Taighde 2019-2020

Tá gníomhaíochtaí taighde OCBÁC fós ag dul i ngleic leis an réimse leathan príomhdhúshlán atá romhainn i saol an lae inniu. Tá difríocht á déanamh ag taighdeoirí na hOllscoile, i réimsí éagsúla amhail taighde ailse agus fuinneamh inbhuanaithe.

Bhí seoladh oifigiúil Biodesign Europe - lárionad nua taighde fheidhmigh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a cuireadh ar bun i gcomhar le hInstitiúid Bithdhearaidh Ollscoil Stáit Arizona, ar cheann de mhórfhorbairtí na bliana 2020. Díreoidh an lárionad nua seo ar fhionnachtain, ar aistriú eolais agus ar nuálaíocht eolaíoch, go háirithe sna réimsí seo a leanas; sláinte an duine, sábháilteacht sa phobal agus inbhuanaitheacht dhomhanda, chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda.

Bhí dea-scéala eile do thaighde OCBÁC nuair a deimhníodh go gcuirfí maoiniú nua arbh fhiú €43 milliún é ar fáil do Lárionad INSIGHT. Dírítear ar thaighde anailísíochta sonraí sa lárionad seo, faoi stiúir an Ollaimh Noel O’Connor ó OCBÁC, agus is iad OCBÁC, OÉG, COC agus COBÁC atá ina bhun i gcomhar le chéile. Sna chéad seacht mbliana ar an bhfód, scríobh taighdeoirí Insight breis agus 2,000 foilseachán, cuireadh oiliúint ar 184 céimí iardhochtúireachta ann, d’eascair 11 chomhlacht nua uaidh, agus bhí tionchar eacnamaíoch luach €593m aige ar gheilleagar na hÉireann.

Bhí roinnt forbairtí ríthábhachtacha sa réimse taighde sláinte. Chuir taighdeoirí san Institiúid Náisiúnta Cillbhitheolaíochta tús le trialacha ar chóir leighis nua d’ailse cíche. Fógraíodh gurbh í OCBÁC an príomhpháirtí don tionscadal ‘NATURE network’ arbh fhiú €4m é - mórthionscadal Eorpach chun tacú le cóireálacha nua a fhorbairt do ghalair ghéiniteacha, bunaithe ar thaighde ar aigéid núicléasacha.

Tá difríocht á déanamh chomh maith ag taighdeoirí de chuid OCBÁC i réimse an chomhshaoil agus an athraithe aeráide, rud atá ag teacht le misean OCBÁC chun “saol na ndaoine agus an tsochaí a bhunathrú chun feabhais”. D’fhoilsigh foireann de chuid na hOllscoile eolas nua a léiríonn gur féidir fuinneamh a ghiniúint as fuíollábhar ó thionscadal na grúdaireachta. Chuir grúpa ó Scoil na nEolaíochtaí Fisiciúla OCBÁC tús le taighde ar mhodhanna atá saor ó cheimiceán le tuirbíní gaoithe a ghlanadh, agus d'fhoilsigh Institiúid Uisce OCBÁC torthaí a chéad Blitz Uisce - tionscadal a rinneadh le cabhair ó "eolaithe saoránach" chun tástáil a dhéanamh ar uiscebhealaí na hÉireann chun a fháil amach an raibh truailliú iontu.

Tá an taighde a dhéantar san Ollscoil ilghnéitheach. Fuair taighdeoirí de chuid OCBÁC  radathonnta neamhghnácha ó réalta i bhfad i gcéin, agus i staidéar eile, fuarthas amach nach bhfuil Intleacht Shaorga go maith ag mothúcháin daoine a thabhairt faoi deara. Chomh maith leis sin, fuair taighdeoirí staire agus litríochta rochtain ar dhialanna Sean Lester i leabharlann OCBÁC. B’iontach an turas a rinne na cáipéisí seo chuig OCBÁC - bhí siad curtha sa chré i gcás miotal in aice binse páirce sa Ghinéiv le linn an dara Cogadh Domhanda. Tá comhfhreagras idir Sean Lester agus James Joyce iontu.