Eispéireas Mac Léinn 2020-2021

I bhFomhar 2020, chuir OCBÁC fáilte roimh mhic léinn agus iad ag filleadh ar an gcampas de réir mar a maolaíodh na srianta Covid. Fós féin, bhí caitheamh masc agus bearta sláinte poiblí eile lárnach i saol laethúil na mac léinn le linn cuid mhaith den bhliain. Beag beann ar na dúshláin a bhain le teagasc agus foghlama a dhéanamh i dteannta a chéile arís, léirigh mic léinn agus baill foirne teacht aniar agus dúthracht iontach.

Ghnóthaigh OCBÁC áit níos airde arís i rangú domhanda na nOllscoileanna. Rangaigh Ardoideachas Times OCBÁC  ar na 200 ollscoil is fearr ar domhan maidir le roghanna ábhair sna hEalaíona agus sna Daonnachtaí, agus is mór an t-ardú é seo. Choinnigh OCBÁC a háit mar an ollscoil is fearr in Éirinn chun Staidéar Cumarsáide agus Meán a dhéanamh i Rangú Domhanda na nOllscoileana QS de réir ábhair 2021.

Tá curaclam na hOllscoile á fhorbairt de shíor chun dul in oiriúint do riachtanais na mac léinn agus éilimh ár sochaí i gcoitinne Fuair tionscnamh mór nua Teagaisc agus Foghlama,  Todhchaíochtaí OCBÁC, maoiniú ón rialtas i bhfoirm infheistíocht de €20 milliún faoi scáth Tionscnamh Caipiteal Daonna an Rialtais. Mar chuid den togra, oibreoidh OCBÁC i gcomhar le comhpháirtithe tionscail chun cláir a dhearadh a fhéachfaidh chuige go seasfaidh scileanna céimithe an aimsir agus go gcuirfí feabhas ar acmhainn táirgthe. Ag an am céanna, sheol Scoil Altranais, Síciteiripe agus Sláinte Pobail OCBÁC modúl cúrsa nua faoi ‘Athshlánú tar éis Siondróm Iar-Covid’  - an chéad cheann dá leithéid in Éirinn le hiniúchadh a dhéanamh ar cóir leighis a chur ar ‘COVID Fadmharthanach’. Mar chuid dá ballraíocht i gCuibhreannas Eorpach na nOllscoileanna Nuálacha (ECIU), tá OCBÁC tiomanta do Ollscoil ECIU 2030  a chruthú - múnla nua don ardoideachas a fhéachann le  huasoiliúint a chur ar an lucht saothair na hEorpa agus cuidiú leo scileanna nua a fhoghlaim le go bhféadfaidís éirí ina saoránaigh chruthaitheacha agus miotalacha a bhfuil meon fiontraíoch acu.

Tá i bhfad níos mo i gceist le heispéireas na mac léinn ná cúrsaí léinn amháin. Tá OCBÁC ag baint leas as an teicneolaíocht chun folláine na mac léinn agus dáimh eatarthu a chothú. 

Sheol OCBÁC tionscnamh nua chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas mar atá mic léinn fochéime na chéad bhliana ag dul i dtaithí ar shaol na hollscoile. Is é teideal an staidéir ná ‘Seiceáil Isteach do Lucht na Chéad Bhliana ag OCBÁC’ agus iarrann sé ar mhic léinn páirt a ghlacadh gach seachtain i suirbhé gearr ar líne. Ag an am céanna, Is clár nua é FAOI BHLÁTH atá dírithe ar mhic léinn Bliain 2 ag OCBÁC a bhaineann leas as anailísíocht sonraí d’fhonn comhairle shainoiriúnaithe a thabhairt faoi réimsí a mbíonn tionchar acu ar fholláine laethúil, codladh, cothú agus aclaíocht san áireamh.