Fiontar agus Scoil na Gaeilge chun siompóisiam ar an dialann i litríocht na hÉireann a reachtáil ar an 29 Aibreán

Fiontar agus Scoil na Gaeilge chun siompóisiam ar an dialann i litríocht na hÉireann a reachtáil ar an 29 Aibreán

Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, ag reachtáil siompóisiam lae ar an dialann sa Ghaeilge, arb é an chéad imeacht dá leithéid riamh.

Beidh sé ar siúl ar an 29 Aibreán ó 9 a.m. go 5.30 i.n., agus beidh cainteanna á gcur i láthair ar Zoom ag scoláirí seanbhunaithe chomh maith céanna le taighdeoirí luathghairme.

Dúirt eagraí an tsiompósiam, an Dr Pádraig Ó Liatháin, Fiontar agus Scoil na Gaeilge: “Ó aimsir Imeacht na nIarlaí sa seachtú haois déag, tá an dialann á saothrú sa Ghaeilge chun críocha éagsúla. De réir a cáilíochta is féidir le dialann a bheith an-phearsanta agus príobháideach, ach fairsing agus domhanda ina dearcadh."

Dar leis an Dr Ó Liatháin, tá taifead luachmhar i ndialanna na Gaeilge ar na nithe seo a leanas, gan ach an beagán a lua:

  • imeachtaí polaitiúla in Éirinn agus go hidirnáisiúnta
  • mórimeachtaí stairiúla
  • mná na hathbheochana
  • bailiú ceoil agus béaloidis
  • cúrsaí dúlra
  • an saol ar na hoileáin
  • scríbhneoireacht taistil
  • insintí leighis
  • gluaiseachtaí intleachtúla comhaimseartha

Tá an ócáid oscailte don phobal chomh maith céanna leis an lucht acadúil, agus tabharfaidh sé deis don lucht freastail plé le daoine ar líne agus níos mó a fhoghlaim faoi sheánra na dialannaíochta i nGaeilge.

Chun an clár iomlán a íoslódáil, cliceáil anseo.

Más mian leat freastal ar an ócáid seo, seol ríomhphost roimh ré chun nasc a fháil chuig: padraig.oliathain@dcu.ie

Scoil idirdhisciplíneach ag DCU is ea Fiontar & Scoil na Gaeilge a aithnítear go hidirnáisiúnta as cáilíocht na gclár a sholáthraíonn sé trí mheán na Gaeilge, agus as nádúr nuálach theagasc, taighde agus obair na foirne acadúla agus na dtaighdeoirí ar ár dtionscadail dhigiteacha .

Dearadh cláir fhochéime agus iarchéime na scoile sa chaoi is go neartaíonn siad scileanna praiticiúla agus acadúla na mac léinn, chomh maith le rannchuidiú lena bhforbairt acadúil leanúnach agus a bpunann cáilíochtaí gairmiúla.

Chun níos mó a fhoghlaim faoinár gcúrsaí i nGaeilge cliceáil anseo.

****
 

Fiontar agus Scoil na Gaeilge to host Irish literature symposium on 29 April

Fiontar agus Scoil na Gaeilge at DCU is hosting a unique one-day symposium on Irish diary writing which is the first event of its kind ever held in the Irish language.

Taking place on 29 April from 9:00am to 5.30pm, this full-day event will feature talks from established scholars in the genre as well as early career researchers.

Organiser Dr Pádraig Ó Liatháin at DCU’s Fiontar agus Scoil na Gaeilge said: “Diary writing is an important means of authorial self-discovery and self-expression. Since the time of the Flight of the Earls in the seventeenth century, it has been utilised in the Irish language for various purposes. By its nature a diary can be both intensely private, yet global in its outlook.” 

According to Dr Ó Liatháin, diary writing in Irish has also provided a record of: 

  • matters of court and diplomatic intrigue
  • Irish and international political affairs
  • historical milestones
  • observations on nature
  • life on Irish-speaking coastal islands
  • the collection of music and folklore traditions
  • travel writing
  • medical narratives

The event is open to the public as well as academics, and offers a great opportunity to network and learn more about the genre of diary-writing in Irish. 

Download the full programme.

If you wish to attend this event, please send an email request in advance to receive a webinar link to: padraig.oliathain@dcu.ie 

About Fiontar & Scoil na Gaeilge

Fiontar & Scoil na Gaeilge is an interdisciplinary School at DCU which is recognised internationally for the quality of programmes it delivers through the medium of Irish, and for the innovative nature of the teaching, research and work of the academic staff and researchers on our digital projects.

Discover our courses

The school’s undergraduate and postgraduate programmes are designed in such a way that they reinforce the practical and academic skills of the students, as well as contributing to their ongoing academic development and portfolio of professional qualifications.

Learn more about our courses in Irish