BA Gnó & Gaeilge | Fiontar

BA Gnó agus Gaeilge (DC118)

BA Gnó & Gaeilge

Ar an gclár seo, gnóthóidh tú saineolas sa ghnó agus sa bhainistíocht, ard-scileanna i dteicneolaíocht na faisnéise, chomh maith le hardchumas sa Ghaeilge. Gheobhaidh tú cleachtadh ar obair bhuíne agus beidh deiseanna forbartha pearsanta agat chun leas a bhaint as do shamlaíocht féin i gcomhthéacs cruthaitheach gnó.  Tá sároideachas uait chun do mharc féin a chur ar an saol.

Sonraí Iontrála

C3 Gaeilge ardleibhéil nó A2 Gaeilge gnáthleibhéil. Ní mór d'iarrthóirí bheith muiníneach as a gcumas Gaeilge idir labhairt agus scríobh.

Struchtúir an chláir

Cúrsa trí nó ceithre bliana atá sa chéim. Tá deis ag mic léinn bliain a chaitheamh ar thaithí oibre Intra mas mian leo. Clár lán-aimseartha é a mhúintear trí mhéan na Gaeilge.

Deiseanna Gairme

Beidh bonn láidir gnó agus bainistíochta ag na mic léinn agus i measc na ngairmeacha a mbeidh spéis ag céimithe iontu beidh: bainstíocht gnó agus tograí, múinteoireacht, anailís gnó, gairmeacha sna meáin chumarsáide, i dtionscadal an aistriúcháin, san earnáil phoiblí agus sna hearnálacha cultúir, oidhreachta agus teanga.

Breis eolais faoina cláir

 

 

View Full Prospectus