
Céimithe Fiontar
Céimithe Fiontar
Ina bhfocail féin, labhraíonn céimithe Fiontar faoin gcúrsa a rinne siad. Gheobhaidh tú tuiscint an-mhaith ar an taitneamh agus tairbhe a bhaineann daoine as a bheith ag staidéar linn.
Seána Ó Rodaigh - Múinteoir Bunscoile
BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht & Fiontraíocht (BA Gnó & Gaeilge mar atá anois) (2000); Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Bunscoile) (2003)
Bhí mé tar éis smaoineamh ar mhúinteoireacht nuair a bhí mé san idirbhliain ar scoil, ach faoin am ar tháinig mé chomh fada leis an séú bliain bhí níos mó suime agam in ábhair ghnó agus chinn mé céim sa ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Thaitin an smaoineamh nuálach a bhí ar a chúl liom agus bhí suim ar leith agam sa ghné fiontraíochta de. Is buntáiste breise a bhí ann go raibh an chéim trí Ghaeilge. Bhí roinnt againn sa rang nár fhreastail ar Ghaelscoil, ach d’fhoghlaimíomar go tapa.
Nuair a bhí mo chéim bainte amach agam, chuaigh mé ag obair san airgeadas ar feadh tamaill ach chinn mé ansin nárbh é sin a bhí uaim. Chuaigh mé ag taisteal agus nuair a d’fhill mé ar an mbaile thosaigh mé ag obair mar mhúinteoir ionaid. Thaitin sé go mór liom agus chuir mé isteach ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Bunscoile). Tá mé ag múineadh anois le sé bliana anuas.
Tá áthas orm a bheith ábalta Gaeilge a úsáid i m’ionad oibre agus mar chuid de mo phost, ach téann sé níos faide ná an scoil. Bhí múinteoir Gaeilge den scoth agam sa mheánscoil agus thug sé grá don teanga dom nár chlis air riamh. Is dóigh go spreagann sé sin mé chun an Ghaeilge a mhúineadh go paiseanta. Féachaim timpeall anois agus braithim an-dearfach faoi thodhchaí na teanga agus faoi na deiseanna oibre atá ar fáil do dhaoine ar mian leo an Ghaeilge a bheith mar chuid dá saol laethúil.
Feicim athrú ar dhearcadh an phobail maidir leis an nGaeilge, go háirithe i measc daoine óga. Ceapaim go bhfuilimid ag bogadh ar aghaidh ónár gcoimpléasc ísleachta iar-choilíneach ar deireadh thiar thall. Nuair a fheiceann tú cuideachtaí ag seoladh fón le téacsáil thuarthach i nGaeilge, tá a fhios agat go bhfuil pointe suntasach sroichte maidir le staid na teanga!
Tá mé páirteach i mbunú Gaelscoile nua i mo cheantar agus is iontach an rud é chomh díograiseach is atá na tuismitheoirí ar an gcoiste. Tá siad tiomanta do go mbeidh a leanaí ábalta an Ghaeilge a labhairt, mar tá go leor díobh féin nach bhfuil ábalta í a labhairt agus tá aiféala orthu faoi sin.
Do chéimithe atá ag smaoineamh ar mhúinteoireacht, mholfainn bunchéim a dhéanamh ar dtús agus cúrsa iarchéime ansin. Ceapaim go bhfaigheann tú taithí saoil níos fearr, a sheasann duit sa seomra ranga. Faigh go leor oibre mar mhúinteoir ionaid roimh ré freisin. Cé nach bhféadfainn bealach níos fearr a shamhlú chun slí mhaireachtála a shaothrú, tá níos mó i gceist leis an bpost ná saoire agus laethanta gearra!