DCU Oifig na Gaeilge header
Gaeilge

Oifigeach Gaeilge | Gaeilge

Oifigeach Gaeilge

Siobhán ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ( DCU ) mar Oifigeach Gaeilge. Tá bun chéim ag Siobhán sa Nua-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá Máistreacht aici sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus teastas i mBainistíocht Tionscadail and Nuálaíocht IBAT. 

Tá réimsí leathan taithí aici agus d’oibrigh sí mar Bhainisteoir Forbartha Gnó le Gaelchultúr, Bhainisteoir Imeachta ar Rith Teo agus mar Fheidhmeannach leis An Foras Pátrúnachta. 

I 2011 d’fhoilsigh Glór na nGael leabhar léi ‘Ráth Chairn na Gréine: Bailiúcháin amhrán agus dánta ó Ghaeltacht Ráth Chairn 1935 – 2011’. 

Ó 2013 tá sí mar bhall de Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta. I 2017 bhí Comhairle nua ceaptha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus is í Siobhán a bhí ceaptha ina Cathaoirleach uirthi. 

Cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Siobhán Seoighe ar Bhord an Údaráis i Mí an Mheithimh 2015. 

Oifig

A202, Coláiste Albert, DCU, Glas Naoín, Baile Átha Cliath 9