HSS - School of Applied Language & Intercultural Studies header
School of Applied Language & Intercultural Studies

SALIS - Languages - French

SALIS

View in English or Irish

Information in Chinese Information in English

Fáilte is Fiche

(Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Seapáinis, Spáinnis)

MA I dTEICNEOLAÍOCHT AN AISTRIÚCHÁIN DC700

Fáilteofar roimh iarratais i gcomhair an chúrsa lánaimseartha bliana seo chun críche MA i Staidéar an Aistriúcháin nó críche MA i dTeicnelaíocht an Aistriúcháin.

I measc nithe eile is é atá sna cúrsaí ná oiliúint ar cheird an aistriúcháin ó:
(a) dhá theanga nó aon teanga amháin as Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Seapáinis, Spáinnis go Béarla
(b) ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge
(c) oiliúint ar theicnelaíocht an Aistriúcháin (nua i 2010/11).

Ba cheart d'iarrthóirí ar mhian leo sruth (a) a leanúint cumas cainteora dúchais sa Bhéarla a bheith acu agus céim le dara onóracha ar a laghad (nó a comhionann) a bheith acu in aon dá cheann nó i gceann amháin de na teangacha Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Seapáinis, Spáinnis. Fairis sin, b'inmhianaithe dá mbeadh tréimhse caite ag iarrthóirí sa tír nó sna tíortha ina bhfuil a rogha teanga(cha) iasachta á labhairt.
Iad siúd ar mhaith leo sruth (b) a ghlacadh ba chóir go mbeadh cumas cainteora dúchais sa Bhéarla nó/agus sa Ghaeilge acu agus céim le dara onóracha ar a laghad (nó a comhionann) sa Ghaeilge nó sa Bhéarla.
Cuirfear san áireamh freisin, ar bhonn eisceachtúil, daoine a bhfuil saineolas i réimsí eile agus cumas oiriúnach teanga acu, agus ar choinníoll go bhfuil an tréimhse thuasluaite caite acu thar lear.
Roghnófar daoine ar a gcuid cáilíochtaí, agus tar éis scrúdú scríofa.

Is féidir clár páirtaimseartha a dhéanamh i Staidéar an Aistriúcháin chomh maith. Tuilleadh eolais ar fáil ó http://www.dcu.ie/prospective/deginfo.php?classname=GTS

Tá an clár lánaimseartha amháin aitheanta ag an Údarás um Ardoideachas (HEA) faoin gclár Riachtanas Scileanna. Mar sin is é an táille atá le híoc i mbliana (2010) ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh thart ar €2000 (in ionad gnáth-tháillí iarchéime suas le €7,841).

 Is féidir foirm iarratais a líonadh ar www.pac.ie
DC615 agus DC700 (cláir lánaimseartha); DC62 nó DC623 (cláir páirtaimseartha)
agus a thuilleadh eolais a fháil ó:http://www.dcu.ie/prospective/deginfo.php?classname=GTS

Scoil an Staidéir Teanga agus Idirchultúir Fheidhmigh (SALIS)
OLLSCOIL CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH, BAILE ÁTHA CLIATH 9.
Teileafón: (01) 700 5435; ; Ríomhphost: minako.ohagan@dcu.ie