Daoine 2019-2020

Ba bhliain í ina raibh athrú ceannaireachta in OCBÁC, nuair a tháinig deireadh le tréimhse deich mbliana an Ollaimh Brian MacCraith mar Uachtarán OCBÁC. Tháinig fás agus forbairt san Ollscoil le linn a thréimhse mar uachtarán - tógadh 3 champas breise: Campas Phádraig, Campas na Naomh Uile, agus Alfa OCBÁC, Campas Nuálaíochta na hOllscoile. Bhí sé ann nuair a rinneadh Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Institiúid Oideachais Mater Dei agus Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann a chónascadh, agus bhí sé ann nuair a bunaíodh an chéad Dámh Oideachais riamh in Éirinn, Institiúid Oideachais OCBÁC.

Chun comóradh a dhéanamh ar dheireadh thréimhse an Ollaimh MacCraith mar uachtarán, reáchtáladh searmanas fíorúil dar teideal Ómós san Ollscoil chun slán a fhágáil aige ag a ndeachaigh sé siar ar bhóithrín na smaointe, ón uair a tháinig sé chun obair le OCBÁC mar ollamh le Fisic sa bhliain 1986.

Ba é Leas-Uachtarán OCBÁC, an tOllamh Daire Keogh a ceapadh mar Uachtarán nua na hOllscoile, agus thosaigh sé i mbun oibre sa ról i samhradh na bliana 2020. Roimhe sin, bhí an tOllamh Keogh ina Uachtarán ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach ón mbliain 2012 go dtí an bhliain 2016 nuair a rinneadh an coláiste a chónascadh le OCBÁC. Ceapadh an tOllamh Anne Sinnott mar Leas-Uachtarán na hOllscoile.

Ag labhairt dó agus é ag tosú amach ag obair ina ról nua, dúirt an tOllamh Keogh: “Tá prionsabail den scoth againn san ollscoil seo, chomh maith le daoine eisceachtúla, mic léinn, baill foirne, agus lucht tacaíochta. Cuirfimid le cáil OCBÁC le chéile, cáil atá tuillte go maith aici mar ollscoil tarraingteach nuálach, atá tiomanta do shaol na nÉireannach a chur chun cinn.

Ba bhliain í chun rathúlacht a cheiliúradh agus chun fáilte a chur roimh bhaill foirne nua chuig OCBÁC. Toghadh Roderic O’Gorman, iarbhall foirne Scoil an Dlí agus Rialtais OCBÁC, ina TD don Chomhaontas Glas, agus ina dhiaidh sin ceapadh ina Aire Leanaí é sa rialtas nua. Ceapadh Eamonn Quinn ina Chathaoirleach ar Iontaobhas Oideachais OCBÁC, fear gnó a bhfuil aithne mhaith ag daoine air. Bhronn OCBÁC dochtúireacht oinigh ar bhainisteoir fhoireann Sinsir Peile na bhFear Átha Cliath, Jim Gavin. Chuir an Ollscoil fáilte roimh a céad amharc-ealaíontóirí cónaithe Mandy O’Neill agus Joanna Hopkins. D’fhág bás an Dochtúra Aonghus Cheevers pobal OCBÁC faoi bhrón, fear a raibh gean agus meas air i Scoil an Dlí agus Rialtais.                                          

Bronnann OCBÁC duaiseanna gach bliain ar dhaoine aonair agus ar fhoirne as an méid a rinne siad ar son mhisean na hOllscoile. Reáchtáladh searmanais fhíorúla chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhronnadh na nDámhachtainí seo a leanas; Dámhachtainí an Uachtaráin um Nuálaíocht agus um Rannpháirtíocht, Dámhachtainí an Uachtaráin um Thaighde agus um Thionchar an Taighde, Dámhachtainí an Uachtaráin um Múinteoireacht agus um Fhoghlaim.