
MGO Oral Irish Test Form
Scrúdú Iontrála Gaeilge [Máistir Gairmiúil San Oideachas/Máistreacht Ghairmiúil San Oideachas (Bunmhúinteoireacht)]
Meán Fómhair 2017
Am tosaithe: ____________ Am críochnaithe: ____________ Dáta: ____________________
Ainm agus sloinne an iarrthóra: _________________________________________________
Síniú an iarrthóra: _________________________ Uimhir an iarrthóra: ________________
Uimhir an Bhoird Scrúdaithe: __________________
Teip | Sásúil | Maith | An-mhaith | Ar Fheabhas | Marc | |
Tuiscint agus Liofacht |
1-3 | 4-5 | 6-7 | 8-9 | 10 | |
Cruinneas | 1-3 | 4-5 | 6-7 | 8-9 | 10 | |
Foclóir | 1-3 | 4-5 | 6-7 | 8-9 | 10 | |
Saibhreas (Foghraiocht, nathanna cainte) |
1 | 2 | 3 | 4 | 5 | |
Léitheoireacht | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 |
Is é 16 an pasmharc Marc iomlán: _____
Nótaí:
…………………………………………………………………………………………………………
…………………………………………………………………………………………………………
…………………………………………………………………………………………………………
…………………………………………………………………………………………………………
…………………………………………………………………………………………………………
…………………………………………………………………………………………………………
…………………………………………………………………………………………………………
Síniú an Scrúdaitheora ______________________________________________________
Síniú an Scrúdaitheora ______________________________________________________
Tuiscint agus Líofacht |
|
Ar Fheabhas | Cainteoirí ó dhúchas a bhfuil cúram déanta acu den teanga nó daoine nach cainteoirí ó dhúchas iad ach atá ar aon chaighdeán leo ó thaobh tuisceana agus líofachta. |
An-mhaith | Daoine a bhfuil Gaeilge an-mhaith acu agus atá ábalta iad féin a chur in iúl go líofa agus go cruinn, agus gan aon deacrachtaí tuisceana. |
Maith | Daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ábalta iad féin a chur in iúl go soiléir, cruinn trí Ghaeilge, agus gan morán stró ó thaobh tuisceana. |
Sásúil | Daoine a bhfuil a gcuid Gaeilge sásúil ó thaobh na líofachta de agus atá in ann an Ghaeilge a thuiscint. |
Teip | Daoine a bhfuil a gcuid Gaeilge stadach agus nach bhfuil in ann an teanga labhartha a leanacht agus a thuiscint. |
Ar Fheabhas |
Daoine atá in ann labhairt go han-chruinn agus gan botúin a dhéanamh. |
Cruinneas | |
An-mhaith | Daoine a bhfuil tuiscint an-mhaith acu ar ghramadach na Gaeilge agus a labhraíonn go cruinn. |
Maith | Daoine a bhfuil greim maith acu ar an teanga. Tá leibhéal maith cruinnis bainte amach acu, ach tá obair le déanamh fós ar phointí teanga áirithe. |
Sásúil |
Daoine a bhfuil leibhéal cruinnis sásúil bainte amach acu, ach a bhfuil obair le déanamh acu fós ar go leor pointí gramadaí agus comhréire. |
Teip | Daoine nach bhfuil an leibhéal cruinnis inmhianaithe bainte amach acu agus a dhéanann bunbhotúin ghramadaí agus chomhréire. |
Foclóir | |
Ar Fheabhas |
Daoine a bhfuil foclóir fairsing, leathan, sofaisticiúil acu. |
An-mhaith | Daoine a bhfuil stór focal leathan acu a chuireann ar a gcumas labhairt go héifeachtach faoi réimse leathan ábhar. |
Maith | Daoine a bhfuil caighdeán foclóra bainte amach acu a chuireann ar a gcumas labhairt go héifeachtach faoi ghnáthábhair an tsaoil. |
Sásúil | Daoine a bhfuil foclóir sásúil, feidhmiúil acu, ach a bhfuil obair le déanamh acu ar an ngné seo dá gcuid Gaeilge. |
Teip | Daoine a bhfuil foclóir teoranta, easnamhach acu agus nach mbíonn an focal ceart acu go minic. |
Saibhreas (Foghraíocht, nathanna cainte) | |
Ar Fheabhas | Daoine a bhfuil an-saibhreas Gaeilge acu. Úsáideanna siad réimse leathan nathanna cainte. Tá a gcuid Gaeilge an-chruinn ó thaobh na foghraíochta. |
An-mhaith | Daoine a bhfuil Gaeilge an-saibhir acu. Tá réimse nathanna sealbhaithe acu. Déanann siad cúram de fhuaimniú ceart na bhfoghar Gaeilge. |
Maith | Daoine a bhfuil leibhéal maith saibhris bainte amach acu. Tá go leor nathanna deasa acu. Tá siad go maith ó thaobh fhuaimniú na Gaeilge. |
Sásúil | Daoine a bhfuil leibhéal sásúil saibhris bainte amach acu. Tá corr-nath cainte acu. Tá siad in ann roinnt mhaith foghar a fhuaimniú go cruinn. |
Teip | Daoine nach bhfuil bunleibhéal saibhreas teanga bainte amach acu. Níl mórán nathanna cainte acu. Níl bunfhoghair na teanga ar a dtoil acu. |
Léitheoireacht | |
Ar Fheabhas |
Daoine a léann an Ghaeilge go han-chruinn, soiléir, líofa, le rithim cheart. |
An-mhaith | Daoine atá in ann an Ghaeilge a léamh go han-chruinn. |
Maith | Daoine atá in ann an Ghaeilge a léamh go cruinn, cúramach. |
Sásúil | Daoine a bhfuil léamh cruinn na Gaeilge acu go pointe sásúil. |
Teip | Daoine nach bhfuil in ann an Ghaeilge a léamh go cruinn. |