DCU Gaeilge - Oifig na Gaeilge header
Gaeilge - Oifig na Gaeilge

An Dioplóma sa Ghaeilge

Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh an Dioplóma sa Ghaeilge ar ais arís don bhliain 2025/2026.

Is comhpháirtíocht iontach í seo idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe agus Oifig na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Is do mhic léinn DCU amháin an chúrsa seo / This course is open to DCU Students alone.

An Dioplóma sa Ghaeilge (B2/B1) - Mic Léinn DCU

Ag tosú: 18.00, Dé Céadaoin, 01 Deireadh Fómhair 

Am: 18.00 - 21.00 

Lá: Dé Céadaoin

Láthair: Campas Phádraig, OCBÁC

Léibhéal: B2/B1 ag brath ar éileamh agus iarratais 

Tá an cúrsa seo foirfe duit má tá ag iarraidh:

  • Cur le do líofacht i scríobh & i labhairt na Gaeilge?
  • Dul ar aghaidh agus Máistir Gairmiúil san Oideachas (Múinteoireacht Bhunscoile) a dhéanamh? 

*Is féidir an cúrsa leibhéal B2 a úsáid mar rogha eile ar cháilíocht dhara leibhéal i nGaeilge agus tá an cúrsa seo aitheanta ag an Roinn Oideachais mar cháilíocht iontrála sa Ghaeilge, tuilleadh eolais anseo.

Forléargas ar an gcúrsa:

  • Ag tosú ar an 01 Deireadh Fómhair, ar Champas Phádraig.
  • Táille an chúrsa: €250 in aghaidh na bliana do mhic léinn lánaimseartha Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - €990 atá ar an gcúrsa de ghnáth.
  • Is cúrsa páirtaimseartha é seo thar dhá bhliain.
    • Bliain 1: Uair in aghaidh na seachtaine, 20 seachtain, scrúdú scríofa agus scrúdú cainte san áireamh.
    • Bliain 2: Uair in aghaidh na seachtaine, 20 seachtain, scrúdú scríofa agus scrúdú cainte san áireamh.
  • Tuilleadh eolais ag an NASC seo. 

Spéis agat?

  1. Líon isteach an fhoirm iarratais ar líne roimh 11.00am, Dé Luain, 29 Meán Fómhair 2025 (síneadh ama). 

Clarú anseo 

  1. Gheobhaidh tú ríomhphost le nasc chuig an Triall Teanga ina dhiaidh sin. Ní ghlacfar le d'iarratas go dtí go bhfuil an Triail Socrúcháin Teanga déanta agat.
  2. Beidh tú in ann íoc ar líne chun d’áit a dheimhniú. 

     

Tuilleadh Eolais

Má tá ceist agat faoin gcúrsa bí i dteagmháil le: Siobhán Seoighe 

Má tá ceist agat faoi d’iarratas déan teagmháil le: Treasa de Paor