HSS - Fiontar & Scoil na Gaeilge header
Fiontar & Scoil na Gaeilge

Bradaíl Liteartha

Bradaíl Liteartha

Ghriangraif Fiontar

Is ionann bradaíl liteartha agus focail, smaointe, argóintí, coincheapa nó dearaí dhuine eile a chur i láthair i d'ainm féin. Is iomaí slí ina ndéantar bradaíl liteartha, idir sleachta iomlána de shaothar foilsithe a chóipeáil gan a údar a lua agus téacs, léaráidí, nó foirmlí a thógáil as saothar neamhfhoilsithe mac léinn eile gan a rá cé leis iad.

Cion an-tromchúiseach is ea an Bhradaíl Liteartha. Déanfar líomhaintí maidir le Bradaíl Liteartha a chur faoi bhráid Choiste Araíonachta na hOllscoile. I gCód Araíonachta na hOllscoile, sainmhínítear an bhradaíl liteartha, chomh maith le húsáid aon ábhair neamhúdaraithe le linn scrúduithe nó aon tairmtheacht eile ar rialacháin na scrúduithe, mar mhórchionta. Is féidir aon cheann amháin nó breis de na smachtbhannaí seo a leanas a úsáid i gcás aon mhic léinn a dhéanann bradaíl liteartha, calaois srl.:

  • náid, nó laghdú éigin eile ar mharcanna, de réir mar a mholfaidh an Coiste Araíonachta do Bhord Scrúduithe, a thabhairt mar mharc don mhac léinn, gan an deis a bheith aige/aici an obair atá i gceist a athdhéanamh;
  • aon ghníomh eile a mholfaidh an Coiste Araíonachta do Bhord Scrúduithe;
  • aon smachtbhanna atá údaraithe i gCód Araíonachta na hOllscoile ó am go ham.

    Chun nach mbeadh aon amhras ann go bhfuil Bradaíl Liteartha i do shaothar ba chóir duit:
  • Foinsí aon athfhriotail, athinsinte, achoimrí eolais, táblaí, léaráidí nó aon ábhair eile a úsáideann tú, a lua;
  • d'fhocail féin agus do leagan féin d'abairtí a úsáid, nuair atá tú ag athinsint saothair daoine eile;
  • leabharliosta iomlán a thabhairt de na saothair agus na foinsí a d'úsáid tú agus tú ag ullmhú do thionscadail, d'aiste nó aon cheapadóireacht eile.

Moltar do mhic léinn féachaint ar Chód Araíonachta, ar Rialacháin Scrúduithe agus ar Rialacháin uile eile na hOllscoile a eisítear ó am go ham.