Prág
Ollscoil Shéarlais

Nasc Erasmus le hOllscoil Shéarlais, Prág

Tá conradh nua Erasmus sínithe ag an Oifig Idirnáisiúnta, ar conradh déthaobhach é, rud a threisíonn an nasc idir Fiontar & Scoil na Gaeilge agus ollscoil Shéarlais, Prág.

Murab ionann agus cás na n-ollscoileanna eile ar an Mór-Roinn, tugann an ceangal seo deis eisceachtúil do mhic léinn DCU formhór a gcuid creidiúintí a thuilleamh trí Ghaeilge in Ionad an Léinn Éireannaigh i nDámh na Fealsúnachta in Ollscoil Shéarlais. I measc na gcúrsaí a bheidh ar fáil, beidh cúrsaí teanga, an t-aistriúchán liteartha, cúrsa ar na traidisiúin liteartha in Éirinn sa dá theanga, chomh maith le spléachadh ar pholaitíocht agus sochaí na hÉireann. Bíonn ciorcal comhrá seachtainiúil ar siúl do chainteoirí Gaeilge na cathrach agus beidh deis ag na mic léinn cabhrú le múineadh ranganna na nglantosaitheoirí chomh maith más suim leo.

Beidh deis, chomh maith, do bhaill foirne na Scoile seachtain a chaitheamh i bPrág ag tabhairt léachtaí agus seimineár ar a gcuid taighde.