Daoine 2020-2021

Tá éiteas “Tús Áite do Dhaoine” ag OCBÁC, institiúid ina bhfuil cothú dáimhe agus cur chuige comhghleacúil go smior ionainn. Tapaímid an deis chun aird a tharraingt ar na hamanna inar éirigh thar barr le mic léinn agus baill foirne s’againne, agus le bliain anuas tá go leor éachtaí ann ar fiú go mór iad a cheiliúradh.

Bronnadh roinnt gradam mór le rá ar thaighdeoirí OCBÁC le dhá mhí dhéag anuas. Ainmníodh an Dr Jane Suiter mar thaighdeoir na Bliana de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn as ucht an obair a rinne sí maidir le bréagaisnéis agus an daonlathas ag Scoil Chumarsáide OCBÁC agus Ionad Taighde Fujo. Bhronn an Bhuanchomhdháil ar Oideachas Múinteoirí, Thuaidh agus Theas (SCoTENS) an Gradam John Coolahanar an Dr Martin Brown atá ina stiúrthóir ar an Ionad Measúnachta, Cáilíochta agus Cigireachta. Bhí an tOllamh John Crown, ollamh le taighde aistritheach ar ailse ag OCBÁC, ar dhuine de na 27 ball nua a glacadh isteach in Acadamh Ríoga na hÉireann.

B’iomaí údar gaisce a thug mic léinn OCBÁC dúinn i rith na bliana. Bhain naonúr mac léinn reatha nó iarmhic léinn de chuid OCBÁC áit amach chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha i Tóiceo. Bhí cúigear mac léinn OCBÁC reatha ar fhoirne lúthchleasaíochta agus haca de chuid Fhoireann na hÉireann. Ag an am céanna, ba é Eoin Murphy, mac léinn OCBÁC, a bhuaigh an Gradam Mary Mulvihill mór le rá, an comórtas eolaíochta na meán do mhic léinn tríú leibhéal ar cuireadh ar bun é chun oidhreacht an iriseora agus an údair Mary Mulvihill a chomóradh. Bronntar Bonn Seansailéir OCBÁC gach bliain ar mhac léinn as a c(h)uid éachtaí acadúla thar na bearta agus as cur go mór le saol na mac léinn. Bronnadh é i mbliana ar Clare O’Keefe, céimí de chuid Oideachas Luath-Oíge.

I mí Mheán Fómhair, chuir Údarás Ceannais OCBÁC fáilte roimh sheansailéir nua na hOllscoile Brid Horan. Is ball í Ms Horan d’Údarás Ceannais OCBÁC ó 2014 i leith agus tá breis agus 30 bliain de thaithí aici i róil feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin agus í i gceannas ar eagraíochtaí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí. Ag an am céanna, d'fhógair an t-údarás ceapachán Zainab Boladale - iriseoir, láithreoir teilifíse agus céimí de chuid Scoil Chumarsáide OCBÁC.

I mí na Bealtaine, bhronn OCBÁC an gradam de Dhochtúireacht san Fhealsúnacht (Honoris Causa) ar Annette Kennedy, Leas-Uachtarán ar Chomhairle Altraí na hÉireann, agus Vivien Lusted le Cumann Croise Deirge na hÉireann. Tá siad anois i measc na bpearsana suntasacha ón bpolaitíocht, spórt, litríocht agus tionscal a bhfuil an gradam seo bronnta orthu.

Fógraíodh roinnt ceapachán suntasach i rith na bliana. Ceapadh An tOllamh Noel O’Connor ó Scoil na hInnealtóireachta Leictreonaí ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar POF ar an ionad taighde sonraí is mó in Éirinn, an tIonad Taighde ar Anailísíocht Sonraí de chuid Insight SFI. Ceapadh an  saineolaí idirnáisiúnta ar chúrsaí polaitíochta na hIndia agus ar pholasaí eachtrach An tOllamh Jivanta Schottli mar an Stiúrthóir nua ar Institiúid India na hÉireann ag OCBÁC. Cheap an Ollscoil beirt acadóirí atá ar thús cadhnaíochta freisin i réimsí na fisice plasma agus na ríomheolaíochta faoi scáth an Tionscnaimh um Cheannaireacht i measc Acadóirí Sinsearacha (SALI). Ceapadh an tOllamh Deborah O'Connell mar Lán-Ollamh san fhisic phlasma, agus ceapadh an tOllamh Anya Belz mar Lán-Ollamh sa Ríomheolaíocht. Agus é maoinithe ag an rialtas, tá sé mar aidhm ag tionscnamh SALI cuidiú le cothromaíocht inscne a bhaint amach ag leibhéil shinsearacha san earnáil ardoideachais.

Gach bliain, tugann Gradaim an Uachtaráin OCBÁC ómós d’éachtaí agus d’obair na mball foirne agus na mac léinn maidir le gníomhaíochtaí éagsúla. I measc na dtionscadal ar tugadh ómós dóibh ag Gradaim Nuálaíochta an Uachtaráin 2021 bhí tionscadail a dhírigh ar inbhuanaitheacht, cruinneas acadúil, cothú capaill agus intleachta saorga. Bronnadh Gradaim an Uachtaráin don Rannpháirtíochtar thionscnaimh a bhain le hoideachas, gníomhaíocht fhisiciúil, néara-éagsúlacht agus le fiontraíocht. Ba iad na comharthaí sóirt a bhain le Gradaim an Uachtaráin do Bharr Feabhais i gCúrsaí Taighde agus Foghlama 2021, tiomantas, dúthracht agus taitneamh. Ag an am céanna, tugadh ómós do thaighde ar bhulaíocht scoile, ar athrú aeráide agus ar an mBreatimeacht ag Gradaim an Uachtaráin do Bharr Feabhais i gCúrsaí Taighde agus Foghlama 2021.