Cúrsaí Fochéime

BA Gnó agus Gaeilge (DC118)

Ar an gclár seo, gnóthóidh tú saineolas sa ghnó agus sa bhainistíocht, ard-scileanna i dteicneolaíocht na faisnéise, chomh maith le hardchumas sa Ghaeilge. Gheobhaidh tú cleachtadh ar obair bhuíne agus beidh deiseanna forbartha pearsanta agat chun leas a bhaint as do shamlaíocht féin i gcomhthéacs cruthaitheach gnó. Tá sároideachas uait chun do mharc féin a chur ar an saol.

Deiseanna Gairme

Beidh bonn láidir gnó agus bainistíochta ag na mic léinn agus i measc na ngairmeacha a mbeidh spéis ag céimithe iontu beidh: bainstíocht gnó agus tograí, múinteoireacht, anailís gnó, gairmeacha sna meáin chumarsáide, i dtionscadal an aistriúcháin, san earnáil phoiblí agus sna hearnálacha cultúir, oidhreachta agus teanga.

Breis eolais: DC118 - BA Gnó & Gaeilge (Business and Irish)

Breis eolais faoina cláir