Póstaer
Comórtas Scáthán 2018

Comórtas Scríbhneoireachta: Scáthán 2018

COMÓRTAS SCRÍBHNEOIREACHTA: SCÁTHÁN 2018, Iris Ghaeilge DCU.

Comórtas nua ar bun do mhic léinn uile na hollscoile. Bígí ag machnamh agus ag scríobh idir seo agus an spriocdháta, 16 Feabhra 2018. Foilseofar scéalta, ailt, dánta agus iarratais eile den scoth san iris ar líne, Scáthán.

Má tá tuilleadh eolais uait, cuir teachtaireacht chuig: iris.scathan@dcu.ie

TREOIR DO NA hIARRATAIS i nGACH RANNÓG:

Aidhm an chomórtais ná mic léinn a spreagadh le scríobh i nGaeilge agus aitheantas a thabhairt do na scéalta, ailt agus dánta is fearr. Is éard is gá sna duais-iarrachtaí ná smaointe nó tuiscintí úra; ábhar sainiúil, nua-scríofa; forbairt agus snas ar an stíl; agus pléisiúr don léitheoir.

 Scéal nó dánta do pháistí  (líon focal: 150 – 1,000 sa scéal; nó trí dhán ar a laghad)

  • Scéal nó dánta do pháistí in aon aoisghrúpa idir 2 – 12 bliana.

  • Fáilte roimh phictiúir a ghabhann leis an scéal nó leis na dánta; agus sa chás sin, beidh aitheantas ag dul don ealaíontóir freisin. Ach ní riachtanas é pictiúir a sholáthar.

Filíocht  (Níl líon áirithe focal ná línte leagtha síos)

  • Dán nó dánta ar ábhar ar bith.

  • Beifear ag súil le saothar ealaíonta, snasta a thagann ón gcroí agus ón intleacht.

Ficsean do léitheoirí fásta  (líon focal: 800 – 1,200)

  • Gearrscéal, splancfhicsean nó prós cruthaitheach de chineál eile do léitheoirí fásta.

  • Fáilteofar roimh gach sórt téama: mar shampla, grá, coimhlintí pearsanta, ficsean staire, bleachtaireacht nó eile.

Iriseoireacht nó Neamhfhicsean  (líon focal: 800 – 1,200)

  • Alt a d’fhéadfaí a fhoilsiú i nuachtán nó ar shuíomh idirlín iriseoireachta.

  • Fáilteofar roimh réimse leathan ábhar: mar shampla, conspóid polaitíochta, iniúchadh ar cheist reatha, coimhlint idirnáisiúnta, gné-alt ar imeachtaí ceoil, siamsaíochta, faisin nó spóirt, cuntas taistil, taithí saoil nó beathaisnéise, léargas ar shaol duine ar leith.