Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta / History of the Gaelscoil Movement

Fás na gaelscolaíochta
Tá fás na gaelscolaíochta agus eolas eile a mbaineann lena fhás léirithe sna léarscáileanna agus eolas eile físe thíos

"Léarscáil scéala" de chuid ArcGIS atá le fáil anseo a thabharfaidh comhthéacs don úsáideoir agus iad ag baint leasa as an léarscáil idirghníomhach atá le fáil ANSEO. Tá feidhmiúlacht níos fearr don léarscáil ar ríomhairí ná mar atá ar ghutháin.

Tá 53 agallamh béil le fáil sa léarscáil idirghníomhach chomh maith trí chliceáil ar na pointí daite de na scoileanna atá beagáinín níos mó agus ansin ar "Eolas". Tá dhá agallamh ann do roinnt de na scoileanna. Sna cásanna sin beidh an dara hagallamh le fáil sa chur síos faoi bhun an fhíseáin.

Is féidir teacht ar na hagallaimh uilig a mbaineann le Gaelscoileanna/Gaeloideachas trí chliceáil ar an bpointe ina bhfuil an oifig lonnaithe i Marino i mBaile Átha Cliath.

Nó, mar rogha eile, is féidir teacht ar an iomlán ar YouTube ANSEO

Eochair eolais

Eochair eolais

Fás Tíreolaíochta

Taispeántar fás tíreolaíochta sna léarscáileanna seo de réir na hamlíne. Sa chéad léarscáil (1921 ar an amlíne) tá na scoileanna Ghaeltachta le feiceáil, ach lasmuigh de sin níl ach gaelscoil nó dhó sa tír, a bunaíodh le linn ré na hAthbheochana.

Ina dhiaidh sin (1979 ar an amlíne) feictear an fás a bhí tarlaithe i mBaile Átha Cliath ach go háirithe ó dheireadh na seascaidí ar aghaidh agus le linn na seachtóidí, rud a tharla i gcomhthéacs an uirbithe agus bruachbhailte nua a bhí á dtógáil.

Faoi 1989, bhí fás suntasach tarlaithe i gCorcaigh agus bhí dornán gaelscoileanna sna Sé Chontae. Déanadh dul chun cinn i gConnacht, Mumhan agus Oirthear Laighean sna hochtóidí chomh maith.

D'éirigh an fás níos sciobtha sna Sé Chontae le linn na nóchaidí, de réir mar a bhí an Cogadh ag teacht chun deiridh.

Mar a léirítear sa cheathrú agus cúigiú léarscáil scaip an ghaelscolaíocht go gach contae sa tír ó na 1990dí ar aghaidh.

Fás de réir ama

Tá líon na ngaelscoileanna agus ngaelcholáistí (aonaid san áireamh), agus líon na ndaltaí a bhfreastalaíonn orthu, ag méadú go leanúnach mar a fheictear sna barrachairteacha thíos.

Maidir le líon na scoileanna atá á mbunú in aghaidh na bliana, bhí buaicphointí ann i lár na nóchaidí agus arís i lár na 2000tí, ach bhí titim ann nuair a d'athraigh an Roinn Oideachais sna Sé Chontae Fhichead na rialacha maidir le bunú scoileanna agus de réir mar a chuaigh tionchar polasaithe na déine i bhfeidhm ó na blianta is measa den déine.

An mór bhuaicphointe nuair a bhreathnaítear ar bhunú scoileanna ar eatraimh (intervals) de dheich mbliana ná lár na nóchaidí, agus tá titim ann ó shin i leith.

Number of schools established by one year interval

Líon na ngaelscoileanna agus gaelcholáistí a bunaíodh ar eatraimh bliana

Number of schools established by four year interval

Líon na ngaelscoileanna agus gaelcholáistí a bunaíodh ar eatraimh ceithre bliana

Number of schools established by 10 year interval

Líon na ngaelscoileanna agus gaelcholáistí a bunaíodh ar eatraimh deich mbliana

Cúrsaí socheacnamaíocha

Is éard atá sa mhéid thíos ná eolas a ghineadh trí chrosthagairt a dhéanamh ar an léarscáil thuas ar scaipeadh thíreolaíoch na scoileanna le léarscáil slaodta (layered map) eile ón dtuairisc POBAL ar an míbhuntáiste agus an  Northern Ireland Multiple Deprivation Measure.

Déanann POBAL na ceantair is mó rachmais go dtí na ceantair is lú rachmais a rangú ó 1 go 7, nó i dtéarmaí na ndathanna, ó ghorm go buí go dearg:

SES status

Cúrsaí soceacnamaíocha

  1. An-shaibhir
  2. Saibhir
  3. Beagáinín os cionn an mheáin
  4. Beagáinín faoin mheán
  5. Faoi mhíbhuntáiste
  6. Faoi an-mhíbhuntáiste
  7. Go láidir faoi mhíbhuntáiste.

Tá modh beagáinín níos casta ann do na Sé Chontae a bhaineann úsáid as uimhríocht níos airde, a ritheann ó 1 (an ceantar is mó faoi mhíbhuntáiste) go 5022 (an ceantar is saibhre). Is féidir cinn an Tuaiscirt a ionannú le cinn na Sé Chontae Fhichead trí 5022 a roinnt i 7 gcuid.

Ag tabhairt an méid sin san áireamh do na 32 Chontae ar fad (Gaeltacht agus iar-Ghaeltacht), feictear ar an mbarrachairt thíos go bhfuil: 26 scoil suite i gceantar saibhir; 103 scoil suite i gceantair atá beagáinín os cionn an mheáin; an líon is mó, 157 scoil, i gceantar atá beagáinín faoin mheán; tá 64 scoil le fáil i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste; tá 8 in áiteanna atá faoi an-mhíbhuntáiste agus tá 14 in áiteanna atá go láidir faoi mhíbhuntáiste.

Dar ndóigh, ní léiríonn an méid sin ach na ceantair ina bhfuil na scoileanna suite. Ní léireodh sé sin comhdhéanamh aicmeach na scoileanna go cruinn i ngach cás. Mar shampla, tá Gaelscoil Inse Chóir suite i gceantar saibhir, Droichead na hInse, ach tá abhanntrach aige a bhfreastlaíonn ar dhaltaí i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste cosúil le Baile Formaid.

É sin ráite, is tomhais réasúnta é an mbarrchairt agus an tonnchairt leis a léiríonn gurb é an meánlíne (an líne corcra) ná 4, beagánín faoin mheán.

Tá níos mó scoileanna sa tír (241 san iomlán) lonnaithe i gceantair atá faoi bhun an mheán, ná mar atá ós a chion, 139.

SES status

Stádas Soceacnamaíoch

Caithfear, mar sin féin, éagsúlachtaí tíreolaíochta de réir dlínse a thabhairt san áireamh chomh maith. Tá níos mó scoileanna i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste sna Sé Chontae ná mar atá sna Sé Chontae Fhichead, sa Ghaeltacht agus lasmuigh dó.

Léiríonn roinnt cathracha i bhfoirm léarscáile agus i mbarrachairt thíos a tuiscint ar na héagsúlachtaí sin.

Cainteoirí Gaeilge

Is féidir méid áirithe a bhaint ó léarscáil an fháis nuair a dhéantar é a chrostagairt leis an léarscáil ó Dhaonáireamh 2016 a léiríonn líon na gcainteoirí Gaeilge i ngach toghroinn sna Sé Chontae Fhichead.

Ar an bhformhór, bíonn dúshraith de chainteoirí Gaeilge ann áit a bhfuil gaelscoil nó gaelcholáiste ann, ach níl anseo tuairim bunaithe ar spléachadh seachas anailís eolaíochtúil mar atá thuas, agus tá cúrsaí simplí daonra san áireamh chomh maith.

Irish speakers

Cainteoirí Gaeilge

Dá mbeadh fáil ar léarscáil a léirigh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais amháin, d'fhéadfaí crostagairt a dhéanamh le suíomh na ngaelscoileanna.

Ach má chaitear súil ar chúpla baile atá ar cóimhéid daonra (ceann ina bhfuil gaelscoil agus ceann nach bhfuil), is cosúil go mbíonn líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais nach mór mar an gcéanna beag beann ar an ngaelscolaíocht. Tá eisceachtaí leis seo, dár ndóigh.

Níl ag éirí leis na gaelscoileanna an teanga a thabhairt "thar geataí na scoile" i gcónaí, rud a dúradh go minic sna hagallaimh bhéil.

Rud amháin eile gur féidir a mhaíomh ó léarscáil na gcainteoirí agus é le hais léarscáil an fháis, ná go bhfuil scata bailte lasmuigh de na cathracha "ar chóir" go mbeadh gaelscoileanna iontu (tá an dlús daonra, dúshraith cainteoirí, agus bá) ach níl an soláthar tumoideachais iontu.

Mar shampla, in Oirthear Chonnachta, tá gaelscoil i gCluainín, mar a léiríonn an chéad léarscáil thíos.

Tá daonra de 1,892 agus 707 cainteoirí Gaeilge san iomlán i dtoghroinn Chluainín. I mBéal Átha na Muice, mar shampla, tá daonra 2,527 agus 1,016 cainteoirí Gaeilge agus sa Chaisleán Riabhach tá 2,971 ina gcónaí ann agus 958 a deir go labhraíonn siad Gaeilge éigin, ach níl gaelscoil i gceachtar den dá áit. Tá roinnt mhaith bailte eile cosúil leo.

Sampla eile is ea Cill Orglan agus an Neidín i gContae Chiarraí a bhfeictear sa dara léarscáil thíos.

Conclúidí

Tríd is tríd, léiríonn na léarscáileanna agus an fhianaise thuas go ndearnadh éacht le 50 bliain anuas agus gur tháinig fás as cuimse ar líonra na ngaelscoileanna agus na ngaelcholáistí, ach go bhfuil dúshláin ann go fóill. Tá maolú tagtha ar an bhfás sna Sé Chontae Fhichead de bharr cinntí na Roinne agus tá bearnaí le líonadh go fóill i dtéarmaí an tsoláthair, ach go háirithe i dtaobh ceantair thíreolaíochta agus stádais socheacnamaíochta ar leith.

Maoinithe ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus An Chomhairle um Thaighde in Éirinn