MA i Léann na Gaeilge
MA i Léann na Gaeilge

Seimineár Gréasáin | MA i Léann na Gaeilge

to
Campus
Online
Venue
Ar líne
Target Audience
All Welcome
Is registration required?
Yes
Free of charge or ticket price
Saor in aisce
For more information contact
gearóidín.uilaighleis@dcu.ie

Ar mhaith leat do chuid eolais ar an Ghaeilge a leathnú agus a fheabhsú?

Is cúrsa nuálach comhaimseartha é an MA i Léann na Gaeilge in DCU. Beidh tú ag freastal ar mhodúil atá bunaithe ar thaighde sainiúil na foirne, mar shampla, beidh tú ag plé le léachtóirí a bhfuil baint lárnach acu leis na tionscadail luachmhara logainm.ie, gaois.ie, ainm.ie.

Anuas air seo, beidh modúil shuimiúla eile ann chomh maith ar cheartúsáid na Gaeilge, ar an litríocht, ar an dátheangachas agus ar an traidisiúin béil.

Buntáistí duitse 

Déanfar scileanna agus cumas na mac léinn a fhorbairt i réimsí éagsúla foghlama agus cothófar smaointeoireacht neamhspleách agus cumas anailíse.

Solúbthacht

Tugann an cúrsa iarchéime seo solúbthacht iontach don mhac léinn: Tá roghanna páirtaimseartha agus lánaimseartha ar fáil duit agus beidh tú in ann modúil áirithe a roghnú de reir do chuid sainspéiseanna fein.  Bíonn léachtaí an MA ar siúl san iarnón thar dhá lá

Saor in aisce

Ócáid ar líne SAOR IN AISCE é seo trí Zoom ar 5.00pm (am Bhaile Átha Cliath), Déardaoin, 18 Lúnasa 2022.

Cláraigh roimh ré anseo: (register in advance) https://dcu ie.zoom.us/meeting/register/tJItfumtrzMrHtAl_Bb9dpt1eMJHhuIbIJRI 

Spriocdháta le haghaidh iarratas - 26 Lúnasa 2022

Léigh tuilleadh faoin chúrsa anseo: www.dcu.ie/DC686