Katie Ní Loinsigh a bhuaigh an comórtas ‘Tell It Straight’

Tá sé curtha ar an méar fhada agam!

Nach é sin an tseanleisce a bhíonn againn i gcónaí? Ach, cad is brí leis an nath cainte úd, cad ina thaobh a gcuirfimid rudaí ar an méar fhada agus nach gcuirfimid aon rud riamh ar an méar ghearr? Is iad na nathanna dúchais sin, na gnéithe achrannacha céanna den teanga a chuireann mearbhall orainn ar fad, ábhar an taighde atá ar bun agam in Fiontar DCU. Go bunúsach, tá sé beartaithe agam bunachar nathanna a chruthú bunaithe ar nathanna a bhainfear as saothar an Athar Peadar Ua Laoghaire.

A bhuí leis sin, bhí an t-ádh liom páirt a ghlacadh i gcomórtas nua cumarsáide do mhic léinn taighde in DCU le déanaí – Tell it Straight: Translate your research for a new audience. Iarradh ar mhic léinn taighde san ollscoil a gcuid taighde agus an tionchar a mbeidh aige a chur in iúl don phobal ar bhealach gonta agus nuálach. Mheas mé go mbainfinn tairbhe as sin agus go mb’fhéidir go n-éireodh liom an babhta ceannais a bhaint amach. Bhí dhá bhabhta i gceist leis an gcomórtas seo – ar dtús b’éigean dom pits gearr a scríobh faoin taighde agus ansin roghnaíodh seisear (mise ina measc!) chun dul ar aghaidh chuig an mbabhta ceannais. Níor mhór don seisear againn ár dtaighde a chur i láthair do lucht éisteachta mhórphobal na hollscoile agus chuamar chun spairne le dúthracht agus le díograis.

Cuireadh réimse leathan taighde i láthair ar an lá agus bhí mic léinn ó scoileanna éagsúla na hollscoile ar fad i measc na n-iomaitheoirí eile – na heolaíochtaí bithleighis, an fhisic, an chumarsáid, an innealtóireacht leictreonaice agus Fiontar DCU, ar ndóigh! Triúr moltóirí seachtracha a bhí i láthair chun an breith deiridh a thabhairt agus na buaiteoirí a roghnú bunaithe ar shoiléireacht na teachtaireachta, tionchar an taighde, úsáid chuí na teicneolaíochta agus a oiriúnaí atá an taighde don phobal. N’fheadar arbh é an cur i láthair, an t-ábhar cainte é féin nó an é go raibh an t-ádh liom ar an lá, ach rug mé an bua liom. Ba dhóigh liom anois go bhfuil an taighde ar nathanna na Gaeilge bainte ón méar fhada agam agus beidh neart eile le cloisteáil ar an ábhar céanna amach anseo – tugaigí cluas dom, más é bhur dtoil é!

Mac léinn taighde in Fiontar, DCU, is ea Katie Ní Loingsigh, atá faoi stiúr an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín agus an Dr Brian Ó Raghallaigh. Déanann foireann Fiontar comhghairdeas le Katie ar an éacht seo a dhéanamh. Tá an cur i láthair a thug Katie sa Helix le feiceáil anseo:

Katie Ní Loingsigh (PDF)