An suíomh nua
An suíomh nua

Suíomh nua dúchas.ie seolta

Suíomh nua dúchas.ie agus Bailiúchán Grianghraf seolta ag Joe McHugh T.D.

Sheol Príomh-Aire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., suíomh athdheartha dúchas.ie agus leagan digitithe de Bhailiúchán Grianghraf Chnuasach Bhéaloideas Éireann ag ócáid i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann aréir (Dé Máirt, an 26 Meán Fómhair).

Rinneadh suíomh nua a dhearadh le freastal ar na hacmhainní agus feidhmeanna breise a cuireadh le suíomh dúchas.ie ó seoladh den chéad uair ag deireadh 2013 é. Is é an Bailiúchán Grianghraf, a seoladh mar chuid den ócáid aréir, an acmhainn is déanaí a cuireadh leis an suíomh. Tá c.10,000 grianghraf ón gCnuasach digitithe, catalógaithe agus curtha ar fáil ar dúchas.ie.

Baineann cuid mhaith de na grianghraif le tús an fichiú haois agus tá grianghraif ann a thóg idir ghrianghrafadóirí gairmiúla, bhailitheoirí Choimisiún Béaloideasa Éireann agus dhaoine eile. Tá na grianghraif rangaithe de réir 14 ábhar a chlúdaíonn féilte, toibreacha beannaithe, lonnaíocht, an pobal, cluichí & caithimh aimsire agus bailiú an bhéaloidis, ar ndóigh. Tá obair an Choimisiúin le brath i ngrianghraif de scéalaithe mór le rá ar nós Seán Ó Conaill, Peig Sayers agus Tomás Ó Criomhthain. Chomh maith leis sin, tá bailiúchán breá grianghraf a thóg Michael J. Murphy le linn dó bheith ag bailiú béaloidis go háirithe i gCo. Aontroma, Ard Mhacha agus Lú. Cé gur fíor a rá go bhfuil béim ar leith ar shaol na tuaithe ní dhearnadh faillí i mbailte agus i gcathracha na tíre. Baineann formhór na ngrianghraf uirbeach le Baile Átha Cliath agus go háirithe le tionscnamh bailithe béaloidis a tharla i dtús na 1980idí. Tá taifead spéisiúil déanta de na daoine, de na háiteanna agus de ghnéithe éagsúla de shaol na hardchathrach.

Chomh maith leis sin, tá ábhar ó gach ceann de na 26 contae a ghlac páirt i Scéim na Scol in 1937-39 ar fáil ar an suíomh. Cuireadh tús le Meitheal Dúchas.ie in Earrach 2015, tionscadal tras-scríofa atá ar cheann de na tionscadal sluafhoinsithe is rathúla dá leithéid ar domhan. Bhí baill áirithe den Mheitheal ó Éirinn, Cheanada agus na Stáit Aontaithe i láthair ag an ócáid aréir.

Dúirt Joe McHugh T.D., ‘Tá an-áthas orm suíomh nua dúchas.ie a sheoladh inniu, mar aon leis an mbailiúchán is déanaí, an Bailiúchán Grianghraf. Chuir an chéad leagan de dúchas.ie ar chumas an phobail ar líne dul i ngleic le hoidhreacht na tíre seo trí scríbhinní pháistí scoile na 1930idí mar atá tiomsaithe i mBailiúchán na Scol. Nochtfaidh an leagan nua seo den suíomh, agus an Bailiúchán Grianghraf, radharc eile ar oidhreacht shaibhir ilghnéitheach na hÉireann agus na mílte grianghraf ó thréimhsí agus ó cheantair éagsúla le fáil go saoráideach trí na háiseanna brabhsála. Cuirfidh an bailiúchán nua seo le luach dúchas.ie mar acmhainn dhigiteach oidhreachta. Baintear úsáid, agus taitneamh, as an suíomh ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain agus táim cinnte go méadóidh ar an spéis agus ar an tacaíocht sin le seoladh Dúchas 2.0 anocht.’

Cuireann Éireannaigh agus lucht an diaspóra araon suim sa suíomh seo. Tá líon mór úsáideoirí lonnaithe sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus i gCeanada, i measc neart tíortha eile. Is áis iontach é dúchas.ie dóibh siúd a chuireann suim i léann an bhéaloidis, sa stair áitiúil, sa tseandálaíocht, i gcúrsaí ginealais, sa teangeolaíocht agus i mórán réimsí taighde eile. Is féidir an bailiúchán a chuardach de réir áiteanna, de réir daoine agus de réir topaicí, agus tá ábhar ann ó nach mór gach paróiste sa tír.

Is toradh é dúchas.ie ar chomhpháirtíocht a cuireadh ar bun in 2012 idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD, ceann de na cnuasaigh béaloidis is mó ar domhan, Leabharlann Dhigiteach UCD agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, aonad teagaisc agus taighde trí mheán na Gaeilge in DCU. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal bailiúcháin uile Chnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal ar líne. Tá an tionscadal á chómhaoiniú ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta, agus ag Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath le cabhair airgeadais ó Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann.