Tionchar agus Rannpháirtíocht 2019-2020

Is ollscoil na linne seo í OCBÁC a bhfuil naisc aici le hinstitiúidí eile ar leibhéal domhanda. Tá mar mhisean againn “saol na ndaoine a bhunathrú chun feabhais”, agus is ollscoil í atá tiomanta do rannpháirtíocht leis an tsochaí sa tír seo agus ar fud an domhain.

Is é ár n-aidhm go mbeimid aitheanta mar Ollscoil Tionchair na hÉireann. Tugadh aitheantas don Ollscoil as an obair dhearfach a rinneadh inti nuair a tháinig sí san 84ú háit ar domhain i Rangú Domhanda 2020 maidir le Tionchar san Ardoideachas de chuid Times, a tharraingíonn aird ar thionchar ollscoileanna ar an tsochaí agus atá bunaithe ar rathúlacht institiúidí maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (UN SDGs) a bhaint amach.

Cuireadh roinnt tionscnamh ar bun agus baineadh go leor amach sa tréimhse 2019-2020, rud a chothaigh naisc níos láidre idir OCBÁC agus a pobail. Sheol an Ollscoil an tionscnamh ‘Coláistí le Chéile’ i gcomhar lena hinstitiúidí comhpháirtíochta, tionscnamh a dearadh go speisialta chun a chinntiú go bhfreastalaíonn na coláistí ar mhic léinn as gach aicme den tsochaí. Tugadh aitheantas do mhic léinn OCBÁC as ucht a rannpháirtíochta sóisialta nuair a bhuaigh siad an comórtas náisiúnta fiontraíochta sóisialta de chuid Enactus Éireann lena dtionscadal Dyslex.ie, a chabhraíonn le daoine disléicseacha a gcuid scileanna léitheoireachta a fheabhsú. Fógraíodh go gcuirfeadh fostóirí agus comhlachtaí dúbailt áiteanna ar an scéim nuálach Rochtain ar an Láthair Oibre ar fáil, scéim a chuireann poist mhaithe ar ardphá ar fáil do mhic léinn ó chláir rochtana OCBÁC i rith an tsamhraidh. Agus ó thaobh an spóirt de, Tháinig OCBÁC ar chomhaontú comhpháirtíochta leis an gClub áitiúil CLG ‘Na Fianna’, agus shínigh an Ollscoil comhpháirtíocht straitéiseach trí bliana le Cumann Lúthchleasaíochta na hÉireann.