Ó Chleamairí go Ceamaraí

COMHDHÁIL DRÁMAÍOCHTA AGUS TEILIFÍSE 2017 - Ó CHLEAMAIRÍ GO CEAMARAÍ

Beidh aisteoirí, drámadóirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus lucht léinn ag triall ar Champas na Naomh Uile, DCU, don chéad chomhdháil drámaíochta agus teilifíse ar an 17ú agus 18ú Feabhra. Déanfar plé ar dhrámaí do pháistí agus an drámaíocht san oideachas, i seisiúin le Marc Mac Lochlainn (Branar Drámaíochta), Celia de Fréine agus Darach Ó Tuairisg (Fibín). Léireofar an dráma do pháistí, Spraoi (dráma dátheangach i nGaeilge agus i gCatalóinis) freisin mar chuid d’imeachtaí na Comhdhála. Taispeánfar an chéad scannán Gaeilge Oidhche Sheanchais (1935) le Robert Flaherty, ina ndéantar scéal béaloidis a insint cois tine. Pléifidh an Dr Brian Ó Catháin (NUIM) agus an Dr Deirdre Ní Chonghaile (OÉG) cúlra agus tábhacht an scannáin seo, scannán a bhí imithe amú le seachtó bliain anuas, go dtí gur aimsíodh cóip i gcartlann Harvard, arú anuraidh. Beidh plé ar an drámaíocht chomhaimseartha freisin leis an léachtóir agus léiritheoir Marianne Kennedy (OÉG), an scríbhneoir agus stiúrthóir aitheanta Darach Mac Con Iomaire agus an t-aisteoir agus scríbhneoir Diarmuid de Faoite.

Déanfar beochraoladh freisin ón gcomhdháil ar phainéal díospóireachta ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta. Craolfar an Clár ‘Cormac ag a Cúig’, curtha i láthair ag Tristan Rosenstock, ar an Aoine 17ú Feabhra, 5.00-6.00, beo ón gcomhdháil. ‘Todhchaí TG4 – an chéad 20 bliain eile’ téama an chláir agus beidh Alan Esslemont (Ardstiúrthóir TG4), Seán Tadhg Ó Gairbhí (Tuairisc.ie), Niamh Ní Bhaoill (Sibéal Teo.) agus Seán Ó Cualáin (Sónta Teo.) ar an bpainéal. Beidh saorchead isteach ag an bpobal chuig an bpainéal seo ach ní mór clárú roimhré agus a bheith ann ag 4.45 ar a dhéanaí.

Beidh idir shean agus nua i gceist sna hábhair a phléifear, ó na healaíona béil traidisiúnta go todhchaí TG4 agus gach a bhaineann leis na taibhealaíona, ó chleamairí go ceamaraí.

Tuilleadh eolais agus clár iomlán ar an mblag! http://comhdhail.blogspot.ie