DCU News
News at DCU

News - headlines

News

Acmhainní nuálaíocha breise ar logainm.ie seolta ag an Aire Carey

11 June 2010

Professor Ferdinand von Prondzynski, DCU President, Pat Carey T.D., Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs, An Dr Caoilfhionn Nic Pháidín and Seosamh Ó Braonáin, Chairperson of the Placenames Commission

Sheol Pat Carey, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, acmhainní nuálaíocha breise ar www.logainm.ie inniu. Spreagfaidh na hacmhainní nua seo spéis an phobail sna logainmneacha, gné lárnach d’oidhreacht na hÉireann.

Leagan nua léarscáilíochta de logainm.ie
Tá leagan úrnua de shuíomh poiblí www.logainm.ie ar fáil anois, agus comhéadan léarscáilíochta air. Is féidir torthaí cuardaigh a léiriú anois ar léarscáil idirghníomhach. Is féidir le cuairteoirí ar an suíomh eolas a chur ar logainmneacha na hÉireann trí bhrabhsáil a dhéanamh ar na logainmneacha bunaithe ar a suíomh geografach.

Acmhainní oideachais tríú leibhéal
Is féidir le cuairteoirí ar www.logainm.ie acmhainní oideachais don tríú leibhéal a íoslódáil agus a phriontáil. Tá na hacmhainní ar fáil mar áis chun modúl ar logainmneacha na hÉireann a theagasc: imlíne cúrsa ina bhfuil plean i gcomhair 11 léacht, leaganacha forbartha de dhá léacht shamplacha, maille le leabharliosta cuimsitheach. Cuirtear ar fáil iad mar áis do léachtóirí/theagascóirí, do mhic léinn tríú leibhéal agus don phobal i gcoitinne. Tá siad dírithe ar mhic léinn fochéime atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus modúl ar logainmneacha mar ábhar léinn acu. Tá acmhainní oideachais don bhunscoil ar fáil cheana ar an suíomh. Cuirfear acmhainní oideachais do dhaltaí iar-bhunscoile ar an suíomh ar ball.

Comhaid nua fuaime
Tá comhaid fuaime curtha le 191 logainm i gContae Liatroma agus le 443 logainm i gContae Luimnigh. Seosamh Mac Muirí as Droim Dhá Thiar, Co. Liatroma a rinne taifeadadh ar logainmneacha Liatroma agus Pádraig Ó Cearbhaill as an nGleann, Co. Luimnigh a rinne taifeadadh ar logainmneacha Luimnigh. Cuireadh na comhaid fuaime i nGaeilge agus i mBéarla le hainmneacha na mbarúntachtaí, na bparóistí dlí agus na dtoghrann, chomh maith le hainmneacha roinnt gnéithe fisiciúla. Tá comhaid fuaime ag gabháil cheana le logainmneacha i gContaetha Phort Láirge, na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chiarraí, Thiobraid Árann, Lú, Bhaile Átha Cliath agus Mhaigh Eo.

Faoin leagan Béarla is coitianta a dhéantar an cuardach. Is é Dublin an logainm is mó cuardach go dtí seo (695 cuardach), is é Blackrock an dara ceann is coitianta (485), agus tá Derry sa tríú háit (454). Tá Tallaght sa cheathrú háit, le 447 cuardach. Is iad na logainmneacha is mó cuardach i gContae Liatroma go dtí seo ná Leitrim le 223 cuardach, Manorhamilton le 169, Ballinamore le 91 agus Drumshanbo le 87 cuardach. Is iad na logainmneacha is mó cuardach i gContae Luimnigh go dtí seo ná Limerick le 281 cuardach, Newcastle  le 226, Raheen le 194 agus Adare le 143 cuardach.

Dúirt an tAire Pat Carey: "Is cúis áthais dom go bhfuil ag éirí go han-mhaith le logainm.ie. Léiríonn an líon mór amas go bhfuil tóir an-mhór ar an tseirbhís seo. Táim cinnte go gcuirfidh na hacmhainní nua seo go mór leis an suíomh agus go mbainfidh a lucht úsáide an-tairbhe astu."

www.logainm.ie
Is suíomh Gréasáin é www.logainm.ie a chuireann an t-ainm oifigiúil Gaeilge atá ar 100,000 éigin bailte, sráideanna agus oifigí poist ar fud na tíre ar fáil don phobal. Mheall an suíomh Gréasáin logainmneacha 2.59 milliún amas ó seoladh é go hoifigiúil ar 1 Deireadh Fómhair 2008.

Is féidir le mic léinn, múinteoirí, iriseoirí, aistritheoirí agus aon duine eile a bhfuil leagan údarásach uaidh de logainm, teacht ar an eolas go héasca trí chuardach a dhéanamh ar www.logainm.ie. Tá an suíomh ina ábhar spéise, chomh maith, acu siúd ar fud an domhain a chuireann suim in oidhreacht, i gcultúr agus i dtíreolaíocht na hÉireann.

Tá áis aistriúcháin ar an suíomh chomh maith chun liostaí logainmneacha a thiontú ó theanga go chéile. Tá íomhánna scanta de thaifid cartlainne an Bhrainse Logainmneacha ag gabháil le go leor logainmneacha, agus tá acmhainní breise ar nós léarscáileanna stairiúla ar leathanach nua d'acmhainní eolais ar an suíomh.

Leanfar den obair ar www.logainm.ie agus cuirfear tuilleadh logainmneacha, comhad fuaime agus áiseanna idirghníomhacha leis an suíomh mar aon le tuilleadh acmhainní oideachais. Tá www.logainm.ie á fhorbairt ag Fiontar, aonad teagaisc agus taighde trí mheán na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.