Bunchéimeanna | Fiontar

BA Gaeilge agus Iriseoireacht (DC239)

Céim cheannródaíoch í seo á tairiscint ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge.  Ar an gclár seo, cuirtear béim ar na réimsí seo a fhorbairt: scileanna praiticiúla iriseoireacht agus meán, tuiscint agus saineolas ar institiúidí i réimse na meán go háirithe na meáin Ghaeilge agus dhátheangafcha agus cumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge.  Tá deiseanna den scoth ar fáil do chéimithe atá ábalta feidhmiú ag ardleibhéal sa dá theanga sna meáin Ghaeilge agus dhátheangacha.  Tabharfaidh an clár seo buntáiste iomaíoch agus muinín duit le feidhmiú go héifeachtúil san earnáil bhríomhar seo.

Sonraí Iontrála

C3 i nGaeilge agus i mBéarla Ardleibhéil. Ní mór duit a bheith muiníneach as do chumas Gaeilge idir labhairt agus críobh. 

Struchtúr an chláir

Cúrsa trí bliana atá sa chéim. Lena linn sin, caithfidh tú tréimhse ag obair sna meáin le deis intéirneachta i seirbhísí RTÉ nó sna meáin eile.

Deiseanna Gairme

Tá deiseanna fostaíochta den scoth ann dóibh siúd le hardchumas sa Ghaeilge, mar aon le tuiscint shainiúil ar chleachtais, ar mhodhanna agus ar fhorbairt na meán Gaeilge agus dátheangach.

Breis Eolais faoina cláir

View Full Prospectus