DCU News
News at DCU

News - story archive

news

story archive

DCU Celebrates Seachtain na Gaeilge 2003
10 March 2003

Caitríona Nic Giolla Mhichíl, Irish Language Development Officer, Kate Marquis, Trad Soc, Maeve Moloney, SU Irish Language Officer, Aoife Ní Cheallaigh, Trad Soc, Ciarán Ó Conghaile, Cumann Gaelach, Dúnlaith Nic Giolla Phádraig, Cumann Gaelach

English

Tá DCU ag ceiliúradh 'Seachtain na Gaeilge 2003' ón 10-14 Márta le réimse leathan d'eachtraí lastuigh agus lasmuigh den ollscoil. Beidh an ceiliúradh ar siúl le linn Seachtain Náisiúnta na Gaeilge. Is é sin seachtain iomlán d'eachtraí a cheiliúrann an Ghaeilge, cultúr na hÉireann agus buaic-phointe na seachtaine, Lá le Phádraig.

Cuid de na heachtraí a bheidh ar siúl ná;

  • Seoladh oifigiúil na Seachtaine le Louise McDermott ó Chúinne na Gaeilge i mbialann na hollscoile, ag 1.00i.n. ar an Luain 10/03/03
  • Taispeántas laethúil sa Scoil Gnó de shraith gearrscannáin trí mheán na Gaeilge
  • Tráth na gCeist eagraithe ag an gCumann Gaelach i mbeár na hollscoile do mhic léinn
  • Ceol ón Trad.Soc. sa HUB
  • Éachtaí spóirt i bpáirc Hampstead leis an 'Poc Fada'.

Tugtar cuireadh do gach éinne san ollscoil freastal ar na gníomhaíochtaí éagsúla agus úsáid a bhaint as cibé Gaeilge atá acu. Ón gcúpla focal go dtí díospóireachtaí dáiríre i gCúinne na Gaeilge sa bhialann!

Rinne Caitríona Nic Giolla Mhichíl an t-Oifigeach Forbartha Gaeilge DCU, an tseachtain a chomhordú agus d'eagraíodh é i dteannta le Maeve Moloney-Oifigeach Gaeilge an SU, An Cumann Gaelach agus an Trad. Soc.

Is féidir breis eolais faoi eachtraí na seachtaine a fháil ó caitriona.nicgiollamhichil@dcu.ie

Eagraíonn Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge ar bhonn náisiúnta. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, céad Uachtarán na hÉireann, an Conradh in 1893. Tá príomhoifigí an Chonradh lonnaithe ar shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.