DCU agus Covid-19 2019-2020

An t-athrú go teagasc agus foghlaim ar líne

Dhún OCBÁC a campais, díreach mar a rinne gach Institiúid Ardoideachais eile sa tír. Chiallaigh sé sin gur athraíomar go Teagasc agus Foghlaim ar líne le linn na géarchéime sláinte poiblí. Bhí an t-athrú tapa go léachtaí agus ranganna teagaisc ar líne an-dúshlánach do na mic léinn. D’fhonn an próiseas aistrithe a dhéanamh níos fusa, d’fhorbair an Ollscoil modúl ar líne saor in aisce (nó MOOC) darb ainm Digital Edge, a dearadh go speisialta chun cabhrú le mic léinn “foghlaim faoin tslí le foghlaim ar líne”. Bhí sé an-dúshlánach do na teagascóirí chomh maith teacht i dtír chomh tapa sin ar an “ngnáthshaol nua”. Sheol OCBÁC Ciste Éigeandála Covid-19 do Mhic léinn chun dul i ngleic leis na dúshláin agus leis na fadhbanna airgeadais a bhí roimh mhic léinn, i gcomhar leis an gcomhlacht seirbhísí cumarsáide, BT Ireland. B’éigean dúinn scrúduithe a reáchtáil ar líne agus thairg foireann OCBÁC le bheith ar glao-dhualgas ag Lárionad Tacaíochta OCBÁC do Scrúduithe (DESC).

Toisc go raibh srianta Covid ag leanúint ar aghaidh, níorbh fhada go raibh sé soiléir go gcaithfí searmanas bronnta na gcéimeanna aghaidh ar aghaidh i mí Mheán Fómhair a chur ar ceal.                                                                             

Déanann OCBÁC a cion den iarracht náisiúnta

Níorbh fhada go raibh Pobal OCBÁC ag tacú leis an iarracht náisiúnta nuair a tháinig an dianghlasáil náisiúnta i bhfeidhm de thoradh na paindéime. Chuir FSS Lárionad Rianaithe Teagmhálaithe agus Lárionad Measúnaithe Covid-19 ar bun ar champas Ghlas Naíon, OCBÁC. Rinne Dámh na hEolaíochta agus na Sláinte OCBÁC, agus Scoil na Ceimice OCBÁC trealamh cosanta pearsanta (PPE) a sholáthar d’ospidéil áitiúla, lena n-áirítear; Ospidéal Beaumont, Ospidéal Cuimhneacháin Shéamais Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir agus an tOspidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór. Thosaigh Scoil na hInnealtóireachta Meicniúla agus Déantúsaíochta agus I-Form ag táirgeadh PPE d’fhoireann sláinte ar an líne thosaigh ag baint úsáide as trealamh priontála 3T úrscothach. Ag an am céanna, tháirg foireann theicniúil i nDámh na hEolaíochta agus na Sláinte OCBÁC agus i Lárionad Nanathaighde OCBÁC díghalrán lámh. D'óstáil Scoil na Sláinte & na Feidhmíochta Daonna OCBÁC C&F ar Facebook Live do dhaoine agus do theaghlaigh a bhí ag iarraidh fanacht aclaí agus srianta COVID-19 i bhfeidhm. Bhreathnaigh beagnach 12,000 duine ar a gcéad trí eagrán.

Taighde agus an phaindéim

Ba ríléir ó thús na paindéime go raibh ról fíorthábhachtach ag Ollscoileanna maidir le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda amhail Covid. Chomh maith leis an taighde a bhí ar bun chun vacsaíní agus cóireálacha a aimsiú, dhírigh Ollscoileanna amhail OCBÁC a gcuid saineolais taighde ar réitigh ar an iliomad ceisteanna eile a d’eascair as an ngéarchéim.

Níorbh fhada gur chuir OCBÁC Mol Taighde agus Nuálaíochta Covid-19 ar bun, a dhírigh a chuid iarrachtaí ar cheithre phríomhréimsí: Cúram Sláinte, an tSochaí, an Geilleagar agus an Teicneolaíocht.

D’fhorbair taighdeoirí, le tacaíocht ón mol, fearas ísealchostais le haghaidh Covid-19 a aimsiú i suíomhanna cúraim sláinte, agus ó thaobh an gheilleagair de, rinne foireann de chuid OCBÁC anailís ar ról fíorthábhachtach na bPríomhoifigigh Acmhainní Daonna maidir le dul i ngleic le tionchar na paindéime ar ghnólachtaí. Tá pobal ilchultúrtha agus ilteangach againn in Éireann na laethanta seo, agus dá bhrí sin rinne taighdeoirí measúnú ar an tslí a dhéileáil institiúidí na hÉireann le faisnéis chriticiúil a aistriú agus a chur ar fáil, mar bheartas le haghaidh rioscaí a laghdú le linn na paindéime.

Agus páistí ag caitheamh níos mó ama ná riamh ar líne le linn na dianghlasála, rinne ár dtaighdeoirí measúnú ar a thionchar sin ar a sábháilteacht ar líne agus ar fholláine teaghlaigh, agus rinneadh taighde eile ar thionchar na srianta ar leanaí a raibh riachtanais speisialta acu. D’fhorbair taighdeoirí OCBÁC Córais Ríomhaistriúcháin le focail a bhain le COVID-19 chun eolas ilteangach faoin ngalar a chur ar fáil do ghairmithe leighis agus don phobal i gcoitinne. Sheol foireann eile tionscadal stair béil Covid-19 na hÉireann chun saol na ngnáthdhaoine le linn tréimhse an-neamhghnách a thaifeadadh.