Fáilte ón Uachtarán 2019-2020

Níl aon amhras ann ach go raibh cúrsaí an-neamhghnách ar fad le dhá mhí dhéag anuas. I mí Dheireadh Fómhair 2019 bhíomar ag súil le bliain ghnóthach eile romhainn. Bhí sé beartaithe againn gur sa bhliain 2020 a bheimis ag comóradh 40 bliain ó bunaíodh an Ollscoil. Bhí na pleananna sin caite i dtraipisí tar éis na Nollag, ar nós go leor mianta eile. Tháinig athrú mór ar an saol de dheasca Covid-19.

 

Bhí an phaindéim dian orainn go léir ar mhórán slite Ba mhór an dúshlán é d’institiúidí Ardoideachais mar OCBÁC leanúint ar aghaidh lenár bpríomhról, is é sin oideachas a chur ar ár gcuid mac léinn. A bhuí leis na blianta fada taithí agus nuálaíochta a bhí againn i dteagasc digiteach agus i bhfoghlaim dhigiteach, ní raibh an t-athrú go seachadadh ar líne chomh dian ar an Ollscoil agus a d'fhéadfadh sé a bheith. Bhí an teicneolaíocht ina cabhair mhór againn le linn na géarchéime, ach, mar ba ghnách, ba iad na daoine a rinne an difríocht - ár mbaill foirne díograiseacha tiomanta ar fud na ndámh agus na n-aonad ar fad, agus ár gcuid mac léinn acmhainneach foighneach tiomanta.

 

Thug teacht na paindéime léargas níos doimhne ná riamh ar ról ríthábhachtach na n-ollscoileanna i saol an lae inniu. Tá an taighde atá ar bun in institiúidí Ardoideachais ar fud na cruinne fíorthábhachtach chun dul i ngleic le dúshláin amhail Covid-19 agus chun iad a shárú. Mar is léir ón tuarascáil seo, rinne taighdeoirí OCBÁC a gcion chun cuid den iliomad fadhbanna sóisialta, eacnamaíocha agus sláinte a bhain leis an bpaindéim a fhiosrú agus chun dul i ngleic leo. Is í ár bhfís, anseo ag OCBÁC go mbeimid aitheanta mar “Ollscoil Tionchair na hÉireann”, agus tá an aisling sin á fíorú ag ár dtaighdeoirí de thoradh a gcuid saothair.

 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach aon duine de phobal OCBÁC a chuidigh linn na cosa a thabhairt linn. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an Ollamh Brian MacCraith as a cheannaireacht sa chéad leath den bhliain, agus go deimhin chun é a thréaslú as an iliomad éachtaí a baineadh amach lena sheal. Fágann sé an Ollscoil in áit mhaith.

 

I dtaca liom féin, bhí sé de phribhléid agam ról an Uachtarán san institiúid iontach seo a ghlacadh chugam féin. Domsa ar aon nós, tá a luachanna “Tús áite do Dhaoine” ar cheann de na príomhrudaí a thugann léargas dúinn ar shainiúlacht OCBÁC. Chuireamar béim i gcónaí ar dhifríocht a dhéanamh i saol na ndaoine, pé acu trí oideachas a chur ar mhic léinn, trí thaighde a fhorbairt a théann i bhfeidhm ar dhaoine, nó trí dhul i dteagmháil go díreach lenár bpobail agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh. I mbeagán focal, fanann OCBÁC dílis dá misean chun “saol na ndaoine agus an tsochaí a bhunathrú chun feabhais”. Tá lánmhuinín agam go leanfaimid orainn leis an dea-obair sin agus le tuilleadh lena chois, sna deich mbliana atá amach romhainn anseo in OCBÁC

 

Le meas

 

An tOllamh Dáire Keogh

Uachtarán, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath