DCU News
News at DCU

News - story archive

news

story archive

Teachtareacht ón oifigeach Forbartha Gaelige

Méabh Ní Loingsigh
Méabh Ní Loingsigh

Tá siad ag teacht…….. Ní fada uainn anois tosach ranganna Gaeilge seimeastar a dó. Seo iad na sonraí:

Dé Luain - Bréag-thosaitheoirí - 1-2pm - QG01 - ag tosú 4 Feabhra
Dé Máirt - Meánrang - 1-2pm - QG01 - ag tosú 5 Feabhra
Dé Céadaoin - Tosaitheoirí - 1-2pm - Q205 - ag tosú 6 Feabhra

Tá gach eolas agus foirmeacha iarratais le fáil ó: Méabh Ní Loingsigh (Oifigeach Forbartha Gaeilge) ag ex. 8503, ríomhphost meabh.niloingsigh@dcu.ie . Níl ach líon áirithe spás fágtha mar sin is fiú clárú gan mhoill.

Beidh an Ciorcal Comhrá Gaeilge (dóibh siúd ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh ach nach bhfuil ranganna uathu) ar siúl arís le linn seimeastar a dó, i leabharlann an Ionaid Idirchreidimh idir 1 agus 2in. Ar an Déardaoin a bheidh sé áfach, seachas mar a bhí roimh Nollaig. Dóibh siúd nár fhreastal ar an gciorcal comhrá go fóill, seo deis am lóin a chaitheamh i ndea-chomhluadar agus do chuid Gaeilge a chleachtadh ag an am gcéanna. Bíonn atmaisféar neamhfhoirmeálta ann agus tae agus caifé ar fáil.

Ar deireadh, scéal ó FIONTAR. Beidh grúpa mac léinn ó Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth, ag tabhairt cuairte ar FIONTAR i lár mí Márta mar chuid de chlár an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais. Le linn na cuairte beidh léacht poiblí á thabhairt ag Declan Kiberd agus Peadar Ó Flatharta ar an 15 Márta. As Béarla a bheidh an léacht (cé go bhfuil an-Bhreatnais ag ár gcuairteoirí, is beag Gaeilge atá acu!) agus is é an t-ábhar a bheidh i gceist, ról na Gaeilge sa sochaí ilchultúrtha agus an ceangal idir an Ghaeilge, an fhiontraíocht agus forbairt eacnamaíoch.