Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú 2019-2020

Anseo ag OCBÁC, táimid tiomanta i gcónaí don Chomhionannas, don Éagsúlacht agus don Ionchuimsiú a chur chun cinn, trí thionscnaimh nua a chur sa siúl agus trí ghaiscí a dhéanamh.

I mí Mheán Fómhair na bliana 2020, Bronnadh Dámhachtain Chré-Umha Athena SWAN ar an Ollscoil den dara huair, mar aitheantas ar a tiomantas do chomhionannas inscne a chur chun cinn in earnáil an ardoideachais agus a tiomantas don athrú cultúir a chothú san Ollscoil. I measc na n-athruithe dearfacha sna 5 bliana roimhe sin bhí; méadú 20% (ó 27% go 47%) ar líon na mban fostaithe ag leibhéal Cheann na Scoile san Ollscoil. Ag an am céanna tháinig méadú 16% ar chéatadán na mban fostaithe ag leibhéal an Ollaimh, a d’fhág an figiúr ag 52% ansin. 

Is í OCBÁC an chéad ollscoil in Éirinn a aithníonn an Cárta JAM. Ciallaíonn JAM “nóiméad amháin”, agus is áis iontach é do dhaoine a bhfuil deacracht foghlama, uathachas nó míchumas folaithe orthu - ní gá dóibh ach é a thaispeáint do dhaoine i siopaí, ar an gcóras iompar poiblí nó i suíomhanna eile le cur in iúl go dteastaíonn níos mó ama uathu. Ba í OCBÁC an chéad Ollscoil Tearmainn in Éirinn, agus fanann sí tiomanta do thacaíocht a thabhairt do dhaoine a lorgaíonn cosaint idirnáisiúnta. Chomh maith leis na scoláireachtaí agus na tacaíochtaí a chuireann OCBÁC ar fáil, tá tionchar dearfach ag an taighde a dhéantar san Ollscoil ar chúrsaí tearmainn. Rinneadh mionleasú ar ardán fíorúil foghlama a d’fhorbair taighdeoirí ag Lárionad Taighde Breisoideachais agus Oiliúna, OCBÁC, agus ansin baineadh feidhm nua as chun cuidiú le dídeanaithe agus leo siúd a chónaíonn in Ionaid Soláthair Dhírigh Béarla a fhoghlaim. Cuireadh an tionscadal sin ar bun i gcomhpháirtíocht leis an gcarthanas tithíochta ‘Respond’.