Pictured at the launch of the logainm.ie website in the Restaurant in DCU All Hallows were from left Brian O’Raghaillaigh ,DCU with Una Breathnach ,Manager,Deputy Jack Chambers TD ,Minister of State for Gaeltacht Affairs and Sport and Ciaran Macan Bhaird ,Head of School ,DCU.

Updated Placenames of Ireland website launched by Minister Jack Chambers

logainm.ie details the history and etymology of place names in Ireland

The updated logainm.ie website provides a searchable database of the official Irish-language versions of approximately 100,000 places throughout the country. The new Placenames Database of Ireland site features interactive maps, aerial photography and better ease of navigation for those looking to find out the origins of place names from Arklow to Zion Road.

It is developed by the Gaois research group in Fiontar & Scoil na Gaeilge in Dublin City University in collaboration with the Placenames Branch of the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media.

The website was launched by Jack Chambers T.D., Minister of State for the Gaeltacht and Sport on Dublin City University’s All Hallows campus.

Speaking today, Minister Chambers said:

“I am delighted that the Logainm project continues to improve and develop with support from my Department. Placenames are a valuable link between people and the places where they live, and the work of Gaois and my Department’s Placenames Branch helps us to value these names and their history, fostering an intimate connection with the Irish language. logainm.ie has helped many of us get to know our local heritage.”

Prof Anne Sinnott, Deputy President of Dublin City University, said:

“It is hugely important that our place names are cherished, recorded and, indeed, used more often. The Logainm project continues to make a significant contribution to this task, making the rich heritage of Irish place names more accessible to researchers and the general public, in Ireland and around the world.”

Dr Brian Ó Raghallaigh, Principal Investigator of the project, said:

“I am so proud of the work that my team in DCU has carried out to bring to life this latest exciting iteration of the Logainm software platform, which brings state-of-the-art technology to the study of Ireland's place names.”

About logainm.ie 

logainm.ie provides the official Irish-language versions of approximately 100,000 places throughout the country. It is also a comprehensive management system for the Placenames Branch for data, archival records and place names research. It was first launched in 2008. Students, teachers, journalists, translators, researchers, the public sector and others who need the authoritative Irish form of place names can find them easily by searching the site.

The website has been redesigned to make it a more powerful tool for researchers and for the general public.

This project is funded by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, with support from the National Lottery.

For further information please contact logainm@dcu.ie 

Pictured above at the launch of the logainm.ie website in the Restaurant in DCU All Hallows were from
left: Brian O’Raghaillaigh ,DCU with Una Breathnach, Manager, Deputy Jack Chambers
TD, Minister of State for Gaeltacht Affairs and Sport and Ciaran Mac An Bhaird ,Head of
School, DCU.

Suíomh gréasáin athfhorbartha Logainmneacha na hÉireann seolta ag an Aire Jack Chambers

Tugtar eolas ar stair agus ar shanasaíocht logainmneacha na hÉireann ar logainm.ie

Cuireann an suíomh gréasáin athfhorbartha bunachar sonraí inchuardaithe den ainm oifigiúil Gaeilge atá ar 100,000 éigin logainmneacha ar fud na tíre ar fáil. Tá léarscáileanna idirghníomhacha, aer-ghrianghrafadóireacht agus nascleanúint níos simplí ar fáil ar shuíomh nua Bhunachar Logainmneacha na hÉireann dóibh siúd atá ag iarraidh eolas a fháil ar bhunús logainmneacha ó Dhún na nGall go Loch Garman.

Tá an suíomh á fhorbairt ag grúpa taighde Gaois in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Sheol Jack Chambers T.D., Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt an suíomh ar Champas na Naomh Uile, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Chambers:

“Cúis mhór áthais dom go bhfuil tionscadal Logainm ag fás is ag forbairt le tacaíocht mo Roinne. Nasc luachmhar iad na logainmneacha idir dhaoine agus an áit a gcónaíonn siad, agus cuidíonn obair Gaois agus an Bhrainse Logainmneacha de chuid mo Roinne linn aitheantas a thabhairt do na hainmneacha sin agus dá stair, rud a cruthaíonn nasc leis an Ghaeilge. Cuidíonn Logainm le go leor againn aithne a chur ar ár n-oidhreacht áitiúil.”

Dúirt an tOll. Anne Sinnott, Uachtarán Ionaid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:

“Tá sé an-tábhachtach go deo go léirítear meas ar ár logainmneacha, go ndéantar taifeadadh orthu agus, go deimhin, go mbaintear úsáid níos minicí astu. Tá tionscadal Logainm ag cur go suntasach leis an obair seo i gcónaí, ag cinntiú go bhfuil sé níos éasca do thaighdeoirí agus don phobal in Éirinn agus ar fud an domhain teacht ar eolas faoi oidhreacht shaibhir logainmneacha na hÉireann.”

Dúirt an Dr Brian Ó Raghallaigh, Príomhthaighdeoir an tionscadail:

“Tá mé an-bhródúil as an obair atá déanta ag an bhfoireann anseo in DCU chun beocht nua a chur sa leagan nua iontach seo de bhogearraí Logainm, a chuireann an teicneolaíocht is déanaí ar fáil do léann logainmneacha na hÉireann.”

Maidir le logainm.ie 

Cuireann logainm.ie an t-ainm oifigiúil Gaeilge atá ar 100,000 éigin logainmneacha ar fud na tíre ar fáil don phobal. Is córas cuimsitheach bainistíochta é freisin don Bhrainse Logainmneacha i gcomhair sonraí, taifead cartlainne agus taighde logainmníochta. Seoladh an suíomh den chéad uair sa bhliain 2008. Is féidir le mic léinn, múinteoirí, iriseoirí, aistritheoirí, taighdeoirí, an earnáil phoiblí agus eile teacht ar an leagan oifigiúil Gaeilge de logainm ach é a chuardach ar an suíomh. Tá athdhearadh déanta ar an suíomh chun uirlis níos cumhachtaí a chur ar fáil do thaighdeoirí agus don phobal.

Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.

Tuilleadh eolais ar fáil ó logainm@dcu.ie