Dr
Aisling
Ní Dhiorbháin
Academic biography
Is iarmhúinteoir lán-Ghaeilge í Aisling agus tá taithí leathan aici ar theagasc na Gaeilge d’aoisghrúpaí éagsúla. Tá suim aici i ngach gné de theagasc na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge. Tá taighde déanta ag Aisling ar chur chuige ionduchtach
do theagasc na Gaeilge sna scoileanna lán-Ghaeilge. Dhírigh a taighde
dochtúireachta ar oideolaíochtaí um theagasc an léireolais do bhunmhúinteoirí
faoi oiliúint. Tá suim ar leith ag Aisling sa tumoideachas, san
ilteangachas, i dteagasc agus sealbhú an dara teanga agus i sealbhú mionteangacha ach go háirithe. Bhí Aisling ina príomhthaighdeoir nó ina comh-príomhthaighdeoir ar réimse tionscadal maoinithe taighde. Is
ball í de Choiste Stiúrtha na Roinne Oideachais agus Óige don Tionscadal ar an
bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT). Tá Aisling ina stiúrthóir ar Sealbhú: Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge.
Aisling Ní Dhiorbháin is a former Irish-medium primary teacher and she
has a wide range of experience of teaching Irish to various age groups. She is
interested in all aspects of teaching Irish and teaching through Irish. Aisling
has conducted research on an inductive approach to grammar teaching in
Irish-medium schools. Her doctoral research focused on pedagogies for teaching
explicit knowledge of Irish to student primary teachers. Aisling has a
particular interest in immersion education, plurilingualism, second language
teaching and learning and in minority language acquisition. Aisling
has been principal investigator or co-principal investigator on many funded research projects. She is a member of Department of Education and Youth Steering Group for the Implementation of Content and Language Integrated Learning (CLIL). Aisling is director of Sealbhú: DCU Research Centre for the Learning and Teaching of Irish.
Research interests
Tá suim ag Aisling sna hábhair taighde seo a leanas: Teagasc agus Foghlaim an Dara Teanga, Sealbhú Mionteangacha, an Tumoideachas, an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT), oideachas múinteoirí teanga agus an t-ilteangachas.Aisling is interested in the following research areas: Second Language Teaching and Learning, Minority Language Acquisition, Immersion Education, Content and Language Integrated Learning (CLIL), language teacher education and plurilingualism.