Fáilte ón Uachtarán 2020-2021

Agus ‘spadántacht Covid’ á cur dínn, bhí idir dhóchas agus fhaitíos orainn le linn dúinn aghaidh a thabhairt ar an mbliain acadúil 2020-21. Thuigeamar go raibh deireadh go deo le saol na hOllscoile mar a bhíodh sé roimhe seo, ach ba mhór an sásamh a thug sé dúinn a bheith in ann mic léinn a fháiltiú ar ais ar an gcampas le go bhféadfaimis díriú ar ár dtodhchaí a mhúnlú le chéile. Bhí caitheamh masc agus bearta sláinte poiblí mar chuid den ghnáthshaol fós do mhic léinn agus do bhaill foirne araon. Ach bhíomar buíoch beannachtach go rabhamar in ann teagasc agus foghlaim a dhéanamh i dteannta a chéile arís seachas a bheith i dteagmháil trí scáileán.

Mar Ollscoil gur mór againn dáimh a chothú agus gur dual dúinn “Tús Áite a thabhairt do Dhaoine”, is mór an ní é seo. Táim bródúil as ár gcuid mac léinn agus an teacht aniar iontach a léirigh siad, fad is a lean baill foirne ar aghaidh ag obair go dúthrachtach agus ag tabhairt togha na haire mar is dual dóibh.

Go háirithe mar gheall ar na dúshláin ollmhóra a thug pobal OCBÁC aghaidh orthu agus a sháraigh siad iad le tamall anuas, is mór an pléisiúr dúinn a bheith aitheanta mar Ollscoil na Bliana 2021 de chuid an Sunday Times. Luaigh an t-ardlua na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil do mhic léinn le linn na dianghlasála agus tharraing sé aird ar an dea-theist atá orainn mar eagraíocht a throideann ar son soghluaisteachta sóisialta agus an ionchuimsithe. Ba mhór an sásamh dúinn freisin a fheiceáil gur rangaíodh OCBÁC mar an ollscoil is fearr in Éirinn maidir le líon a céimithe atá fostaithe, agus thángamar sa 23ú áit go domhanda, sa Rangú Infhostaitheachta Céimithe de chuid QS.

Mar is léir ónár n-achoimre taighde, lean taighdeoirí OCBÁC orthu ó thaobh tionchar mór a bheith acu ar réimsí chomh héagsúil lena chéile le hailse, fiontraíocht, mífhaisnéis, déantúsaíocht, agus, más iontach le rá é, cruthú réaltaí. Chruthaíomar comhpháirtíochtaí nua le fiontraíocht agus le páirtithe leasmhara chomh maith; bhaineamar leas as na healaíona agus an spórt chun caidrimh nua a fhorbairt lenár bpobail i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Chuireamar fáilte roimh bhaill foirne nua, Údarás Ceannais nua, agus roimh Brid Horan mar Sheansailéir. Ag an am céanna, chuir an Ollscoil lena dúthracht i leith inbhuanaitheachta nuair a seoladh an Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2021-2026 - treoirphlean uaillmhianach a chuirfidh bonn eolais faoinár ngníomhartha chun dul i ngleic leis an dúshlán is mó lenár linn. Níl sa mhéid sin ach blaiseadh de na héachtaí tábhachtacha, na honóracha agus na spriocanna cinniúnacha ar baineadh amach iad le bliain anuas. Tríd is tríd, tá súil agam go léiríonn an tuarascáil seo an meon dóchasach treallúsach atá le brath inár measc agus sinn ag teacht chugainn féin tar éis ghéarchéim Covid.