Dúchas.ie, Fiontar

Dúchas.ie

Duchas.ie, taisclann nua de bhéaloideas na hÉireann, seolta go hoifigiúil ag Donncha Mac Fhionnlaoich TD, Aire Stáit, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag ócáid a tionóladh ag NovaUCD, an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD). Tá tuairim is 64,000 leathanach de bhéaloideas agus stair áitiúil lámhscríofa ag Duchas.ie faoi láthair, ábhar a thaifead leanaí scoile Éireannacha i mBaile Átha Cliath, Maigh Eo, Dún na nGall agus Port Láirge. Is cuid de Bhailiúchán Lámhscríbhinní na Scol é an t-ábhar bunaidh seo, a bhí digitithe do Duchas.ie i dtionscadal arna mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is éard atá san ábhar seo, ar cuid de Chnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD é, ná breis is 500,000 leathanach d’ábhar a thaifead tuairim is 50,000 leanbh scoile i níos mó ná 5,000 scoil i 26 chontae is rannpháirtí. D’fhógair an tAire Mac Fhionnlaoich €1.75 milliún i maoiniú nua ag an ócáid, á chur ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar le UCD. Bainfear úsáid as an maoiniú seo don phríomh chéim de Chnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú, an chuid eile d’ábhar Bhailiúchán Lámhscríbhinní na Scol san áireamh. Tabharfar deis tríd an tionscadal seo, le tacaíocht ó Oifig Leas-Uachtaráin na Nuálaíochta UCD, agus tríd an maoiniú breise, ábhar nua a chur le Duchas.ie ar bhonn céimnithe. Tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD ar cheann de na cnuasaigh béaloidis is mó ar domhan. Tá an Cnuasach comhdhéanta de ca. 2 mhilliún leathanach lámhscríbhinne, ca. 500,000 cárta innéacs, ca. 12,000 uair an chloig de thaifid fuaime, ca. 80,000 grianghraf agus ca. 1,000 uair an chloig d’ábhar físe.