Dr
Gearóidín
Uí Laighléis

Primary Department
Fiontar & Scoil na Gaeilge
Role
Ollamh Comhlach
Gearóidín Uí Laighléis_002
Phone number:
01 700
6089
Campus
All Hallows
Room Number
AHC S121

Academic biography

  

Is Ollamh Comhlach le Gaeilge mé in Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus is Cathaoirleach mé ar an Chlár Comh-Onóracha Baitsiléir Ealaíon i nDámh na nDaonnachtaí DCU. Ba mhór an onóir dom Gradam an Uachtaráin um Fheabhas sa Mhúinteoireacht 2022 a bhaint. Bhain mé PhD amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste sa bhliain 2011 agus MA i Léann na Gaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad sa bhliain 1999. Tá trí  leabhar foilsithe agam, Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath- Léarscáil Litríochta, (2024) Gallán an Ghúim: Caidreamh an Stáit le Scríbhneoirí na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 2017 agus a bhain duais taighde American Conference for Irish Studies agus an leabhar Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 2003. Bhain mé an gradam SFHEA amach i mí Mhárta 2022 agus bhain mé scoláireacht foilsitheoireachta ó Acadamh Ríoga na hÉireann (Meán Fómhair 2023 – Nollaig2024) leis an leabhar Breithiúna an Ghúim a chur i gcrích.

Tá spéis ar leith agam i stair foilsitheoireachta an leabhair, go háirithe i gcomhlacht foilsitheoireachta an Stáit, an Gúm, sa tréimhse 1926 – 1950. Cuirfear fáilte roimh iarratasóirí PhD a bhfuil spéis acu sna réimsí seo, go háirithe i stair foilsitheoireachta an leabhair sa Ghaeilge.

I am an Associate Professor in Irish in Fiontar agus Scoil na Gaeilge in DCU and am the Chairperson of the Bachelor of Arts Joint Honours Programme in the Faculty of Humanities, DCU.  I was honored to be awarded Overall Winner of The President's Award for Excellence in Teaching 2022. I was awarded a PhD from Queen’s University in 2011 and an MA from University of Ireland Maynooth in1999. I am the author of three books Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath- Léarscáil Litríochta (2024) Gallán an Ghúim: Caidreamh an Stáit le Scríbhneoirí na Gaeilge which won the American Conference for Irish Studies Prize for Research Book of the Year in the Irish Language in 2017 and Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge which was published in 2003. I am a Director of Ionad Eòghainn MhicLachlainn: the National Centre for Gaelic Translation. I attained the Advance HE Senior Fellowship in March 2022. I have received aPublication Scholarship (September 2023 – December 2023) from the Royal Irish Academy’s Fochoiste na bhFoilseachán to complete my book Breithiúna an Ghúim (May 2024).

My main areas of research are Book Publishing History and modern / contemporary Irish language literature.

 I would be delighted to discuss proposals related to my research interests from prospective PhD students.

  

Research interests

Polasaí Aistriúcháin an Stáit 1921-1945; An tAistriúchán Liteartha; Gaelú an Bhéarla; An Chaint Fhíortha agus an Chinsireacht; Saothar Mháirtín Uí Chadhain; Saothar Sheáin Tóibín; Saothar Sheosaimh Mhic Grianna;   Athbheochan na Gaeilge; An Gúm.