Tionchar agus Rannpháirtíocht 2020-2021

Ba mhaith le OCBÁC clú agus cáil a bhaint amach di féin mar an ‘Ollscoil in Éirinn a Théann i gCion’, institiúid a bhfuil sé de cháil uirthi aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag cur as don tsochaí agus don gheilleagar agus a bhaineann leis an saol mar atá. Maidir le dul i gcion ar an gcaoi seo, is den ríthábhacht é an chaoi ina mbíonn an Ollscoil i mbun plé go dearfach leanúnach le réimse leathan de pháirtithe leasmhara áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá an cur chuige praiticiúil seo mar dhlúth agus inneach de OCBÁC, agus é le sonrú i misean na hOllscoile chun ‘saolta agus sochaithe a athrú ó bhonn’.

Fuarthas dea-scéala i mbliana nuair a tugadh aitheantas d’obair na hOllscoile i  Rangú Domhanda maidir le Tionchar san Ardoideachas de chuid Times 2021, nuair a tháinig OCBÁC sa 23ú háit ar domhan maidir lena cur chuige i leith rannpháirtíocht san ardoideachas a leathnú; tháinig sí sa 38ú háit ar domhan maidir le héagothroime a laghdú, agus tháinig sí sa 89ú háit ar domhan maidir le comhionannas inscne. Bealach nuálach amháin ina gcabhraíonn OCBÁC le feabhas a chur ar rochtain ar Ardoideachas ná a clár Access - an tionscnamh rochtana is faide ar an bhfód agus is mó in Éirinn. Tionscnamh a cuireadh le sraith na dtacaíochtaí le déanaí is ea an Socrúchán Oibre Samhraidh, Rochtain ar an Láthair Oibre, agus tá líon na bhfostóirí ag glacadh páirt ann ag dul i méid i gcónaí.

Maidir le tionchar a imirt, tá tábhacht thar na bearta ag baint le plé fónta a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus leis an sochaí i gcoitinne. Tá sé seo níos tábhachtaí ná riamh ó tháinig an phaindéim Covid-19 sa mhullach orainn. Sampla soiléir den ról atá ag OCBÁC plé a dhéanamh leis an réimse is leithne den phobal is ea an fóram poiblí Ár dTodhchaí a Roghnú.  Is í an Dr Jane Suiter a stiúir an fóram seo in éineacht lena foireann ag an Institiúid FuJo i gcomhar leis an SFI agus ADAPT. Chuir sé ar chumas daoine den phobal cead cainte a bheith acu maidir le cén treo inar cheart dár sochaí dul amach anseo.

Tá ról lárnach ag an Ollscoil freisin ó thaobh na hoibre atá ar siúl aici chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne atá ag méadú i gcónaí. Fógraíodh OCBÁC mar chomhordaitheoir den Ionad Breathnaithe um Meáin Dhigiteacha na hEorpa, líonra digiteach agus é de mhisean aige dul i ngleic le bréagaisnéis ar líne. Ag an am céanna, tá OCBÁC ag cabhrú fáil réidh le steiréitíopáil ar bhonn inscne, le bulaíocht ar bhonn inscne agus le foréigean ar bhonn inscne i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna trí bhíthin Is Tábhachtach Í Comhionannas Inscne (GEM) sraith nua acmhainní don seomra ranga, ar sheol iar-Uachtarán na hÉireann, an Dr Mary McAleese í. Sheol an Ollscoil Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha d’Fhostóirí í, cáipéis a thugann comhairle phraiticiúil d'fhostóirí ar mian leo Comhionannas Éagsúlacht agus Ionchuimsiú a chur i bhfeidhm níos mó sa láthair oibre.

Tá borradh faoin bplé atá ag OCBÁC le healaíontóirí agus tá na healaíona tar éis timpeallacht chultúrtha na hOllscoile a shaibhriú go mór. Is iomaí buaicphointe a bhí ann agus ceann amháin acu ná nochtadh sé phortráid de Mhná arbh Cheannródaithe Spreagúla iad i saol ETIM - Seoladh Mná ar Bhallaí de chuid Accenture ag OCBÁCchun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh. Ag an am céanna, d’fhógair OCBÁC agus an Chomhairle Ealaíon Fiona McDonald mar an chéad Ealaíontóir Cónaithe i Teicneolaíocht agus Nuálaíocht ag Gairdín na mBuanna ar champas Alfa OCBÁC. 

Tá na healaíona agus spórt mar chuid lárnach den plé atá ar siúl idir an Ollscoil agus na comharsanachtaí atá mórthimpeall uirthi i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. D’fhógair sí go mbeadh triúr ealaíontóirí nuálacha á gcoimisiúnú aici chun plé le pobail i gcomharsanacht na hOllscoile. Mar thoradh ar an bhfeachtas seo cruthaíodh gearrscannán, taispeántas faoi stiúir an phobail, agus micreapháircín ar champas All Hallows. Ag an am céanna, d'aontaigh OCBÁC agus Club Peile na Boihéime comhpháirtíocht 18 mbliana ar fhad, a bhfuil sé mar aidhm aici an spórt a úsáid mar mhodh chun caidreamh domhain buan a chothú le go neartófar ionchuimsiú sóisialta, for-rochtain shóisialta agus comhoibriú maidir le cláir acadúla.