Gaeilge in Fiontar & Scoil na Gaeilge

Is féidir le mic léinn staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag leibhéal na fochéime ar bhealaí éagsúla in DCU. Tá clár amháin dá chuid féin ag Fiontar & Scoil na Gaeilge:

(DC118) BA Gnó agus Gaeilge

Chomh maith leis sin, cuireann Fiontar & Scoil na Gaeilge modúil Ghaeilge ar fáil – idir theanga agus litríocht – mar chuid den chlár BA Comhonóracha a mhúintear faoi chúram Dhámh na nDaonnachtaí & na nEolaíochtaí Sóisialta, mar atá:

(DC009) BA (Comhonóracha) Daonnachtaí

(DC293) BA (Comhonóracha) Teangacha Idirnáisiúnta

Fáiltíonn baill foirne Fiontar & Scoil na Gaeilge go croíúil roimh fhiosrúcháin ó mhic léinn a bhfuil spéis acu eolas breise a fháil faoi ghné ar bith de na roghanna acadúla thuasluaite.

Tá go leor deiseanna fostaíochta ar fáil san am i láthair ag daoine a bhfuil céim acu sa Ghaeilge. I measc na réimsí atá i gceist tá: múinteoireacht meánscoile, na meáin Ghaeilge, na hInstitiúidí Eorpacha, an tSeirbhís Phoiblí, earnáil na nEalaíon agus na hOidhreachta, mar aon le fiontraíochtaí Gaeltachtaí agus Gaeilge, agus go leor eile.