DCU Registry header
Registry

PMEP Dept of Education Entry Requirements As Gaeilge

Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) Riachtanais Iontrála agus Nósanna Imeachta do 2016

 

1. Clár iarchéime oideachais mhúinteora é seo do mhúinteoireacht bhunscoile (2016 – 2018) do dhaoine a bhfuil Céim Bhaitsiléir le hOnóracha ag Leibhéal 8 acu nó dóibh siúd atá ag súil go mbeidh éirithe leo insna scrúduithe deiridh roimh ar an Aoine, 1ú Iúil 2016.

Clár lánaimseartha é seo a gcuirfear tús leis i mí Mheán Fómhair 2016 agus a chríochnófar i samhradh na bliana 2018 agus seachadfar é insna hInstitiúidí Ardoideachais.

• Institiúid Oideachais OCBÁC, Campas Choláiste Phádraig OCBÁC, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9. (courseinfo@dcu.ie), Teileafón: (01) 884 2096.

• Coláiste Mhuire gan Smál, An Cuarbhóthar Theas, Luimneach , (admissions@mic.ul.ie), Teileafón: 061 204348

• Roinn an Bhunoideachais agus Oideachas na Luath-óige Froebel, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, Má Nuad, Co. Chill Dara , (froebel.department@nuim.ie), Teileafón: (01) 4747400

• Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 , (admissions@mie.ie), Teileafón: (01) 8057700

Beidh líon teoranta ionad le fáil ar na cláir seo agus roghnófar iarratasóirí do na cláir trí chomórtas. Bíodh a fhios ag iarratasóirí go mb’fhéidir go mbeadh gearrliostú i bhfeidhm. Féadfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta daoine a n-éiríonn leo sa chlár seo a chlárú faoi Rialachán 2 (Bunoideachas) agus beidh siad intofa chun a gceaptha i Scoileanna Náisiúnta na hÉireann.

2. Nós Imeachta Iarratais

Is ceart dóibh siúd atá ag déanamh iarratais chuig na hInstitiúidí Ardoideachais atá suite i mBaile Átha Cliath agus Maigh Nuad an t-iarratas a dhéanamh tríd an Ionad Iarratais Iarchéime www.pac.ie/dcu. Ní mór gach doiciméadacht tacaíochta a chur trí pac.ie. Is ceart d’iarratasóirí an nós imeachta roghnúcháin atá mionsonraithe in alt 4 thíos a thabhairt faoi deara chomh maith. Is é an spriocdháta d’fhoirmeacha iarratais chomhlánaithe a fháil ná 5pm ar an Aoine, 11ú Márta, 2016. Is ceart iarratais chuig Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach a chasadh ar ais go díreach chuig an Oifig Iontrála sa Choláiste ag an seoladh thuas. Is ceart d’iarratasóirí an nós imeachta roghnúcháin atá mionsonraithe in alt 4 thíos a thabhairt faoi deara chomh maith. Is é an spriocdháta d’fhoirmeacha iarratais chomhlánaithe a fháil ná 5pm ar an Aoine, 11ú Márta, 2016.

3. Coinníollacha Intofachta

Ní mór d’iarratasóirí na cáilíochtaí acadúla seo a leanas a bheith acu:

(a) Céim Bhaitsiléara le hOnóracha 2.2 ar a laghad[1] (Mórdhámhachtain ag Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí) nó mórdhámhachtain ag Leibhéal 9 nó mórdhámhachtain ag Leibhéal 10 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, agus

(b) ceann de na teaglamaí seo a leanas de cháilíochtaí dara leibhéal:

(i) i scrúdú na hArdteistiméireachta ó 1969 amach: grád C3 nó os a chionn sin sa Ghaeilge Ardleibhéal; grád D3 nó os a chionn sin sa Mhatamaitic (Gnáthleibhéal nó Ardleibhéal); agus grád C3 nó os a chionn sin sa Bhéarla (Gnáthleibhéal) nó grád D3 nó os a chionn sin sa Bhéarla (Ardleibhéal); nó

(ii) i scrúdú na hArdteistiméireachta roimh 1969, Onóracha sa Ghaeilge agus Pasanna sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic; nó

(iii) i Scrúduithe Leibhéal A sa GCSE agus sa GCE i dTuaisceart Éireann: Grád C sa Ghaeilge ag Leibhéal A sa GCE; Grád C ag Leibhéal an GCSE sa Bhéarla agus i Litríocht an Bhéarla araon nó Grád B ag Leibhéal an GCSE i gceachtar acu; agus Grád D ag Leibhéal an GCSE sa Mhatamaitic Bhreise nó Grád C ag Leibhéal an GCSE sa Mhatamaitic.

Ní mór d’iarratasóirí fianaise a chur ar fáil don Institiúid Ardoideachais go bhfuil an chéim atá aige/aici liostaithe mar mhórdhámhachtain ag an leibhéal cuí ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Ní mór d’iarratasóirí na riachtanais iontrála go léir a chomhlíonadh faoin Aoine, 1ú Iúil, 2016 agus fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil gur chomhlíon siad na riachtanais seo.

Cáilíochtaí malartacha in ionad cáilíochtaí dara leibhéal i gcás na Gaeilge, an Bhéarla agus na Matamaitice

Glacfar le Pas i Scrúdú Ollscoile Céad Dána sa Ghaeilge, sa Bhéarla nó sa Mhatamaitic in ionad an riachtanais Ardteistiméireachta/GCE/GCSE don ábhar a bhaineann.

I gcás na Gaeilge glacfar chomh maith le Grád C sa Scrúdú Máithreánach (a bhí ar an bhfód anuas go dtí 1992) in ionad an riachtanais Ardteistiméireachta/GCE/GCSE. Ina theannta sin, glactar leis go sásaíonn na cáilíochtaí seo a leanas an riachtanas Ardteistiméireachta/GCE/GCSE:

• Dioplóma sa Ghaeilge, Leibhéal C1, OÉ Gaillimh

• Dioplóma sa Ghaeilge, Leibhéal B2, OÉ Gaillimh

• Dioplóma sa Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann Má Nuad

• Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ag Leibhéal B2, Ollscoil na hÉireann Má Nuad

• Dioplóma san Ealaíon (Ghaeilge Fheidhmeach) ón Ollscoil Náisiúnta Corcaí

• Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach, Ollscoil Náisiúnta BAC

• Dioplóma sa Ghaeilge (An Ghaeilge sa Saol Comhaimseartha), Ollscoil Luimnigh

• Dioplóma sa Ghaeilge, Ollscoil Uladh

I gcás na Matamaitice, glacfar chomh maith le Pas san ábhar sin sa Scrúdú Máithreánach in ionad an riachtanais Ardteistiméireachta/GCSE.

4. An Próiseas Roghnúcháin

Beidh ar iarratasóirí intofa dul faoi Agallamh agus Béaltriail Ghaeilge. Brisfear as an gcomórtas iarratasóirí a fhaigheann grád “teip” san Agallamh nó sa Bhéaltriail Ghaeilge, ceachtar acu. Is é is aidhm leis an Agallamh ná oiriúnacht an iarratasóra a mheas do rannpháirtíocht i gclár oideachais bhunmhúinteora.

Is éard a bheas sa Béaltriail Ghaeilge ná:-

• comhrá faoi thopaicí laethúla agus faoi leabhair a bheas léite ag an iarratasóir; agus

• sliocht oiriúnach próis nó filíochta a léamh go cruinn agus go héirimiúil agus an t-ábhar a bheas léite a mhíniú.

Is ceart d’iarratasóirí a nótáil go n-éilítear ardchaighdeán líofachta sa Bhéaltriail Ghaeilge agus ullmhúchán a dhéanamh don scrúdú dá réir sin.

Cuirfidh an Lárionad cuí (Baile Átha Cliath agus/nó Luimneach) in iúl d’iarratasóirí dáta, am, ionad, etc, an Agallaimh agus na Béaltrialach Gaeilge acu agus ní mór dóibh freastal ar na scrúduithe seo ar a gcostas féin. Is i mBaile Átha Cliath nó i Luimneach, ceachtar acu, a bheas ionad na scrúduithe.

5. Eolas Ginearálta

Socrúchán Gaeltachta

Freastal agus Costas: Ní mór do gach mac léinn a ghnóthaíonn cead iontrála ar an gclár freastal ar dhá shocrúchán chónaitheacha sa Ghaeltacht. Mairfidh gach socrúchán díobh ar feadh dhá sheachtaine. Is cóir a nótáil gur cuid éigeantach den chúrsa é seo. Ní ghlanfaidh an Roinn Oideachais & Scileanna costas an chúrsa éigeantaigh seo.

Deontais do Mhic Léinn:

Mar gheall ar na hathruithe a tugadh isteach i mBuiséad 2012, ní bheidh mic léinn nua a bheas ag iontráil ar chláir iarchéime ón bhliain acadúil 2012/13 amach, i dteideal deontais chothabhála a fháil faoi Scéim Deontas na Mac Léinn. Ní rachaidh sé seo i gcion ar mhic léinn iarchéime a bheas ag leanúint ar aghaidh le cláir a bhfuil siad ag gabháil dóibh cheana.

Beidh mic léinn a iontrálann ar chláir iarchéime agus a shásaíonn na coinníollacha cáilitheacha don ráta spesialta deontais i dteideal a dtáillí teagaisc a fháil íoctha suas go dtí an uasteorainn táillí de €6,270 faoi Scéim Deontas na Mac Léinn.

Féadann mac léinn iarchéime bheith i dteideal ranníocaíocht de €2,000 a fháil íoctha i leith costais a dtáillí. Ba é €31,500 an tairseach ioncaim don íocaíocht seo don bhliain acadúil 2013/14, agus méadú ag teacht air sin de réir líon na ndaoine cleithiúnacha sa teaghlach.

Comhairlítear do mhic léinn iarratas lánchomhlánaithe deontais ar líne a chur faoi bhráid SUSI via www.susi.ie chun go measúnófar a n-intofacht ar chabhair deontais. Tá tuilleadh eolais faoi dheontas na mac léinn le fáil ar shuíomh gréasáin SUSI www.susi.ie.

Feidhmiúlacht chun Cleachtadh:

1. Grinnfhiosrúchán an Gharda: Sular féidir le hInstitiúid Ardoideachais clárúchán mic léinn a chur i gcrích; éilíonn na hInstitiúidí ar gach mac léinn nua atá ag gabháil d’oideachas múinteora dul faoi phróiseas grinnfhiosrúcháin an Gharda d’fhonn a fháil amach an bhfuil aon chiontú acu nó cúiseamh coiriúil ar feitheamh. Áit a ndearbhaíonn an próiseas seo go bhfuil a leithéid ann, cuirtear an cheist faoi bhráid Choiste Grinnfhiosrúcháin laistigh den Institiúid Ardoideachais a chinneann an féidir leis an mac léinn leanúint lena c(h)lár staidéir.

2. Riachtanais Leighis: Éilítear ar na mic léinn uile atá ag gabháil d’oideachas múinteora don chéad uair Foirm Fhaisnéise faoi Stádas Sláinte a chomhlánú, a thugann le fios an bhfuil tinneas nó míchumas leanúnach suntasach ar bith acu a fhéadfadh cur isteach ar a gcumas le riachtanais an chúrsa a shásamh, Socrúchán Scoile san áireamh. Déanfar iontrálaithe a luann cúinsí sláinte, míchumais nó staideanna síceolaíochta a mheasúnú ar bhonn aonair chun a mheas an mbeadh an cumas acu riachtanais an chláir a shásamh le cabhair garaíochtaí réasúnta. Ní dhéanfar daoine aonair a fhágáil as an áireamh toisc go bhfuil riocht nó míchumas ar leith acu má mheastar gur dócha go mbeadh sé indéanta don duine sin riachtanais an chúrsa a shásamh le cabhair garaíochtaí réasúnta. Tabharfaidh na hInstitiúidí Ardoideachais comhairle do mhic léinn maidir leis an nós imeachta atá le cleachtadh ina leith seo.

Ní ceadaithe do rannpháirtithe sa chlár oideachais mhúinteora seo gabháil le gnó ná le clár ar bith eile staidéir i gcaitheamh an chláir gan chead a bheith faighte acu roimh ré ó Uachtarán/Cheannaire Roinne na hInstitiúide Ardoideachais.

Tá tuilleadh eolais faoin gclár ar fáil ón Institiúid Ardoideachais is rogha leis an iarratasóir.


[1] Nótáil le do thoil gur áiríodh fógra faoin riachtanas seo (Céim Bhaitsiléara le hOnóracha 2.2) atá ag teacht i bhfeidhm in 2016 sna Riachtanais Iontrála don MGO 2014 agus sna Riachtanais Iontrála don MGO 2015.