academic ambitions, such as pursuing your doctoral degree.

Potential Careers

  • Digital humanities 
  • Civil Servant
  • Broadcaster / Journalist
  • Editor 
  • Publisher 
  • Translator
  • Educator

Requirements

For admission to the MA i Léann na Gaeilge, successful applicants will have

EN:

  • For admission to the MA i Léann na Gaeilge, successful applicants will have:
  • Having fulfilled the requirements, i.e. normally a recognised honours primary degree (Level 8) in Irish, with a minimum of Second Class Honours.
  • Having a recognised honours primary degree (Level 8) in another discipline, and providing supporting evidence of sufficient competence in Irish. Each case to be considered on its own merits by the Programme Board Standing Committee.
  • Applicants who do not meet the above entry requirements will be invited to submit a curriculum vitae and details of competence in Irish (as above), and may be asked to participate in an interview. These requirements will comply with University/Faculty agreed Recognition of Prior Learning requirements. In all cases under these admission schemes, the University is careful to admit students whose academic backgrounds indicate that they are suitable for the programme of study.
  • Transfer from related Level 9 programmes in DCU or other third-level institutions is subject to having fulfilled educational qualifications of a standard equivalent to those outlined above.

GA:

  • Tar éis na riachtanais a chomhlíonadh, i.e. bunchéim aitheanta le honóracha (Leibhéal 8) sa Ghaeilge de ghnáth, le híosmhéid de 2.2.
  • Bunchéim aitheanta le honóracha (Leibhéal 8) i ndisciplín eile, agus fianaise a sholáthar ar chumas sásúil sa Ghaeilge. Bheadh gach cás le meas ar a cháilíocht féin ag Bord an Chláir.
  • Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí nach gcomhlíonann na riachtanais iontrála curriculum vitae agus sonraí faoi inniúlacht sa Ghaeilge (mar atá thuas) a sheoladh isteach, agus féadfar iarraidh orthu páirt a ghlacadh in agallamh. Cloífidh seo leis na riachtanais aitheanta réamhfhoghlama atá comhaontaithe ag an Ollscoil/an Dámh. I ngach cás faoi na scéimeanna iontrála seo, dearbhaíonn an Ollscoil go nglacfaí le mic léinn a bhfuil an cúlra acadúil cuí acu a léiríonn go bhfuil siad oiriúnach don chlár staidéir.
  • Atá tar éis aistriú ó chláir ghaolmhara Leibhéal 9 in DCU nó ó institiúidí tríú leibhéal eile faoi réir cáilíochtaí oideachais ar chomhchaighdeán leis na cinn a leagtar amach thuas agus a bheith comhlíonta acu.

Fees

Full time

EU Status Fee
€7,600
Non EU Fee.
€16,200

Part time

EU Status Fee Part-time
€4,100 per annum
Non EU Fee Part time
€7,600 per annum

Next Steps

To apply for this programme:

All Applicants must apply through DCU's Student Application Portal which is available here. Here's a quick step by step guide if you need help with your application:

  • Provide Academic Transcripts for each and every year of study with English translation, if applicable.
  • If applicable, provide evidence of competence in the English language as per DCU entry requirements. Please see link http://www.dcu.ie/registry/english.shtml

Please note if you are a non EU student and require a study visa, you are not eligible to apply for part-time programmes as study visas are only granted for full-time programmes.

Application Deadlines

Applications will be accepted on a rolling basis until the programme is full or until the following dates:

  • Closing date for non EU applicants is 1st July 2024
  • Closing date for EU applicants is 31st July 2024

Note applicants who require a study visa for the purposes of studying at DCU, are advised to apply as early as possible.

All entry requirements should be met before the commencement of the programme.

Application Queries

For EU applicant queries, please visit https://www.dcu.ie/registry/eu-postgraduate-taught-admissions or email postgraduateadmissions@dcu.ie

For non EU applicant queries, please visit https://www.dcu.ie/registry/international-admissions-undergraduate-and-postgraduate or email internationaladmissions@dcu.ie

Commencement of Programme

The programme commences in September 2024