Taighde 2020-2021

Le bliain anuas, lean taighdeoirí OCBÁC orthu maidir lena ndúthracht a chaitheamh le heolas a chruthú a dhéanann difear soiléir i saol daoine. I ngach ceann de chúig dhámh na hOllscoile, téann an taighde seo i ngleic le réimse leathan dúshlán atá ag teacht salach orainn i saol an lae inniu. Is léir a fhairsinge is atá an taighde ó éagsúlacht na bhfoilseachán, na n-aschur agus na gcomhpháirtíochtaí, a chuimsíonn gach rud idir fhionnachtain maidir leis an tuiscint atá againn ar chruthú réaltaí, agus mholtaí maidir le heaspa dídine a laghdú i measc daoine a bhfuil an t-uathachas orthu, agus staidéar a thugann eolas agus a dhéanann anailís ar na daoine go léir a fuair bás le linn Ré Réabhlóideach na hÉireann, agus iniúchadh ar ról an aistriúchán maidir le beartais i leith géarchéim a chur in iúl don phobal.

Ag Institiúid Oideachais OCBÁC, tá taighdeoirí i mbun bealaí a fhiosrú lenar bhféidir foghlaim faoin eolaíocht a dhéanamh níos sothuigthe agus níos spraíúla do pháistí bunscoile. Toradh tábhachtach a tháinig chun solais le linn an taighde ná go bhfuil scáth ar roinnt tuismitheoirí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eolaíochta lena bpáistí. I gcúrsaí Teagaisc agus Foghlama, chruthaigh taighde a rinneadh in Fiontar & Scoil na Gaeilge in OCBÁC nach bhfuil Gaeilge aon phioc níos deacra chun í a fhoghlaim ná aon teanga eile. Is é an staidéar an chéad leabhar a scríobhadh i nGaeilge faoi theoiric agus faoi chleachtas foghlama sa dara teanga le breis agus daichead bliain.

Tá an Rialtas agus comhlachtaí stáit ag baint leas níos mó agus níos mó as saineolas taighdeoirí OCBÁC chun athrú chun feabhais a chur i gcrích. D'oibrigh Scoil Chumarsáide OCBÁC i gcomhar le hÚdarás Craolacháin na hÉireann chun Mediaownership.ie. a chruthú. Is áis é an bunachar sonraí inchuardaithe seo chun faisnéis mhionsonraithe a fháil faoi cé leis cuideachtaí sna meáin in Éirinn. Ag an am céanna, d’ainmnigh an rialtas Ionad Náisiúnta Taighde agus Acmhainní Frithbhulaíochta (ABC) mar anAn tIonad Breathnaithe Náisiúnta um Chibearbhulaíocht . Mar chuid d’iniúchadh eile a rinne taighdeoirí ABC tháinig fionnachtain chun solais gur mór an t-údar imní é, is é sin  gur iarradh ar nach mór leath de dhaltaí meánscoile grianghraf gáirsiúil díobh féin a sheoladh.

Maidir le cur chuige OCBÁC i leith taighde, tá sé de theist orainn le fada an lá go mbíonn dea-chaidreamh againn lenár gcomhpháirtithe agus páirtithe leasmhara  Le dhá mhí dhéag anuas, d’éirigh linn teacht ar roinnt comhaontuithe tábhachtacha le comhpháirtithe tionscail  I nDámh na hInnealtóireachta agus na Ríomhaireachta OCBÁC, shínigh taighdeoirí le I-Form, Ionad Taighde Ard-Déantúsaíochta de chuid SFI [Fondúireacht Eolaíochta Éireann], margadh ceithre bliana le PBC BioMed, chun iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí nua chun ionchlannáin leighis úrscothacha a dhéanamh. Shínigh taighdeoirí I-Form comhaontú freisin leis an gcuideachta Mheiriceánach Fort Wayne Metals chun obair i gcomhar ar  phrintéir 3T a úsáid chun sreanga nua a phriontáil do thionscal na bhfeistí leighis. Tháinig comhpháirtíocht taighde eile chun cinn i bhfoirm comhoibrithe idir Ionad Uisce OCBÁC agus an ghníomhaireacht chabhrach GOAL ar mhaithe le dul i ngleic le deacrachtaí maidir le soláthairtí uisce, sláintíocht agus sláinteachas i bpobail leochaileacha i roinnt tíortha san Afraic.

I réimse na sláinte agus na feidhmíochta daonna, leanann taighdeoirí OCBÁC orthu maidir lenár dtuiscint agus ár n-eolas a chur chun cinn. Fuarthas amach i staidéar faoi stiúir OCBÁC go bhfuil scagthástáil le haghaidh ailse ceirbheacs níos éifeachtaí nuair atá rátaí vacsaínithe HPC [papalómaivíreas daonna] níos airde agus go dtagann laghdú ar idirghabhálacha máinliachta gan ghá dá bharr. Fuarthas amach i staidéar eile go mbíonn dea-thionchar ar shláinte fhisiciúil daoine fásta níos sine má dhéanann siad traenáil nirt agus aeróbach in éineacht le slánbhianna agus neart próitéine iontu a ithe mar chuid d’aiste chothromaithe bhia.. Rinne staidéar fionnachtana faoi shláinte páistí nuair a fuarthas amach le linn taighde go dtagann feabhas ar shláinte páiste má tá sé nó sí in ann rith, scipeáil agus léim ar leathchos. Ag an am céanna, fuarthas amach i dtaighde a rinneadh faoi scáth OCBÁC go bhfuil ag éirí le monaróirí sláinte an phobail a fheabhsú, fad is a tháinig torthaí chun solais i dtaighde eile nach raibh chomh dearfach sin, is é sin  gur aimsíodh iarsmaí de lotnaidicídí neoinicitíonóideacha i mil Éireannach..

Ag Scoil Ghnó OCBÁC, i measc aschuir taighde bhí staidéar a d'fhéach ar líon na n-iníonacha a tháinig i gcomharbas ar a n-aithreacha mar cheannairí ar ghnólachtaí in Éirinn, agus léirítear go mbíonn sé dúshlánach go maith do mhná iontaoibh a chothú ina leith mar an chéad oidhre eile. D'fhoilsigh cuibhreannas faoi stiúir OCBÁC tuarascáil freisin a tharraing aird ar éagothroime inscne san earnáil fiontraíochta  trí chomparáid thraschultúrtha a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht na mban in Éirinn, san Iorua, in Iosrael agus sa tSualainn. Ag an am céanna, rinne taighde i gcomhar le hIonad Lero de chuid an SFI iniúchadh ar an dóchúlacht a bhain le cártaí aitheantais náisiúnta a thabhairt isteach. Fuair sé amach go bhfuil móramh d’Éireannaigh i bhfách cárta aitheantais a thabhairt isteach chomh maith le ríomhvótáil ón mbaile do thoghcháin agus do reifrinn amach anseo.