Meitheal Logainm.ie
Meitheal Logainm.ie

Ceardlann Mionlogainmneacha 17 - 18 Bealtaine 2018

'Aithním an chré agus an chloch...'

Ceardlann Mionlogainmneacha, 17 - 18 Bealtaine 2018 - Cláraigh anois!

Tá ceardlann á reáchtáil ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, chun cúrsaí mionlogainmneacha a phlé. Cuirfidh taighdeoirí, cumainn áitiúla oidhreachta agus staire mar aon le húsáideoirí Mheitheal Logainm.ie suim sa cheardlann seo. I measc imeachtaí na ceardlainne beidh seisiún praiticiúil faoi úsáid Mheitheal Logainm.ie, dinnéar, agus turas treoraithe thart ar cheantar Dhroim Conrach le Séamas Ó Maitiú. Beidh an cheardlann á reáchtáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla agus is féidir clárú agus breis eolais a fháil faoin gclár anseo.