HSS - Fiontar & Scoil na Gaeilge header
Fiontar & Scoil na Gaeilge

Gaeilge mar Ábhar

An Ghaeilge mar Ábhar:

Is féidir le mic léinn ar spéis leo staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag leibhéal na bunchéime an t-ábhar a roghnú mar chuid de na cláir acadúla eile seo a leanas freisin, atá á dtairiscint mar chuid de raon clár Dhámh na nDaonnachtaí & na nEolaíochtaí Sóisialta: BA - Léann Daonna (DC009) BA – Teangacha Idirnáisiúnta (DC293). Fearann foireann na Scoile fáilte chroíúil roimh mhic léinn a bhfuil suim acu i gceann ar bith de na roghanna atá luaite thuas.

Cén fáth a bhfeilfeadh an t-ábhar seo domsa?

Agus tú ag déanamh staidéir ar an nGaeilge in DCU foghlaimeoidh tú réimse scileanna i dtimpeallacht nuálach dhinimiciúil. Léachtóirí agus taighdeoirí tiomanta fuinniúla a bhfuil an-taithí acu a bheidh i mbun teagaisc. Daoine iad a bhfuil an dúspéis acu sa litríocht, i léann an chultúir, agus san aistriúchán mar uirlisí oideachasúla chomh maith. Beidh na mic léinn a roghnóidh na modúil ar an gclár seo in ann a gcuid scileanna praiticiúla teanga a fhorbairt agus a stór eolais a leathnú maidir leis an nGaeilge féin agus lena litríocht, cultúr agus traidisiún. Cuirfear béim sna seimineáir theanga ar éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh na Gaeilge. Gheobhaidh tú cleachtadh ar an teanga sna modúil éagsúla freisin, is é sin ó bheith ag éisteacht le Gaeilge, ag léamh téacsanna, agus ag scríobh aistí. Déanfaidh tú forbairt ar do chumas anailíse agus critice trí bheith ag plé le téacsanna agus le hacmhainní éagsúla.

Mic Léinn

Cé na hábhair staidéir a bheidh agam?

BLIAIN A hAON: Cúrsa Teanga 1 | An Nuafhilíocht agus na hAmhráin | Scéal na Gaeilge | Meáin Chumarsáide na Gaeilge | An Scéalaíocht Thraidisiúnta agus an Gearrscéal

BLIAIN A DÓ: Cúrsa Teanga 2 | An Béaloideas| An Nuafhilíocht | Aistriúchán agus Eagarthóireacht | Litríocht an 17ú agus an 18ú haois | Ainmeolaíocht na Gaeilge | Teangeolaíocht na Gaeilge

STAIDÉAR THAR LEAR / INTÉIRNEACHT [ROGHNACH]

AN BHLIAIN DHEIRIDH: Cúrsa Teanga 3 | An Cúrsa Roghnach | Athbheochan agus Athnuachan | Nuaphrós na Gaeilge | An tSochtheangeolaíocht | Téarmeolaíocht na Gaeilge

Deiseanna Gairme

Tá ardú ar an éileamh ar dhaoine le scileanna teanga sa Ghaeilge ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm agus ós teanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge anois. Beidh céimithe Fiontar & Scoil na Gaeilge ullmhaithe go maith le freastal ar an éileamh sin. Feilfidh an chéim seo duit, freisin, má tá spéis agat sa mhúinteoireacht iar-bunscoile nó comhlíontar riachtanais reatha na Comhairle Múinteoireachta don Ghaeilge mar ábhar teagaisc inti agus tá an Chomhairle tar éis céimithe dár gcuid a chlárú cheana féin ar bhonn aonair. Leis na scileanna eile a bheidh agat beidh tú in ann plé le gairmeacha i réimsí éagsúla e.g. earnáil na Gaeilge, an irisireoireacht, an chraoltóireacht, cúrsaí riaracháin, agus cúrsaí bainistíochta.