Seirbhísí Ríomhaireachta

Seirbhísí Ríomhaireachta

Cód Iompair maidir le húsáid na ríomhairí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Níl cead na ríomhairí a úsáid chun aon rud mídhleathach a dhéanamh, ná ar úsáid shonrach phearsanta, ná mar chaitheamh aimsire.

Samplaí den úsáid seo atá toirmeasctha is ea cluichí a imirt, nó rochtain nó próiseáil ar ábhar déistineach, gáirsiúil nó mígheanasach.

Féadfar gnáthaimh smachtúla / coiriúla na hOllscoile agus Fiontar & Scoil na Gaeilge a chur i bhfeidhm ina leith siúd a ghníomhaíonn i gcoinne an chóid iompair seo.

 

SG12 agus SG13

Is le haghaidh mhic léinn Fiontar & Scoil na Gaeilge amháin atá SG12 agus SG13. Níl cead ithe ná ól sna ríomhlanna. 

Caithfidh gach mac léinn a c(h)uid páipéir féin a sholáthar do na printéirí: ní chuirfidh Fiontar & Scoil na Gaeilge ar fáil é.

Sonraigh go maith go mb'fhéidir go n-iarrfaí ort do ríomhaire a thabhairt uait agus an ríomhlann a fhágáil i gcás léacht a bheith ar siúl ag rang éigin eile. Ní cheadaítear gutháin phóca a úsáid taobh istigh de na ríomhlanna.

 

Is í an Ghaeilge gnáth-theanga na Ríomhlann.