Inbhuanaitheacht 2020-2021

Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is mó roimh an domhan lenár linn agus impleachtaí móra aige do gach gné den saol agus den tsochaí geall leis. Tuigeann OCBÁC a cuid freagrachtaí maidir le dul i ngleic leis an deacracht seo, bíodh sé sin ó thaobh taighde, oibríochtaí nó teagaisc agus foghlama de.

I mí Mheán Fómhair,  sheol Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2021-2026 - treoirphlean uaillmhianach le haghaidh inbhuanaitheachta a dhéanann forbairt ar an gceannaireacht atá léirithe ag an Ollscoil sa réimse seo cheana féin. Geallann OCBÁC faoin bplean seo athruithe ó bhonn a dhéanamh ar a cuid gníomhaíochtaí go léir chun spriocanna uaillmhianacha ‘Saor Ó Charbón’ a bhaint amach. Ar na bearta praiticiúla atá curtha sa siúl chun é seo a bhaint amach tá feachtais chun dlús a chur faoi ídiú fuinnimh a laghdúi measc baill foirne agus na mic léinn.

Tá an inbhuanaitheacht fite fuaite i gcuraclam OCBÁC níos mó agus níos mó. Mar shampla, tá modúl bunaithe ar dhúshláin forbartha ag OCBÁC do mhic léinn i gCuibhreannas Ollscoileanna Nuálacha na hEorpa (ECIU) dar teideal Réigiúin ar mó a lorg carbóin ag athrú a fhiosraíonn conas is féidir le Lár Tíre na hÉireann iompú ó a bheith ag brath ar fhuinneamh a ghiniúint le breosla iontaise.

Fuair an Ollscoil moladh dá hiarrachtaí i réimse na hinbhuanaitheachta i mbliana nuair a bhuaigh OCBÁC Gradam Glas as ídiú uisce a laghdú go mór. Ag an am céanna, leanann Institiúid Uisce OCBÁC ar aghaidh le taighde fiúntach a dhéanamh ar cháilíocht uisce agus ar fhoinsí uisce lena n-áirítear an Blitz Uisce bliantúil. I measc aschur taighde na hInstitiúide i mbliana bhí páipéar a scríobhadh i gcomhar le SFI Insight, a tharraingíonn aird ar an  tábhacht a bhaineann le heolaithe saoránaigh maidir le monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an uisce.

Cuireann an córas iompair go mór le hastaíochtaí domhanda agus anseo in Éirinn freisin, tá a cion á dhéanamh ag OCBÁC le tionscnaimh amhail triail nua de scútair leictreacha ar champas Ghlas Naíon, gurb í an chéad chomhpháirtíocht ar domhan í idir lucht léinn agus lucht tionscail maidir le taighde ar amharc ríomhaireachtúil. Ag an am céanna, ghlac OCBÁC páirt sa  chéad tástáil a rinneadh riamh in Éirinn ar Bhus Hidrigine atá Saor ó Astaíochtaí, i gcomhpháirtíocht le réimse páirtithe leasmhara.