
MA sa Ghaeilge | Fiontar
MA sa Ghaeilge (Sochaí agus Teanga)
(PAC Code: DC628)
Fact File
Fad: | 2 Years / 2 Bhliain |
---|---|
Teagmháil: | Dr Peadar Ó Flatharta |
Fee information | Click Here |
Indicative Timetable | (Weeks 20-31) |
Léargas ar an gClár:
Clár é seo a dhíríonn ar fhorbairt na Gaeilge sa tsochaí chomhaimseartha agus ar cheisteanna a bhaineann leis an bpleanáil teanga. Cuimsíonn an clár oiliúint a chur ar fhoireann a bheadh ag obair sna hearnálacha poiblí, deonacha agus príobháideacha maidir le seirbhís, polasaí nó tionscadal teangabhunaithe a fhorbairt nó a sholáthar.
Tacaíonn an clár le cumas na mac léinn dul i mbun tionscadail teanga a dhearadh agus a bhainistiú. Pléann an clár le ceisteanna reachtaíochta, polasaithe idirnáisiúnta teanga agus feasacht teanga. Díríonn sé ar an chreat reachtúil Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge.
Faoin Acht sin ní mór do gach roinn agus gach foras stáit soláthar sainiúil a dhéanamh chun seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus beidh sé de dhualgas ar gach roinn agus foras stáit agus ar gach comhlacht eile stáit oiliúint a chur ar a gcuid fostaithe.
Cuirfidh tuiscint na rannpháirtithe ar theoiricí agus ar chleachtais i leith an chomhionannais agus na héagsúlachta, nithe atá mar bhunsraith ag an gclár seo, lena dtoil agus lena n-inniúlacht feidhmiú go muiníneach i dtimpeallacht dhátheangach, ilteangach nó aonteangach.
Is é fealsúnacht an chláir seo tuiscint a chothú ar na himpleachtaí agus ar na freagrachtaí a thagann i gceist leis an bpleanáil teanga, le cleachtas dátheangach mar aon leis an duine aonair a chumasú le ceisteanna comhaimseartha teanga a phlé ar bhonn criticiúil.
MA sa Ghaeilge (Sochaí agus Teanga) le Fiontar
Struchtúr an Chláir:
Struchtúr modúlach atá ar an gclár. Clár teagasctha páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa chlár MA. Tá dhá sheimeastar sa bhliain acadúil. De ghnáth, is gá freastal ar an ollscoil féin 8 - 9 deireadh seachtaine in aghaidh na bliana. Soláthraítear cuid den ábhar ar líne trí Moodle, an córas foghlama ar líne atá ag DCU. Táthar ag súil go gcuirfidh an modh seachadta seo leis an éileamh ar an gcúrsa agus go ndéanfaidh sé freastal ar rannpháirtithe neamhspleách ar chonstaicí ama nó suímh.
Cláróidh iarrthóirí ar dtús don MA sa Ghaeilge. In aon bhliain faoi leith beidh Bliain A nó Bliain B ar fáil do mhic léinn. Gheobhaidh céimithe, a phasálann modúil arb ionann iad agus luach 30 creidiúint d'obair bliana acadúla agus a roghnaíonn gan dul chun cinn, Teastas do Chéimithe. Bronnfar Dioplóma do Chéimithe ar mhic léinn a phasálann 60 creidiúint/clár oibre dhá bhliain acadúil agus nach dtéann ar aghaidh le tabhairt faoin tráchtas. Bronnfar an Mháistreacht orthu siúd a chríochnaíonn an clár teagasctha agus an tráchtas (ca. 15,000 focal) go sásúil. Bíonn an mheasúnacht sa Teastas/Dioplóma do Chéimithe bunaithe ar thascanna agus ar thionscadail. Ní bhíonn scrúduithe foirmiúla ann ag deireadh seimeastair.
Measúnacht
Bíonn an mheasúnacht ar an gclár teagasctha bunaithe ar thascanna agus ar thionscadail. Ní bhíonn scrúduithe foirmiúla ann ag deireadh seimeastair.
Modúil a mhúintear ar an gcúrsa seo faoi láthair >
Modules currently taught on this course >
Sa chlár seo, faigheann fostaithe reatha agus féideartha san earnáil phoiblí, phríobháideach nó dheonach creat teoiriciúil agus scileanna praiticiúla, atá fréamhaithe sa taighde agus sa dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar aon leis an muinín is gá le feidhmiú i dtimpeallachtaí teangeolaíochta éagsúla.
Deiseanna Gairme:
Ar chríochnú an chúrsa seo beidh deiseanna i réimse leathan gairmeacha i gcomhlachtaí príobháideacha agus in eagrais phoiblí, cuid acu ag baint leis an nGaeilge.
Faoi fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 caithfidh 649 comhlacht scéimeanna teanga a ullmhú. Tá deiseanna ann do líon mór ball foirne sna comhlachtaí seo tabhairt faoi na scéimeanna seo a ullmhú agus a mhaoirsiú.
Riachtanais Iontrála:
10-12 participants will be accepted each year.
Candidates will normally have a primary honours degree (not necessarily in the Irish language) or have equivalent prior learning and relevant work experience (approximately 3 years), according to the normal requirements of the University.
Candidates will register initially for the Graduate Certificate. A satisfactory level of fluency and accuracy in the Irish language is required (of approximately Leaving Certificate Honours Level), which will be assessed by interview. Before places are offered on the course, candidates may also be required to undergo a short written task.
International Applications
International candidates are expected to have educational qualifications of a standard equivalent to those outlined above. In addition, where such candidates are non-native speakers of the English language they must satisfy the university of their competency in the English language. For further information on international applications click here.
EU Applicants
Apply online through the Postgraduate Applications Centre (http://www.pac.ie/) by 31st July 2013.
Non-EU Applicants
Apply online through the Postgraduate Applications Centre (http://www.pac.ie/) by 31st July 2013.
Applying through the Postgraduate Applications Centre (http://www.pac.ie/)
When applying for this programme use the PAC code DC628.
Queries on completed applications
Queries on completed applications can be made by e-mail to registry.pac@dcu.ie.
Modúil a mhúintear ar an gcúrsa seo faoi láthair
Modules currently taught on this course
Liosta iomlán céimeanna
Full list of degrees
Indicative Timetable
(Weeks 20-31)