Emer Ní Bhrádaigh Fiontar agus Enactus

Fiontraíocht Shóisialta

Déanann an Dr Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar, cur síos faoin Fhiontraíocht Shóisialta.

Chaith mé an tseachtain seo caite thall in Rhode Island, Stáit Aontaithe Mheiriceá ag freastal ar chomhdháil Ashoka U Changemaker Campus. Tugann sé ardú meanman dom i gcónaí am a chaitheamh le daoine eile atá ag plé le fiontraíocht shóisialta ar champais ollscoile.

Is éard atá i gceist le fiontraíocht shóisialta ná scileanna na fiontraíochta a úsáid le dul i ngleic le fadhb shóisialta éigin. Bíonn fiontraithe cruthaitheach agus nuálaíoch; tugann siad fadhbanna agus deiseanna faoi deara; oibríonn siad amach conas réiteach a fháil ar fhadhbanna; bíonn siad in ann daoine eile a mhealladh le cabhrú leo. Ceistíonn siad an status quo agus cruthaíonn siad eagraíochtaí nua le táirgí nó seirbhísí níos fearr a chur ar fáil. Uaireanta is táirgí nua ar nós Folláin nó seirbhísí nua ar nós SnapChat a bhíonn i gceist. Ach amanna eile is eagraíochtaí cultúir nó pobail iad ar nós Oidhreacht Chorca Dhuibhne  nó  Gaelchultír. Sin dhá eagraíocht atá ann le tamall, agus is céimí de chuid Fiontar, Darren Ó Roadaigh a chomhbhunaigh Gaelchultúr siar i 2005.

An rud a thugann sásamh ar leith domsa ná na fiontair shóisialta atá bunaithe ag mic léinn de chuid Fiontar mar chuid den BA Gnó agus Gaeilge. Anuraidh bhunaigh Liam Redmond HeadstARTS, eagraíocht a chuireann clubanna agus comórtais ealaíne ar fáil do dhaoine le míchumais intleachtúla.  An bhliain roimhe sin bhunaigh Daithí de Buitléir agus Rónán Ó Dálaigh RAG Ireland, cumann atá anois ag feidhmiú in 8 n-institiúid tríú leibhéal. Eagraíonn RAG imeachtaí tiomsaithe airgid (fundraising) ar champais ollscoile. Bhí Rónán i mbliain a dó nuair a bhunaigh siad RAG agus tar éis dó bliain a chaitheamh ar thaithí oibre in Unilever, tá sé ar ais i mbliain na céime anois agus ag tabhairt faoi phlean gnó do chúpla fiontar sóisialta a bhaineann le leabhair athláimhe agus le bia áitiúil. Mar a rinne Liam agus Daithí roimhe, tá Rónán ag obair ar an tionscadal sin mar chuid dá chéim agus mar chuid de chumann Enactus DCU. Seo comórtas idirnáisiúnta ina mbíonn deis ag mic léinn ollscoile fiontair shóisialta a bhunú agus a fhás, ag cruthú sochaí níos fearr dúinn ar fad. Bhuaigh foireann DCU, le fiontair Liam, Dhaithí agus Rónáin comórtas na hÉireann le dhá bhliain anuas, rud a thug muid go Washington in 2012 agus go Cancún in 2013.